1,386 cás eile den víreas deimhnithe, rabhadh tugtha faoi scaipeadh mí-eolais faoi vacsaíní

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET inniu gurb amhlaidh atá daoine ‘ag dul róghar dá chéile’ is go gcaithfí a bheith cúramach ‘gan ligean don víreas dul ó smacht’

1,386 cás eile den víreas deimhnithe, rabhadh tugtha faoi scaipeadh mí-eolais faoi vacsaíní

1,386 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 106 othar atá buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin agus 22 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

1,300 cás eile a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus dúirt siad go raibh duine amháin eile a raibh an galar orthu tar éis bháis.

163 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 16 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn tráthnóna go raibh eolas á scaipeadh ar líne faoi vacsaíní a bhí bréagach agus go raibh daoine á gcur amú aige. D’fhéadfadh an uile dhuine cabhrú le cosc a chur ar scaipeadh an mhí-eolais seo, a dúirt sé.

“Cuimhnigh, ní féidir brath ar gach postáil ar na meáin shóisialta ná ní bhíonn gach ceann acu cruinn – má bhíonn aon amhras ort, ná roinn é,” arsa an Dr Glynn.

Tá tairseach nó suíomh idirlín nua ar fáil le go bhféadfaidh daoine a bhfuil an Covid-19 curtha díobh acu iarratas a dhéanamh ar Theastas Téarnaimh. Laghdóidh sé seo an brú ollmhór atá ar an líne chabhrach do dhaoine atá ag lorg Teastas Digiteach Covid faoi dheifir. I mBéarla atá sé agus is féidir teacht air ag – Recovery Certificate Portal.

Má tholg tú an víreas aon am idir sé mhí agus 11 lá ó shin féadfaidh tú foirm a líonadh ar líne chun Teastas Téarnaimh a fháil má bhí toradh dearfach agat ar thástáil RT-PCR sa tréimhse sin.

Aon duine atá ag triall thar sáile taobh istigh de dheich lá agus a bhfuil trioblóid acu leis an Teastas Digiteach ba chóir dóibh glaoch ar an líne ar leith, 1800 807 008 – +353 76 888 5513.

Tar éis a cuid taighde is tástálacha, tá a beannacht tugtha ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) d’úsáid vacsaín Moderna do dhéagóirí idir 12-17 bliain. D’fháiltigh Cathaoirleach Thascfhórsa an Covid, an tOllamh Brian MacCraith, roimh an gcinneadh sin agus dúirt gur mhór an chabhair sin chun scaipeadh an ghalair a chosc agus daoine atá leochaileach a chosaint.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Choiste Comhairleach Eipidéimeolaíochta NPHET gur dóigh leis gurb amhlaidh “atá daoine ag dul róghar dá chéile”.

Dúirt sé ar maidin ar RTÉ ar an gclár Morning Ireland, go gcaithfí a bheith cúramach agus “gan ligean don víreas seo dul ó smacht”.

Fág freagra ar '1,386 cás eile den víreas deimhnithe, rabhadh tugtha faoi scaipeadh mí-eolais faoi vacsaíní'