15 uair an chloig ar thraenacha ach ní bheidh ‘náire aerthaistil’ anocht orm…

Chaith ár gcolúnaí 15 uair an chloig ar thraenacha (seachas 3 uaire ar eitleán) d’fhonn aschur carbóin 227kg a shábháil

15 uair an chloig ar thraenacha ach ní bheidh ‘náire aerthaistil’ anocht orm…

Tá an-trácht le tamall anuas i mo thír dhúchais, an Ísiltír, ar fheiniméan síceolaíoch nua: ‘vliegschaamte’. ‘Náire aerthaistil’ an Ghaeilge a bheadh air sin. Is éard is cúis leis an gcineál áirithe seo náire ná an tuiscint nach bhfuil sé ceart go leor, sa lá atá inniu ann agus an domhan i mbaol ó athrú aeráide, an t-eitleán a úsáid nuair nach bhfuil géarghá leis.

Nuair a theastaigh ó mo dheirfiúr, a bhfuil cónaí uirthi i gcathair Amsterdam, a clann a thabhairt go cathair Vín um Nollaig, dhiúltaigh mo nia agus mo neachtanna dul mura dtógfaidís an traein – agus ba ar an traein a chuaigh an teaghlach ar fad go Vín.

Tá an t-alt seo ag teacht chugat ó thuaisceart na Spáinne. Tá mé ar thraein ardluais dhá stór ó Barcelona go Páras, ag réabadh liom i ndiaidh mo chúil i dtreo theorainn na Fraince. Tríd an bhfuinneog, tá radharc agam ar shléibhte na bPiréiní. Tá caipín sneachta orthu.

Is iomaí uair cheana a chonaic mé na sléibhte céanna, ach anuas as eitleán a d’fheicinn iad. Uair sa bhliain, cuirim díom an t-aistear idir an Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, agus an Eoraip, mar a bhfuil cónaí ar mo ghaolta agus cuid mhór cairde. Ní féidir an t-aistear trasna an Atlantaigh a dhéanamh ar bhád a thuilleadh agus ar an gcúis sin ní raibh rogha agam ach an t-eitleán a thógáil don chuid sin den turas. Ach in ionad eitleán a thógáil ón mBrasaíl go Liospóin nó Madrid agus eitleán eile a thógáil as sin go dtí an Ísiltír, mar a dhéanainn de ghnáth, shocraigh mé an turas ó Madrid go hAmsterdam a dhéanamh ar an traein. Bhí an costas céanna ar na ticéid traenach agus a bheadh ar thicéad eitleáin, agus bhí sé furasta iad a chur in áirithe (ar www.loco2.com).

Ar ndóigh, ní thógfadh an turas sin ach 3 uair an chloig ar eitleán, agus tógfaidh sé 15 uair an chloig ar thraenacha ardluais – gan an t-am feithimh sna stáisiúin a chur san áireamh. Ach ag breathnú ar an tírdhreach ní mhothaím an t-am ag dul thart; faoin am seo tá an traein ar a bhfuil an t-alt seo á scríobh agam sa Fhrainc agus ag réabadh léi soir ó thuaidh trí riasca an Camargue. Murab ionann agus ar eitleán is féidir liom dul ar shiúlóidín trí na carráistí, is féidir liom espresso blasta a ól i gcarráiste an chaifé agus is féidir liom glaonna fóin a dhéanamh agus WIFI a úsáid. Os a chionn sin ar fad, sábhálfaidh an turas traenach seo aschur carbóin 227 kg, agus sábhálfaidh mé an méid céanna ar an mbealach ar ais. 

Ach sábhálfaidh mé rud eile lena chois: an meas atá orm féin agam mar dhuine. Tabhair saoithín aeráide orm, seanmóirí timpeallachta, áiféiseoir atá ag déanamh mórtais faoi rud chomh fánach le turas traenach. Ach codlóidh mé go sámh anocht, gan náire aerthaistil ag teacht idir mé agus codladh na hoíche. Ní bheidh sí ar an mbean óg a bhí sa suíochán in aice liom, a bhí ag taisteal ó Barcelona go Londain, ná ar an mbeirt chailíní ar an taobh thall den phasáiste, a bhí ag taisteal ó Barcelona go Frankfurt, ach an oiread.

Faraor, beidh sí orm i gceann coicíse nuair a bheidh cuairt sciobtha á tabhairt agam ar Éirinn. Bhí mé ag iarraidh an turas sin a dhéanamh gan dul ar eitleán freisin, ach tá amanta na mbád as Baile Átha Cliath a cheanglaíonn leis an traein as Caergybi go Londain chomh ciotach sin go gcaithfeadh duine nach mbeadh cónaí air i mBaile Átha Cliath airgead mór a chaitheamh ar óstán chun an oíche a chaitheamh san ardchathair, gar don chalafort. San iomlán, chosnódh an turas ar an mbád agus ar an traein a thrí oiread orm agus a chosnódh ticéad eitleáin, agus shocraigh mé ticéad eitleán a cheannach. Saoithín aeráide mé – ach níl mé as mo mheabhair.

Fág freagra ar '15 uair an chloig ar thraenacha ach ní bheidh ‘náire aerthaistil’ anocht orm…'

  • Pádraig

    Rinne an traein an turas agus rinne an t-eitleán an turas. Ní thuigim an dóigh ar shábháladh aschur cardóin de 227kg.