Vóta faoin bpósadh comhghnéis i Stormont. Ceist ‘uaithne in aghaidh oráiste’?

Bhí bua siombalach ag an bpósadh comhghnéis i Stormont ach fágfar faoi na cúirteanna é an chéist a réiteach

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Ba é an cúigiú hiarracht é chun tacaíocht an Tionóil i Stormont a fháil don phósadh comhghnéis i dTuaisceart Éireann. Den chéad uair bhí móramh i bhfabhar an rúin, le farasbarr d’aon vóta amháin. Ar ndóigh, níor bhua é i ndáiríre mar bhain an DUP leas as an veto, an achainí chásmhaireachta chun a chinntiú nach nglacfaí leis an moladh go n-ullmhófaí reachtaíocht don phósadh comhghnéis. Ní ghlacfadh an DUP leis dubh, bán ná riabhach gur ceist chomhionannais í seo ach is gearr go bpléifear an t-ábhar ar bhonn cearta sna cúirteanna.

Cloch mhíle agus bua mórálta ab ea é tacaíocht an mhóraimh a fháil, dar le lucht molta an rúin, an SDLP agus Sinn Féin. Ní ceist uaithne in aghaidh oráiste í seo, dar le Colum Eastwood, an Teachta Tionóil a chuir ceann leis an díospóireacht. Níorbh é sin an chosúlacht a bhí ar an vótáil, áfach. Bhí an deighilt idir náisiúnaithe agus aontachtaithe follasach.

53 teachta a bhí i bhfabhar – ó Shinn Féin, an SDLP, Alliance, an Comhaontas Glas agus dornán Aontachach. Bhí 52 ina éadan, aontachtaithe agus ball amháin den Alliance san áireamh. Bhí 100% de na náisiúnaithe ar shon an phósta chomhghnéis – 41 acu. Níl vóta ag an gceann comhairle agus bhí Alban Maginness, an SDLP, atá i gcoinne an mholta, as láthair.

Thacaigh seachtar d’ochtar Teachta an Alliance leis an rún, chomh maith le hionadaí aonair an Chomhaontais Ghlais. Ar an láimh eile, vótáil ceathrar teachta aontachtach i bhfabhar an rúin, sin ceathrar as 56 aontachtach – beirt neamhspleách, ball aonair NI21 agus teachta nua de chuid an UUP. Bhí an DUP ar fad i gcoinne an rúin, mar a bhí an TUV, UKIP agus bunáite an UUP; staon Mike Nesbitt, ceannaire an UUP.

Leathbhliain ó shin, nuair a theip ar an tríú hiarracht chun tacaíocht an Tionóil a fháil don phósadh comhghnéis, bhí an díospóireacht teasaí, giorraisc. Bhí an trasnaíl beagán níos cuirtéisí an t-am seo agus ba léir go raibh machnamh déanta ag roinnt ionadaithe ar an gceist le tamall anuas. Labhair Trevor Lunn ón Alliance faoina aistear féin agus conas a d’athraigh sé a intinn – vótáil sé leis an bhfreasúra cheana ach feictear dó anois gur ceist chomhionannais é an pósadh comhghnéis. Bhí ionadaithe eile as láthair gan míniú an uair dheiridh ach bhíodar i láthair an t-am seo agus ag vótáil i bhfábhar an rúin.

Gan dabht, chuaigh an reifreann agus an feachtas ó dheas i gcion ar dhaoine ach seans go bhfuil an tionchar níos follasaí i measc an phobail ná mar atá i Stormont. De reir an tsuirbhé is deireannaí, tá 68% i bhfabhar an phósta comhghnéis, méadú ó 59% le dhá bhliain. Is sa tréimhse sin freisin a glacadh le pósadh comhghnéis sa Bhreatain Mhór.

Rinne an DUP agus an TUV beag is fiú de na hargóintí faoi chearta pósta atá ag daoine aeracha sa chuid eile den Ríocht Aontaithe agus sa chuid eile d’Éirinn a bheith á gceilt ar dhaoine i dTuaisceart Éireann. Chuir sé alltacht ar a gcéilí comhraic gur bhain an DUP leas as an achainí chásmhaireachta, arís, in aghaidh mionlaigh; mí-úsáid cumhachta dar le Sinn Féin agus an SDLP.

Luath nó mall, caithfear úsáid nó mí-úsaid an veto a shrianadh, má mhaireann an Feidhmeannas. Tá sé d’ádh ar dhaoine, áfach, nach ar pholaiteoirí amháin atá siad ag brath chun a gcearta a chosaint. I bhfianiase chur chuige an DUP, ní hiontas go bhfuil na ceisteanna seo le cur faoi bhráid cúirte.

Tá cás ar liosta na hArdchúirte don tseachtain seo chugainn i leith pósadh nach bhfaigheann aitheantas oifigiúil abhus; phós an lánúin sa Bhreatain Mhór agus tá siad ag éileamh go nglacfaí leis an bpósadh sin i dTuaisceart Éireann. Tá cás cúirte eile ar na bacáin freisin ag déileáil le cearta pósta comhghnéis ar bhonn níos fairsinge.

Ní maise ar an bpolaitíocht é an saoránach a fhágáil i muinín na cúirte cheal gnímh nó reachtaíochta uathu sin atá i gceannas. Seans go gcaithfidh an DUP a aithint gur chaithréim Phiorrach é a bheith in ann toil an Tionóil (mas le móramh beag bídeach féin é) a chur ar neamhní.

 

Fág freagra ar 'Vóta faoin bpósadh comhghnéis i Stormont. Ceist ‘uaithne in aghaidh oráiste’?'

  • Liam Ó hAlmhain

    Ní ceist “uaithne in aghaidh óráiste, ach pagánachas / liobrálachas in aghaidh réasún agus Credimh.

    • R. Seathrún Mac Éin

      Aontaím leat cuid mhaith, a Liam! Is cinnte go bhfuil teagasc traidisiúnta na gCríostaithe – is cuma an Caitlicigh nó Protastúnaigh iad – glan in aghaidh an phósadh comhghnéis seo. agus go dtuigeann diagairí na nEaglaisí éagsúla gur ón mBíobla a tháinig an teagasc sin. I Leabhar Léivític (Leviticus) caib. 18 véarsa 22 léitear: “Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil” – agus níl ansin ach sliocht amháin de na sleachta as an Scríbhinn Diaga a bhfuil an teagasc sin bunaithe orthu. (Is fiú a lua gur focal an-láidir san Eabhrais ar “gráiniúil” atá in úsáid sa bhunleagan anseo – an focal is láidre den sort.)
      Ní ceist “uaithne agus oráiste” í mar sin ach daoine atá eolach ar an mBíobla – agus ar cás leo a theagasc – ar thaobh amháin agus daoine nach bhfuil eolach ar an mBíobla nó ar cuma leo faoin teagasc ann ar an taobh eile. Is trua chráite go bhfuil an oiread sin Náisiúnach i measc lucht an aineolais agus na míchráifeachta!

  • Pól Réamonn

    Tuigim anois cad a chiallaíonn na litreacha “DUP” (Democratically Unsuitable Party).