100 bliain ó cuireadh tús leis ‘An Fáinne’ an ‘comhartha faoi leith’ go raibh duine sásta Gaeilge a labhairt

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, shocraigh baill Chonradh na Gaeilge eagras nua a bhunú a gcaithfeadh a bhaill ‘comhartha faoi leith’ a chuirfeadh in iúl go raibh dearbhú tugtha acu gur i nGaeilge amháin a labhróidís le cainteoirí eile Gaeilge

100 bliain ó cuireadh tús leis ‘An Fáinne’ an ‘comhartha faoi leith’ go raibh duine sásta Gaeilge a labhairt

Fáinne

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin tháinig grúpa Gaeilgeoirí le chéile in 18 Sráid Ghort an Arbhair i mBaile Átha Cliath, céad slat nó mar sin ón áit a bhfuil oifigí an Ghúim agus an Fhoclóra Nua sa lá atá inniu ann, agus cuireadh eagraíocht nua ar bun a dhéanfadh “meath na Gaeilge a chosc” – An Fáinne.

Ba é Piaras Béaslaí, a throid in Éirí Amach na Cásca cúpla mí i ndiaidh an chruinnithe ar 17 Feabhra 1916, a bhí ina chathaoirleach ar an díospóireacht ar an oíche. Scríobhadh tuairisc faoin gcruinniú agus faoi bhunú an Fháinne sa Chlaidheamh Soluis dhá lá ina dhiaidh.

“Mhínigh Piaras cad a theastaigh chun meath na Gaeilge a chosc .i. gach duine a bhfuil Gaeilge aige a chur faoi gheasa gan ach Gaeilge a labhairt le haon duine a mbeadh a gcosúil sin de gheasa air.

“Aontaíodh gur gá sórt cumann nó cuallachta a chur ar bun chun na hoibre a bhainfeadh leis na daoine a chur faoi na geasa sin agus cuireadh agus tar éis mórán díospóireachta aontaíodh “An Fáinne” a thabhairt mar ainm ar an gcumann,” a scríobhadh sa Chlaidheamh.

Dar leis an tuairisc, ba “ar chomhairle Dhiarmuda Uí hÉigceartuigh” a tugadh ‘An Fáinne’ ar an eagraíocht. Ghlac Ó hÉigceartuigh páirt cheannasach san Éirí Amach freisin, faoi Fhionán Ó Loinsigh, a bhí lonnaithe ar Shráid Thuaidh an Rí. Bhí an Loinseach i láthair ag cruinniú bunaithe an Fháinne freisin. Dlúthchara le Ó hÉigceartuigh a bhí i Mícheál Ó Coileáin, a sheas leis ag a bhainis, agus bhí sé ina phríomhchléireach sa Chéad Dáil. Bhí sé in éineacht leis an gCoileánach nuair a chuaigh sé anonn go Sasana aimsir an Chonartha Angla-Éireannaigh.

Socraíodh go mbeadh ar bhaill an Fháinne ‘dearbhú’ a dhéanamh nach labhródh siad “ach Gaeilge le haon duine eile de lucht an Fháinne, ach amháin nuair a bheidh gá éigin faoi leith leis’ agus an dearbhú sin a dhéanamh i láthair beirt fhinné.

Rinneadh a raibh i láthair ag an gcruinniú an dearbhú a thabhairt, ina measc: Liam Ó Rinn; a chuir Gaeilge ar ‘The Soldiers’ Song’; Gearóid Ó Súilleabháin, a chroch trídhathach na hÉireann os cionn Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916; Gilbert Mac an Bhaird, a chuaigh go Meiriceá le de Valera i 1919 agus a bhí ina stiúrthóir ar Arramara Teo; Máire Ní Raghallaigh, a d’oscail an chéad siopa leabhar Gaeilge; Máirtín Ó Conalláin, a mhol go mbeadh sé de chúram ar an gConradh ‘náisiún Gaelach neamhspleách a dhéanamh d’Éirinn, saor ó gach ceannsmacht Gallda’ ag Ard-Fheis an Chonartha 1915; Mícheál Ó Loinsigh, a throid san Éirí Amach freisin agus a bhí ar an gcéad duine a fostaíodh i Rannóg an Aistriúcháin; agus Diarmuid Ó Cruadhlaoich, a bhí breitheamh i cúirt chuarda na Poblachta le linn Chogadh na Saoirse.

Toghadh ‘Comhairle an Fháinne’ óna raibh i láthair agus aontaíodh go mbeadh “comhartha faoi leith” ag lucht an Fháinne le caitheamh. Ba é Piaras Béaslaí a toghadh ina uachtarán ar an gcomhairle agus Peadar Mac Fhionnlaoich, a scríobhadh go minic faoin ainm ‘Cú Uladh’ ina leas-uachtarán.

Iarradh scilling an duine ó lucht an fháinne “chun go bhféadfar na comharthaí a chur á ndéanamh láithreach agus chun mioncostaisí a dhíol”. Tuigtear gurbh é Tadhg Ó Scannail a mhol go mbeadh fáinne ór mar chomhartha ag an eagraíocht agus gur aige féin a bhí an chéad fháinne riamh.

Fág freagra ar '100 bliain ó cuireadh tús leis ‘An Fáinne’ an ‘comhartha faoi leith’ go raibh duine sásta Gaeilge a labhairt'

  • Glór Í Eo

    Éinne amuigh ansin ar mhaith leo cabhrú chun suaitheantais nua feiceálach, taitneamhach a cruthú ina mbeadh na 3 leibhéal difriúla, ó chúpla focal go líofa, soiléir d ’éinne. An suaitheantas seo a fhógairt agus a spreagadh i measc na comhlachtaí móra siopadóireachta srl agus i measc an ghnáth phobail chomh maith. Ní mór dearadh snasta, bríomhar a dhéanamh cosúil leis an “Tá”. Dearathóirí? Díoltóirí? Tá mise sásta íoc as cuid dhó ar a laghad. Dearg le díograis!