Molfar ag cruinniú Oireachtais inniu ‘go gcaithfí i dtraipisí’ an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht le plé i dTithe an Oireachtais tráthnóna

Trevor_Ó_Clochartaigh_crop

Molfar inniu do choiste Gaeilge an Oireachtais go gcaithfí i dtraipisí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go gcromfaí ar phlean teanga a cheapadh as an nua.

Is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a dhéanfaidh an moladh sin ag cruinniú tráthnóna mar gheall ar an tuarascáil Ghaeltachta ina maítear ‘nach bhfuil an Ghaeltacht inmharthana más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht’.

Beidh ionadaí ó Údarás na Gaeltachta i láthair tráthnóna ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais chun fianaise a thabhairt mar gheall ar ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh an tÚdarás i ndeireadh mhí na Bealtaine.

Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaelscoileanna Teo. i láthair chomh maith ag an gcruinniú den fhochoiste Oireachtais.

Ní bheidh údair na tuarascála i láthair ag an gcruinniú, mar a bhí molta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag éileamh le fada go ndéanfadh an coiste Gaeilge plé ar thorthaí an Nuashonrú.

Thug Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair na tuarascála le fios ar maidin, nach bhfuair sé “scéal ar bith” faoin gcruinniú. “Thiocfainn agus labhróinn ag an ócáid dá bhfaighinn cuireadh a bheith i láthair,”a dúirt sé.

Tá sé i gceist ag an Seanadóir ó Shinn Féin aird a tharraingt ag an gcruinniú ar an easpa dul chun cinn, dar leis, atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Beidh mé ag tarraingt airde ar cheist na Straitéise. Faoi láthair, níl ar siúl ach píosaí beaga den phlean a phiocadh anseo agus ansiúd. Tá sé in am an Straitéis 20 Bliain a chaitheamh i dtraipisí agus tosaí as an nua. Is léir go bhfuil géarchéim teanga ann agus tá plean níos radacaí ag teastáil,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Cé go dtagann Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le dearcadh Uí Chlochartaigh maidir leis an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis, feictear don Teachta Dála nach mbeadh aon chiall leis an bplean a chaitheamh i dtraipisí.

“An fhadhb atá ann ná go bhfuil an Straitéis anois cosúil leis an gcreideamh Críostaí agus an Roinn ag roghnú rudaí beaga as de réir mar a oireann dóibh. Bhí sé i gceist i gcónaí go gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm mar thuig muid nach mbeadh aon mhaitheas ann mura gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm.

“Ach ní hé leigheas an scéil fáil réidh léi. Ba chóir í a chur i bhfeidhm agus ansin rudaí breise a chur ann de réir a chéile agus de réir mar is gá. Dá bhfaighfí réidh léi, bheadh trí nó ceithre bliana curtha amú agus bheadh mórán an rud céanna sa deireadh agat,” a dúirt Éamon Ó Cúiv.

Fág freagra ar 'Molfar ag cruinniú Oireachtais inniu ‘go gcaithfí i dtraipisí’ an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge'

  • Concubhar

    Seo chughainn Trevor ag iarraidh airde a tharraingt air féin arís le moladh aiféiseach. Cinnte níl an straitéis dá gcur i bhfeidhm ag na pairtithe rialtais agus ní raibh ag FF rompu. Ach níl iarrachtaí SF ó thuaidh maidir le ‘tacú leis an nGaeilge’ nó Acht Gaeilge a rith gan locht ach oiread. Ní thuigim gur fiú polasaí a chaitheamh i dtraipéisí mar nár deineadh iarracht é a chur i bhfeidhm mar is ceart, fiú amháin is go raibh lochtanna air. Is cinnte áfach go bhfuil lochtanna ar an Nua Shonrú mar go bhfuil sé bunaithe ar shean fhigiúirí agus gan aon bun taighde nua ann agus, anuas ar sin, go bhfuil léargas leataobhach ar na torthaí curtha chun tosaigh.

  • Conchúr Ó Giollagáin

    Ar fhaitíos go mbainfí míbhrí as an tuairisc seo, ba mhaith liom a thabhairt le fios nach bhfuair mé scéal ar bith ar ócáid an lae inniu i dtithe an Oireachtais nó gur léigh mé ina thaobh san alt seo. Thiocfainn agus labhróinn ag an ócáid dá bhfaighinn cuireadh a bheith i láthair.
    Conchúr Ó Giollagáin