Seirbhís nua raidió Ghaeilge faoi mheas mar chuid de phlean teanga RTÉ

Sheol RTÉ plean gníomhaíochta don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ar maidin

RT Eoghan McDermott

D’fhéadfadh seirbhís nua raidió Ghaeilge d’ógánaigh a bheith mar thoradh amháin ar phlean nua don teanga a sheol RTÉ inniu.

Tá geallúint tugtha ag Noel Curran, Príomh-Stiúrthóir RTÉ, go gcuirfear an Ghaeilge “i gceartlár na hoibre” agus “go ndéanfar gnáthrud di in ábhar cláir” an stáisiúin. Thug sé le fios freisin go leathnófar ar úsáid na Gaeilge ar fud na meán digiteach agus ar na meáin shóisialta.

Sheol an Príomh-Stiúrthóir plean nua gníomhaíochta i leith na Gaeilge inniu ag ócáid ag a raibh an Taoiseach Enda Kenny i láthair i nGailearaí na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath. I measc na bhforbairtí nua atá beartaithe do sheirbhísí RTÉ, tá:

  • Feasacháin nuachta dhátheangacha ar RTÉ 2fm
  • Na féidearthachtaí a bhaineann le seirbhís raidió nua Ghaeilge dírithe ar ógánaigh a fhiosrú
  • Ábhar den nuáil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge
  • Ionad Barr Feabhais le haghaidh oiliúint a chur ar dhaoine sna meáin chumarsáide Gaeilge
  • Bainfear úsáid níos minice as an nGaeilge ar bhlaisíní teilifíse, sa leanúnachas agus i bhfeasacháin aimsire
  • Beidh rogha na Gaeilge ar fáil leis an gcóras nascleanúna don chéad leagan eile den seinnteoir RTÉ Player
  • Tabharfar spreagadh agus cúnamh don lucht fógraíochta agus do ghníomhaireachtaí fógraíochta fógraí a chur ar fáil i nGaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus sa réimse digiteach

Deimhníodh an tseachtain seo caite go mbeadh rogha idir tráchtaireacht i nGaeilge nó tráchtaireacht i mBéarla ar chluichí ceannais na hÉireann i mbliana.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, go bhféachfar tríd an bplean seo leis an nGaeilge a bheith ina “dlúthchuid den obair ar fad” a dhéantar in RTÉ.

“I rith na mblianta seo romhainn, beifear ag féachaint le seirbhís raidió nua Ghaeilge a chur ar bun a bheidh dírithe ar ógánaigh agus i rith mhí Mheán Fómhair na bliana seo déanfar tástáil phíolótach ar rogha idir tráchtaireacht i nGaeilge nó i mBéarla leis an gcraoladh teilifíse ar chluichí ceannais na hÉireann,” a dúirt sé.

Tá sé tugtha le fios ag RTÉ gur trí “chomhpháirtíochtaí nua agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil faoi láthair” a chuirfear an plean nua i bhfeidhm.

 

Fág freagra ar 'Seirbhís nua raidió Ghaeilge faoi mheas mar chuid de phlean teanga RTÉ'

  • Aedraen Ó Dubhghaill

    Is maith an rud é le feiceáil go bhfuil céim chun tosaí tóghta ag an gcraoltóir náisiúnta i leith na teanga.

  • donnchadh Ó Seaghdha

    Más maith is mithid