Tuairisc bheo: ‘Géarchéim na Gaeltachta’ á plé i dTithe an Oireachtais

Seo tuairisciú beo ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais agus an Dr Brian Ó Curnáin agus an Dr Conchúr Ó Giollagáin i láthair mar aoichainteoirí

Tuairisc bheo: ‘Géarchéim na Gaeltachta’ á plé i dTithe an Oireachtais

Screen Shot 2016-10-18 at 19.11.51

19.11 A buíochas curtha in iúl do na haoichainteoirí ag Cathaoirleach an Choiste Catherine Connolly agus í den tuairim go raibh a gcuid cainte dóchasach seachas duairc. Deireadh curtha leis an gcruinniú.


19.10 Níl aon mheánscoil i gConamara a bhféadfá do ghasúir a chur ann agus brath air gur Gaeilge amháin a bheadh acu, a deir Brian Ó Curnáin. Teastaíonn níos mó oibrithe le Gaeilge sa státchóras “lánstad”, a deir sé.


19.08 Ó Giollagáin: “Tá fabht ar Acht na Gaeltachta. Déarfainn go bhfuil fabht bunúsach ar Acht na Gaeltachta. Tá siad ag déileáil leis an nGaeltacht amhail is gur foghlaimeoirí atá sna pobail sin. Acht na dTeangacha Oifigiúla – ní mór pobal a bheith agat le cosaint a thabhairt don phobal sin…an bhfuil muid dáiríre dul a chosaint cearta teanga foghlaimeoirí nuair atá géarchéim sa Ghaeltacht?”


19.05 Conchúr Ó Giollagáin: “Tá éigeandáil ann, cén fáth a bhfuil próiseas an stáit chomh mall?…Dá mbeadh ceannaireacht ann bheadh sé i bhfad níos éasca teacht ar chóras ciallmhar.”


19.04 Ní airíonn Béarlóirí na hÉireann ná cainteoirí mórtheangacha go bhfuil 5,000 teanga ag fáil bháis, an Ghaeilge ina measc, a deir Ó Curnáin.


19.02 “Tá muide an-eisceachtúil mar stát atá ag tabhairt aire do theanga atá ag fáil bháis. Tá mionteangacha eile atá i bhfad níos measa as,” a deir Ó Curnáin.


18.57 100 bliain den phleanáil teanga againn in Éirinn agus airíonn an duine Gaelach sa Ghaeltacht “lag” sa chomhthéacs sóisialta agus tá an méid sin “nádúrtha” mar níl siad cinnte cén tacaíocht atá acu “ó láthair na cumhachta”, a deir Ó Giollagáin.


18.52 Ó Muineacháin ag caint faoi oibrithe deonacha sa Ghaeltacht agus an obair atá ar bun acu sin. Tá Ó Giollagáin ag caint faoin stát, a deir sé féin. “Na Gaeil sa Ghaeltacht, is saoránaigh de chuid na hÉireann iad, agus tá dualgas ar an stát freastal orthu,” a deir sé.


Screen Shot 2016-10-18 at 18.48.58

18.47 Tá Aindrias Ó Muineacháin as Gaeltacht Chorcaí ag labhairt anois.


18.45 “Aontaím le cuid de na moltaí atá déanta agaibh agus ní aontaím le cuid eile,” a deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. “Ach an cheist, an bhfuil an Ghaeltacht ag obair? Tá sí ag obair san earnáil dheonach, tá an tÚdarás ag déanamh jab maith, tá eagraíochtaí eile ag déanamh jab maith, ach an bhfuil siad ag déanamh an jab is fearr leis na hacmhainní atá acu? Níl a fhios agam,” a deir sé.


18.41 Tá na forais Ghaeltachta “as dáta” anois, a deir Ó Giollagáin. Tá an iomarca “amaitéarachais” againn ag plé leis na ceisteanna seo nuair atá “cúnamh proifisiúnta ón stát ag teastáil ón Stát”.


18.39 Is fiú a bheith ag breathnú ar chórais éagsúla, a deir Ó Giollagáin, agus é ag caint faoin mBreatain Bheag, ach tá ceisteanna eile le cíoradh anseo in Éirinn.


18.37 “Conas is féidir linn daoine óga a choinneáil sa Ghaeltacht?” a fhiafraíonn O’Dowd. Molann sé don Choiste cúpla lá a chaitheamh sna ceantair Ghaeltachta agus “bunfhadhbanna” a chloisteáil ó mhuintir na Gaeltachta. “Bhí an cheist seo á plé ag mo mhuintir nuair a bhí mise óg, níl rudaí ag athrú, an bhfuil rud ar bith nua is féidir a dhéanamh?” a fhiafraíonn sé.


18.32  “Ní raibh mé ag smaoineamh faoi chúrsaí Gaeltachta go dtí gur tháinig mé go dtí an cruinniú inniu,” a deir Fergus O’Dowd ó Fhine Gael. “Siad na daoine a bhfuil gruaig liath orthu atá ag caint Gaeilge inniu,” a deir sé agus é ag tarraingt ar a chuid ribí féin. Tá cás na Breatnaise sa Bhreatain Bheag anois á phlé aige – “an bhfuil aon rud ag obair sa Bhreatain Bheag nach bhfuil againn anseo?”.


Screen Shot 2016-10-18 at 18.28.29

18.31 Ceist curtha ag Peadar Tóibín ó Shinn Féin faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a bheadh sa Ghaeltacht dá gcuirfí an Straitéis i bhfeidhm. Tá sé den tuairim nach mbeadh ann ach ardú 5,000 agus nach leor sin.


18.26 “Céard atá i gceist le tearmann? An Ghaeltacht mar a bhí sí sna 1970idí – bheadh tú cinnte go gcloisfeadh tú Gaeilge sa siopa agus bheadh tú cinnte go gcloisfeadh tú gasúir i scoileanna Gaeltachta ag Gaeilgeoireacht. Tá sé éasca sin a shamhlú sna 1970idí. Tá sé deacair a shamhlú anois,” a deir Ó Curnáin mar fhreagra ar cheist an tSeanadóra Ó Clochartaigh.


18.24 “Déarfainn gur mé féin agus Brian an bheirt is dóchasaí in Éirinn,” a deir Conchúr Ó Giollagáin. Deir sé nach bhfuil moltaí eile ag teacht chun cinn maidir leis an nGaeltacht a thabhairt amach “as an tsáinn” ina bhfuil sí faoi láthair. “Céard atá lucht an status quo a rá linn anois? Fanacht mar atá? Níl ag éirí leis.”


18.21 “Cén chomh tábhachtach is atá sé fostaíocht Ghaeilge a chruthú do dhaoine le Gaeilge sa Ghaeltacht in earnálacha taobh amuigh den aistriúchán agus earnáil na Gaeilge féin? Iascairí agus lucht déantúis a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu?” a fhiafraíonn Ó Clochartaigh.


18.20 “An bhfuil sibh ag tabhairt pictiúr atá i bhfad ródhuairc?” a fhiafraíonn Ó Clochartaigh. Ceistíonn sé an téarma “tearmann” freisin agus lorgaíonn léiriú níos fearr ar a bhfuil i gceist leis. “An cineál ‘reservation’ atá i gceist agaibh?”. Sraith ceisteanna curtha anois aige: An bhfuil sibh a rá go bhfuil deireadh ré tagtha leis an Údarás? Ar cheart rud nua a chur ina áit? An bhfuil muid ag caint ar bhriseadh glan ón rud atá ann i láthair na huaire?


Screen Shot 2016-10-18 at 18.20.35

18.18 “Tá daoine áirithe ann a déarfadh go bhfuil sibh i bhfad ródhiúltach faoin nGaeilge. Ní mise atá á rá sin, ach cloisim é,” a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Deir sé freisin go bhfuil spéis aige sa mhéid atá le rá ag Ó Giollagáin agus Ó Curnáin. Deir sé gur cheart Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “a chaitheamh i dtraipisí”.


18.16 Tá dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh agus iarrachtaí macánta a chur i dtreis do phobail fhírinneacha na Gaeltachta in ómós don ghlúin a d’imigh romhainn agus don ghlúin atá le teacht, dar le Ó Giollagáin.


18.15 Go bunúsach is “Straitéis don Ghalltacht” atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Molann Ó Giollagáin go gcuirfí “Straitéis don Ghaeltacht” i bhfeidhm.


18.12 Fágtar cúram na héigeandála teanga sa Ghaeltacht sa deireadh “ar an duine deonach”, a deir Ó Giollagáin.


18.10 Tá dhá phríomhlocht ar an Straitéis 20 Bliain. Níl na forálacha bunaithe ar thuiscintí eolaíochta, agus níl tacaíocht an phobail ag na forálacha sin, dar le Ó Giollagáin. Ní bheidh ach “lag-éifeacht” ag an Straitéis dá bharr.


18.07 Is leasc leis an stát an “status quo” a athrú, dar le Ó Giollagáin. Deir sé go bhfuil “misneach na nGael” sna ceantair Ghaeltachta á lagú.


18.05 Éifeacht fhánach atá i gcur chuige an stáit anois, a deir sé. “Níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana.”


18.03 Caitear le cainteoirí dúchais sa chaoi chéanna is a chaitear le foghlaimeoirí, go háirithe sa chóras oideachais, dar le Ó Giollagáin.


18.02 “Dóchas gan bhunús” atá sa dóchas a chuirtear sa ‘status quo’, a deir Brian Ó Curnáin mar fhocal scoir. Tá Conchúr Ó Giollagáin anois ag caint.


18.00 Tá ‘Tearmann’, ‘Iontaobhas’, ‘Dáil’ agus ‘Acadamh’ na nGael molta ag údair Beartas Úr na nGael le dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an nGaeltacht. Deir Ó Curnáin go bhfuil “práinn” i gceist anois.


17.58 Tá ceithre rogha ann don Ghaeltacht: 1) an Ghaeltacht mar atá sí anois a chur ar ceal 2) an status quo a choinneáil 3) struchtúr neartaithe Gaeilge a chur i bhfeidhm 4) tacaíocht a thabhairt le ‘beartas úr’ a chur i bhfeidhm. Molann Ó Curnáin agus Ó Giollagáin rogha 3) agus 4).


17.55 Brian Ó Curnáin anois ag caint. Tá “deireadh na Gaeltachta” agus “deireadh na Gaeilge” sroichte, a deir sé. Tá an cumas Gaeilge atá ag an dream óg rólag sa Ghaeltacht le freastal ar an riachtanas cumarsáide atá acu, a deir sé. “Gaeltacht na seandaoine atá fágtha.”


Brian Ó Curnáin agus Conchubar Ó Giollagáoin

17.51 Seisiún poiblí arís, agus “fáilte chroíúil” curtha ag Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, roimh Bhrian Ó Curnáin agus Conchúr Ó Giollagáin.

“Go raibh míle maith agaibh as bhur ndualgas agus bhur ndua ar son na Gaeilge.” Deir sí go bhfuil a leabhar Beartas Úr na nGael léite aici agus go raibh sé “deacair” a léamh.


17.16 Tá an cruinniú fós i seisiún príobháideach.  Seo ruainne beag eolais faoi ábhar an chruinnithe inniu:

Dar le hÓ Giollagáin agus Ó Curnáin “go bhfuil cur chuige i bhfad níos forásaí agus níos uaillmhianaí ag teastáil le dul i ngleic ar bhealach éifeachtach lena bhfuil ag titim amach sa Ghaeltacht faoi láthair ná mar atá á shamhlú le forálacha Gaeltachta na Straitéise 20–Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012.” Molann siad gur cheart don Taoiseach coimisiún éigeandála a bhunú féachaint le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a threisiú.

Ní raibh Ó Giollagáin i láthair anuraidh ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais ag ar tugadh fianaise mar gheall ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ach dúirt Conchúr Ó Giollagáin le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe nach bhfuair sé aon chuireadh teacht i láthair an choiste agus gur chuala sé mar gheall ar an gcruinniú den chéad uair nuair a léigh sé scéal faoi ar Tuairisc.ie “ag leathuair tar éis a hocht ar maidin”.


17.10 An Teachta Dála Éamon Ó Cuív i láthair in ionad an Teachta Dála Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir. Tá an cruinniú tosaithe ach i seisiún príobháideach i láthair na huaire.


17.00 Beidh an cruinniú ag tosú go luath. Beidh údair na tuarascála Gaeltachta a deir gur ar éigean go mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga phobail sa Ghaeltacht faoi cheann deich mbliana ag labhairt ag cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais tráthnóna.

Fág freagra ar 'Tuairisc bheo: ‘Géarchéim na Gaeltachta’ á plé i dTithe an Oireachtais'

  • Mearbhall gramadaí

    Ar an gcomhartha tá ‘um an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na nOileán’.

    Ag RTÉ tá ‘um an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na nOileáin’.

    Agus feictear domsa nach bhfuil ceachtar teideal ceart.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Go raibh maith agaibh faoin turaisc fíor spéisiúl sin ar a raibh le rá inné ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge.
    Tá cuid den cheart ag Brian agus Conchúir ach níl ann ach chuid den cheart.
    Deireann an tuairisc: “Brian Ó Curnáin anois ag caint. Tá “deireadh na Gaeltachta” agus “deireadh na Gaeilge” sroichte, a deir sé. Tá an cumas Gaeilge atá ag an dream óg rólag sa Ghaeltacht le freastal ar an riachtanas cumarsáide atá acu, a deir sé. “Gaeltacht na seandaoine atá fágtha.””

    Níl an scéal leath chomh dona is a cheapann Brian agus Conchúir i measc an dream óg. Ar ndóigh níl usáid na Gaeilge agus inniúlacht ar an dteanga chomh láidir in a measc is a bhí ag an glún rompu. Ach tá buanna eile acu: níos mó muinín acu astu féin mar dhaoine agus níl náire orthu faoi gur daoine Gaeltachta iad.

    Braithim go bhfuil fantasaíocht áirithe ar bun ag Brian agus Conchúir leis an gcoincheap den Ghaeltacht atá acu. Níl sé réadúil sa lá atá inniu ann le Béarla maith ag chuile dhuine sa Ghaeltacht. Ní rogha atá le déanamh ag na daoine óga idir Béarla agus Gaeilge a thuilleadh. An an rogha atá le déanamh ná seo: a bheith dhátheangach (Gaeilge/Béarla i réimsí éagsúla den saol laethúíl) nó Béarla. Céard é ról an stáit sa rogha sin? Tacú sa nGaeltacht le timpeallacht a chruthú ina mbeidh sé inghlacaithe agus tarraingteach do cainteoirí dhá theangacha an Ghaeilge a roghnú mar theanga cumarsáide. Níl mórán daoine ag iarraidh maireachtáil go hiomlán trí Ghaeilge. Seans go bhfuil roinnt daoine ach aisteach go leor is taobh amuigh den Ghaeltacht a bhíonn na daoine sin ina gcónaí de ghnáth.

    Is mar cheantair dhátheangacha ar cheart a bheith ag breathnú ar an nGaeltacht leis an Gaeilge in uachtar mar theanga an phobail, ní mar cheantair aonteangacha Gaeilge. Tá deireadh leis an cineál Gaeltachta sin mar nach raibh sé inmharthaineacht. Caithfear glacadh leis an bhfíric, in ainneoin Alt 8 i mBunreacht na tíre, gurb í an Béarla atá mar theanga an státchóras, agus gurb í de facto an teanga oifigiúil agus an teanga náisiúnta. Ach tá pobail dhá theangacha againn sa Ghaeltacht. Tá thart ar 30,000 ina gcónaí i gceantair dhátheangacha, ina bhfuil an dá theanga á usáid i measc an phobail. Séard atá le déanamh ná cothromaíocht a aimsiú is a chosaint idir an dá theanga sna ceantair sin, sa gcaoi is go mbeidh an Ghaeilge in uachtar mar gnáth theanga cumarsáide do sciar mór de na pobail sin i gcuid mhaith de réimsí an ghnáth shaoil atá ag daoine. Sin is ciall domsa le Pleanáil Teanga.