14 bliain ó iarradh scéim teanga ar na HSE dealraíonn sé nach mbeidh aon cheann go deo acu

Sa bhliain 2007 a threoraigh Aire Gaeltachta na linne sin don HSE scéim teanga a ullmhú ach níl aon scéim curtha i bhfeidhm fós agus ráineodh nach bhfeicfear a leithéid go deo anois, a deir Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

14 bliain ó iarradh scéim teanga ar na HSE dealraíonn sé nach mbeidh aon cheann go deo acu

Tá an chuma ar an scéal nach mbeidh aon scéim teanga go deo ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a deir Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, go raibh an baol ann go bhfágfadh “moilleadóireacht” an HSE go mbeidh deireadh curtha le córas na scéimeanna teanga sula mbeidh a gcéad scéim aontaithe acu.

14 bliain ó shin, sa bhliain 2007, a threoraigh Aire Gaeltachta na linne sin don Fheidhmeannacht scéim teanga a ullmhú ach níl a leithéid curtha i bhfeidhm fós ag an bhFeidhmeannacht Sláinte.

Ráineodh nach bhfeicfear a leithéid go deo anois, dar le Ó Snodaigh.

Deirtear i mbille teanga nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Faoin mbille teanga nua, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí, ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné nach léir go bhfuil dualgas reachtúil ar an bhFeidhmeannacht i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoina bhráid mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós.

Thug Ó Domhnaill le fios go raibh scéim teanga daingnithe ag Limistéar an Iarthair den Fheidhmeannacht ó 2005, ach gur chuir a oifig in iúl do Thithe an Oireachtais sa bhliain 2011 go raibh teipthe ar an eagraíocht sláinte an scéim sin a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar '14 bliain ó iarradh scéim teanga ar na HSE dealraíonn sé nach mbeidh aon cheann go deo acu'