10% d’achtanna foilsithe i nGaeilge, deacrachtaí móra ag Tithe an Oireachtais teacht ar aistritheoirí

Dúirt Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna go raibh sé ‘in éad’ le hinstitiúidí an AE mar gheall ar an rath a bhí orthu ag mealladh aistritheoirí cáilithe

10% d’achtanna foilsithe i nGaeilge, deacrachtaí móra ag Tithe an Oireachtais teacht ar aistritheoirí

Peter Finnegan

Níl foilsithe i nGaeilge go dtí seo ach 10% den 511 acht a ndúirt an Ard-Chúirt in 2019 go gcaithfí leaganacha Gaeilge díobh a chur ar fáil.

Dúradh san Ard-Chúirt in 2019 gur gá breis is 500 acht a aistriú go Gaeilge agus cé go bhfuil sin déanta anois níl foilsithe ach an deichiú cuid de na leaganacha Gaeilge.

De réir figiúirí nua ó Thithe an Oireachtais, tá 45% de na hachtanna atá aistrithe anois ag céim na heagarthóireachta agus tá 45% díobh ag céim na profléitheoireachta.

An sprioc atá ann ná go mbeadh na hachtanna go léir foilsithe faoi lár 2024.

Dúirt Peter Finnegan, Cléireach na Dála agus Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais, inniu, áfach, “nach raibh aon amhras ann” ach gur “dúshlán an-mhór” a bheadh ansin.

B’amhlaidh an scéal mar gheall ar na deacrachtaí móra a bhaineann le teacht ar aistritheoirí cáilithe, a dúirt Cléireach na Dála ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Le trí bliana anuas, bhí ocht gcomórtas d’aistritheoirí cáilithe ag Tithe an Oireachtais ach níor éirigh leo ach duine amháin eile a chur leis an bhfoireann.

Dúirt Cléireach na Dála gur 39 duine a theastaigh chun tabhairt faoin obair atá le déanamh, 14 duine breise.

Dúirt Cléireach na Dála go raibh baint mhór ag an éileamh atá ag an AE ar aistritheoirí Gaeilge leis na deacrachtaí a bhí ag Tithe an Oireachtais teacht ar dhaoine cáilithe.

I mí Aibreáin 2018 chuir 48 duine isteach ar chomórtas d’aistritheoirí a bhí ag Tithe an Oireachtais ach níor chuir ach seachtar isteach ar an gcomórtas is déanaí a bhí acu.

Ba ghéire an iomaíocht ón AE, a dúirt Cléireach na Dála, ó cinneadh aistritheoirí a earcú a mbeadh an rogha acu a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.

“Ní féidir linn dul i gcomórtas leis na téarmaí agus na coinníollacha atá ar fáil ó institiúidí an AE,” a dúirt Peter Finnegan, Cléireach na Dála.

Thug sé fios go raibh cead faighte ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe pá níos mó a íoc le haistritheoirí nua agus bhí súil aige go gcabhródh sin le Tithe an Oireachtais daoine a mhealladh.

“Bhí deacrachtaí móra againn poist le haghaidh aistritheoirí agus ateangairí a líonadh. Is díomách an toradh a bhí ar chomórtais earcaíochta iomadúla. Ghéaraigh ar an iomaíocht le déanaí nuair a rinne institiúidí AE cinneadh comhaltaí foirne a fhostú a bheadh lonnaithe in Éirinn,” a dúirt Peter Finnegan, Cléireach na Dála agus Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais.

Vivian Uibh Eachach

Dúirt Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, chomh maith gur dúshlán mór a bhí san iomaíocht ón AE d’aistritheoirí líofa.

Dúirt Vivian Uíbh Eachach go raibh an tAontas Eorpach le moladh as cé chomh “éifeachtach” is a bhí siad i mbun earcaíochta agus go bhféadfaí foghlaim uathu.

“Nílim á gcáineadh ach táim go mór in éad leo,” a dúirt an Príomh-Aistritheoir.

Dúirt se go mbíodh “páirc chothrom oibre ann go dtí seo” mar go mbíodh ar dhuine bogadh chun na hEorpa chun dul ag obair don AE ach gur fhág an cinneadh aistritheoirí a lonnú i gcontae na Mí buntáiste eile ag an Aontas.

Maidir le cúrsaí pá, dúirt sé go dtosaíonn aistritheoirí Gaeilge an AE ag leibhéal a thógfadh sé bliana ar aistritheoir i dTithe an Oireachtais a bhaint amach.

Dúirt an Príomh-Aistritheoir nach raibh “aon slí” go bhféadfaí cur síos “dearfach” a dhéanamh ar an ualach mór achtanna a bhí fós le foilsiú i nGaeilge.

Mar sin féin, bhí dul chun cinn á dhéanamh agus bhíothas ag súil le feabhas ó thaobh cheist na hearcaíochta, a dúirt Vivian Uíbh Eachach.

Dúirt ionadaithe Thithe an Oireachtais le baill an Choiste Gaeilge go mbeadh sé mar sprioc sa chéad phlean eile a bheadh acu (do 2022-2024) go mbeadh parlaimint dhátheangach cheart in Éirinn.

Fág freagra ar '10% d’achtanna foilsithe i nGaeilge, deacrachtaí móra ag Tithe an Oireachtais teacht ar aistritheoirí'

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le freagra an chléirigh , an tUasal Peter Finnegan; “Ní féidir linn dul i gcomórtas leis na téarmaí agus na coinníollacha atá ar fáil ó institiúidí an AE,”

    Is féidir le Rialtas na hÉireann dul i gcomórtas leis na téarmaí agus na coinníollacha atá ar fáil ó institiúidí an AE, agus tá sé de dhualgas ar an rialtas tuarastal iomaíoch a thairiscint chun na folúntais sin a líonadh.

    B’fhéidir go bhfuil sé thar am an obair seo a chur amach ar thairiscintí iomaíocha agus an deis a thabhairt don earnáil phríobháideach!