‘Tá treason á mhúineadh tríd an nGaeilge ag na hoidí’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (15 Aibreán 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

‘Tá treason á mhúineadh tríd an nGaeilge ag na hoidí’

17. (Iomlán 953). Cláraithe mar pháipéar nuachta Iúil 29, 1916 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Tá feall eile déanta ar Éirinn, dar le lucht polaitíochta. Is cinnte go bhfuil rún ag Gaill gan aon ruainne saoirse a thabhairt don tír seo ná d’aon chuid di. Tá an méid sin socraithe acu, agus b’fhéidir go mb’fhearr dúinn ar fad an ceo a bheith scaipthe mar atá. Bhí púicín ar lucht na Gaeilge féin. Níor fhéadamar gan géilleadh beagán don fhothram agus don chaint a bhí ar siúl, agus is baolach gur staonamar beagán den obair ar a cheapadh dúinn go mbeadh stiúradh an oideachais fúinn féin.

Tá an ceo scaipthe anois agus is ag Dia atá fios an ama a bhfaighimid cead ár gcinn, nó cead ár gcos – nó cead leathchoise féin. Ní miste linn go bhfuil Gaeil Uladh in Éirinn go fóill. Ba mhór an chabhair iad i gcónaí i dtroid seo na Gaeilge agus is dlúithe a sheasfaidh siad linn feasta ná riamh. Is éard is indéanta dúinn anois an greim atá curtha againn a dhaingniú, ár neart a dhlúthú, agus ár ngléasanna oibre a leathnú de réir a chéile ar fud na tíre.

Ná bíodh ionadh ar éinne má dhéantar ionsaí faoi mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna go luath. Is é an clár dátheangach an rud is fearr dár bhuamar go fóill agus is sna scoileanna dátheangacha atá an obair is fearr ar son na Gaeilge á déanamh. Dúirt an Coimisiún ina dtuairisc go raibh treason á mhúineadh tríd an nGaeilge ag na hoidí. Is iad na hoidí dátheangacha an t-aon dream amháin a thugann teagasc tríd an nGaeilge agus is chucu sin a bhí an Coimisiún.

Is cosúil gur dúradh leis an gCoimisiún an locht sin a fháil ar na hoidí. Déanfar gleo ar ball faoin locht. Déarfar gur fíor é; déarfar nár bréagnaíodh riamh é; déarfar gur sop an clár dátheangach a tugadh do lucht briste dlí agus do lucht ceannairce a chothú. Déanfaidh daoine a seacht ndícheall an clár a chur ar neamhní, agus caithfimid a bheith réidh faoina gcomhair. Tá neamhspleáchas ag na bainisteoirí scoile, agus tá cumhacht acu. Tá ceapadh againn go n-imreofar a gcumhacht ar mhaithe leis an nGaeilge.

Nuair a bhí an Conradh sna déaga ní raibh náire orainn teacht le chéile i scioból nó i mbothán leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a mhúineadh. Ní raibh drogall ar an duine ba mhó léann againn dul ag teagasc d’oíche tar éis obair an lae; agus bhí fonn ar an dream óg teacht chuig na buíonta chun a gcuid eolais ar Éirinn a fheabhsú agus a mhéadú. Tá an dream óg chomh fonnmhar anois is a bhí riamh agus ní bheidh na teagascóirí faillíoch.

Ní sna scoileanna a thugtar an teagasc is dílse – ní ligtear dóibh a bheith ródhílis. Bíodh ár gcraobhacha féin againn arís. Bíodh siad againn go fairsing agus déanaimis freastal dílis orthu. Caithfimid an obair a dhéanamh in aisce, agus caithfimid costas na mbuíonta a dhíol as ár bpócaí féin. Go dtí go mbeidh Éire saor ní bheidh tuarastal cóir don té a dhéanann obair ar son a thíre. Sin í an fhírinne. Fírinne shearbh is ea í, ach ní chuirfidh sí aon drochmhisneach orainn. Dá gcuirfeadh ní bheadh aon réim i ndán don Ghaeilge.

Ba mhaith linn a ndualgas agus a gcumhacht a mheabhrú do theachtairí na hArd-Fheise. Ní dhéanfar ag an Ard-Fheis féin ach comhairle a ghlacadh agus a cheapadh. Tar éis don Ard-Fheis a bheith scaipthe tiocfaidh am na hoibre. Bímis ullamh chun na hoibre. Bímis toilteanach chun na hoibre. Bíodh an meon ceart againn, agus an croí mór, agus an fhollúnacht a ghnóthóidh ar an leisce agus ar an nGalldachas.

An Fáinne

Tháinig an Comhaltas Sealadach i dteannta a chéile Dé hAoine seo caite. Bhí i láthair: Peadar Mac Fhionnlaigh (i gceannas), Tadhg Ó Scannail, Eilís Nic an Bhaird agus Máire Ní Raghallaigh.

Fuarthas litreacha ón Athair Tomás de Bhall, Cluad a Cheabhasa, Seán Ó Muirthuille agus Riobhard Mac Eanraigh, Béal Feirste. Tá gasra curtha ar bun ag an Athair Tomás de Bhall agus Cluad a Cheabhasa i mBéal an Átha, agus tugadh údarás do Sheán Ó Muirthuille agus Cluad a Cheabhasa gasraí eile a chur ar bun.

Socraíodh go dtionólfaí cruinniú coitianta an Fháinne chun coiste agus oifigigh a thoghadh ar an gCéadaoin tar éis an Oireachtais. Táthar ag brath ar obair mhaith a dhéanamh chomh maith.

Screen Shot 2016-07-28 at 20.29.09