‘Tá níos mó fuinnimh ag baint le tráchtaireacht Ghaeilge’ – Garry Mac Donncha

Labhair Tuairisc.ie le Garry Mac Donncha a bheidh i mbun na tráchtaireachta do theilifís RTÉ i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach beag seo, an chéad uair a chraolfar na cluichí sinsear beo i nGaeilge ar an stáisiún

GAA All-Ireland Senior Hurling Championship Final, 6/9/2009 Tipperary vs Kilkenny General view of the press boxes at Croke Park with RTE on the screen Mandatory Credit ©INPHO/Billy Stickland *** Local Caption ***
©INPHO/Billy Stickland

Céim sa treo ceart do RTÉ í an tráchtaireacht Ghaeilge a chraolfar le linn chluichí ceannais na hÉireann an mhí seo.

Sin é tuairim Garry Mhic Dhonncha, a bheidh i mbun na tráchtaireachta do RTÉ i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo chugainn, an chéad uair a chraolfar na cluichí sinsear beo i nGaeilge ar an stáisiún. Is mar chuid de Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019, a fógraíodh inné, an tseirbhís nua tráchtaireachta.

“Le bheith dáiríre faoi, RTÉ 1, RTÉ 2, 2FM, tá níos mó ag teastáil uathu ná díreach caint,” a dúirt Mac Donncha le Tuairisc.ie. “Tá mise ag obair anseo le 18 nó 19 mbliana ar chláracha difriúla agus caithfear a rá go raibh rudaí sách lag ó thaobh na Gaeilge de.”

Dar le Mac Donncha, is tús maith é do phlean nua RTÉ go bhfuil toradh suntasach le feiceáil air an tseachtain chéanna gur fógraíodh é ach, maidir leis an éileamh a bheidh ar an tseirbhís nua, tá sé níos deacra tuairim a thabhairt air.

“Tá sé deacair a rá i ndáiríre, is dóigh gurb é an cineál ruda a bheas daoine ag iarraidh a sheiceáil amach ar dtús,” a dúirt Mac Donncha.

“Ní drochrud é gur contae le pobal mór Gaeltachta (Gaillimh) a bheas san iomaíocht sa gcéad chluiche. Is é an scéal céanna le Ciarraí coicís ina dhiaidh agus fiú má éiríonn le Maigh Eo nó Baile Átha Cliath, an Satharn seo, tá neart Geailgeoirí sa dá chontae sin.

“Rud eile ná go bhfuil an pobal cleachtach ar thráchtaireacht a bheith i nGaeilge tar éis den chraoladh uile atá déanta ar TG4. Bhí casaoid ann faoin tráchtaireacht rugbaí a bheith i nGaeilge ach ní raibh casaoid riamh ann faoi na cluichí Gaelacha. Má éiríonn go maith leis, ní bheadh a fhios agat – b’fhéidir go bhfeicfidh muid na cluichí mórá idirnáisiúnta, rugbaí agus sacair, ar fáil i nGaeilge.”

Ó thaobh na hoibre a bheidh le déanamh ag Mac Donncha ar an lá é féin, níl mórán d’athrú i gceist.

“Ar bhealach, ní rud nua domsa a bheith i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag tráchtaireacht ar na cluichí. ‘Séard a bhí ag tárlú ó 1997 ar aghaidh ná go raibh mise ag na cluichí ceannais ag déanamh tráchtaireacht Ghaeilge agus ansin craoladh na cluichí sin beagán níos moille ar TG4, mar chineál seirbhíse a chuir RTÉ ar fáil dóibh.”

Is é tuairim Mhic Dhonncha chomh maith ná go bhfuil sé mar bhuntáiste aige féin an tráchtaireacht a dhéanamh as Gaeilge i gcomparáid lena chuid comhghleacaithe atá ag tráchtaireacht i mBéarla. “Ceapaim leis an nGaeilge chomh maith, agus seo tuairim phearsanta, go bhfuil tú in ann níos mó fuinnimh a chur isteach ann, gan an bloc a chailleadh, ná mar atá tú in ann sa mBéarla. Cuireann an Ghaeilge leis ar bhealach.”

Agus a thuairim faoin gcluiche ceannais Iomána ar an Domhnach? “Mar thráchtaire, tá súil agam go mbeidh cluiche maith ann! Mar Ghaillmheach, tá súil agam go mbuafaidh Gaillimh a gcéad Chraobh Iomána ó 1988!”

Roghanna maidir leis an Tráchtaireacht ar Chluichí Ceannais Chraobh na hÉireann – Treoir don Lucht Úsáide

Saorview: Beidh rogha maidir le tráchtaireacht i nGaeilge ar Chluichí Ceannais Chraobh na hÉireann san Iománaíocht agus sa Pheil ach ‘Language – Irish – OK’ a roghnú.

Sky: Beidh an tseirbhís ar fáil freisin ar bhoscaí Sky SD agus HD. Chun an tseirbhís a fháil, ní mór don lucht úsáide (AD) a mhúchadh.

Is féidir ‘Help’ a bhrú ar thaobh na láimhe deise ar aon cheann de na boscaí bairr agus ‘Audio Description’ a athrú go dtí ‘OFF’.

I gcás bosca de chineál Sky SD, ní gá do dhuine ach dul trí na céimeanna seo a leanas: ‘System Setup – Language&Subtitles – Favourite Language (Roghnaigh Irish) – Save New Settings’.

Ar bhosca Sky HD féin, níl ar dhuine ach an méid seo a leanas a bhrú: ‘Services – Options – Accessibility – Favourite Language (Roghnaigh Irish) – Save Settings’. Nuair a bheidh sé seo déanta, brúigh ‘Help arís’ agus cuir ‘Audio Description (AD)’ ar siúl.

UPC: Níl an tseirbhís maidir le tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil ar chóras UPC faoi láthair.

GAAGO: Ní bheidh aon seirbhís Ghaeilge ar fáil.

Fág freagra ar '‘Tá níos mó fuinnimh ag baint le tráchtaireacht Ghaeilge’ – Garry Mac Donncha'