‘Sheachnófaí coimhlintí contúirteacha ach cearta teanga a aithint’ – an tIar-Choimisinéir Seán Ó Cuirreáin

Bhí Ó Cuirreáin ag obair mar chomhairleoir cearta teanga don OSCE sa Chosaiv an mhí seo caite ach níl rún aige labhairt faoi cheist na gcearta teanga in Éirinn “go fóill”

FullSizeRender
Seán Ó Cuirreáin agus Slavisa Mladenovic, an coimisinéir teanga ón Chosaiv. Pictiúr: Arta Pllana

Is féidir coimhlintí contúirteacha a sheachaint trí aitheantas a thabhairt do chearta teanga agus d’fhéiniúlacht chultúrtha, dar leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Tá an chéad ráiteas poiblí atá déanta ag Ó Cuirreáin ó d’éirigh sé as cúram an Choimisinéara ar fáil ar thuairisc atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE).

Ní ag trácht ar chás na hÉireann a bhí an tIar-Choimisinéir ach ar cheist na gcearta teanga go hidirnáisiúnta.

Bhí Ó Cuirreáin, a chaith 10 mbliana mar choimisinéir teanga sarar éirigh sé as an gcúram sin i dtús na bliana seo caite, ag obair le linn mhí Iúil mar chomhairleoir cearta teanga don OSCE sa Chosaiv, in oirdheisceart na hEorpa. Ceapadh é chun sraith ceardlann a stiúradh i Pejë/Peć in iarthar na tíre agus cúrsaí traenála a chur ar fáil d’fhoireann oifig an choimisinéara teanga sa phríomhchathair Prestina.

Sa bhliain 2008 a fógraíodh an Chosaiv ina stát neamhspleách tar éis coimhlint fhuilteach idir an pobal Albánach agus an pobal Seirbiach inar maraíodh 11,000 duine in imeacht dhá bhliain.

Tá na mílte eile fós ar iarraidh ansin agus na céadta míle duine díbeartha óna n-áit dúchais. Aithníonn an rialtas ann gur gá déileáil le ceist na gcearta teanga mar chuid d’athmhuintearas agus d’atógáil an stáit i ndiaidh na coimhlinte. 

Agus é faoi agallamh ar shuíomh gréasáin an OSCE, dúirt an tIar-Choimisinéir gur “gné thábhachtach de chearta an duine iad cearta teanga” agus go bhfuil na cearta sin lárnach d’fhéiniúlacht chultúrtha an duine.  Mhol sé do mhuintir na Cosaive – stát ina bhfuil coimhlint idir an mórphobal teanga a labhrann Albáinis agus an mionlach a labhrann teangacha ar nós Seirbis, Tuircis, Roma nó Gorani – gur cheart féachaint ar reachtaíocht teanga an stáit mar “sciath chosanta” seachas mar ní a dhéanfadh dochar don phobal.

Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go gcuirfí dlí teanga na tíre i bhfeidhm mar nach mbeadh ann dá uaireasa sin ach “baothgheallúintí ar pháipéar” nach ndéanfadh aon leas don daonlathas.

Ceardlann sa Chosaiv leis an Iar-Choimisinéir Teanga. Pictiúr: Arta Pllana
Ceardlann sa Chosaiv leis an Iar-Choimisinéir Teanga. Pictiúr: Arta Pllana

Mhol Ó Cuirreáin an obair atá déanta ag oifig an choimisinéara teanga sa Chosaiv ó bunaíodh í trí bliana ó shin.  Sa bhliain 2012 d’iarr an OSCE ar an Iar-Choimisinéir tacaíocht a chur ar fáil d’oiliúint agus do thraenáil foirne don oifig nuabhunaithe i Prestina. Chuir foireann an Choimisinéara Teanga sa Spidéal an oiliúint sin ar fáil dóibh ar bhonn deonach nuair a thug Coimisinéir Teanga na Cosaive agus baill dá fhoireann faoi chúrsa traenála trí lá i nGaeltacht Chonamara.

Ba ar mhaithe le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an oiliúint sin a d’iarr an OSCE ar Ó Cuirreáin dul go dtí an Chosaiv le gairid.

Thug Sehadin Shok ón OSCE le fios gurb í seo an chéad uair ag an OSCE ceardlanna dá leithéid a eagrú ar ar fhreastail idir eagraíochtaí stáit, chomhairlí áitiúla agus ionadaithe thar ceann na ngrúpaí a labhrann teangacha mionlaigh sa Chosaiv.

Dúirt Coimisinéir Teanga na Cosaive, Slavisa Mladenovic, gurbh fhearrde tabhairt faoi fheidmiú ceart na reachtaíochta teanga atá ann, seachas a bheith ag plé fhiúntas na reachtaíochta sin.

Is trí fheidhm a thabhairt don reachtaíocht is fearr a dhéanfaí cearta an phobail a chosaint, a dúirt sé.

Dúirt Sean Ó Cuirreáin agus é ag éirí as a phost mar Choimisinéir Teanga i bhFeabhra 2013 nach raibh rún aige labhairt go poiblí faoi cheisteanna a bhain le cearta teanga in Éirinn “sa ngearrthéarma”.

Dúirt sé le Tuairisc.ie aréir go raibh sé ag seasamh leis an gcinneadh sin “go fóill ar aon nós”.

Fág freagra ar '‘Sheachnófaí coimhlintí contúirteacha ach cearta teanga a aithint’ – an tIar-Choimisinéir Seán Ó Cuirreáin'

  • Bob Quinn

    Ní raibh fhios agam go raibh ‘na h-Albanaigh’ ag troid in aghaidh na Serbs?

  • Ciarán Ó B

    Prestina? Níor chuala mé an t-ainm sin riamh cheana ar phríomhbhaile na Cosaive, cé go bhfuil tagairt nó dhó ann ar an idirlíon, feicim. Приштина, nó Priština sa tSeirbis; Prishtinë san Albáinis. N’fheadar an focal nuachumtha atá i gceist leis…