Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Giolc na Seachtaine

Chuir Tourism Ireland físeán amach ag tús na seachtaine seo ag triail turasóirí aeracha a mhealladh go hÉirinn chun pósadh tar éis reifreann na seachtaine seo caite.

Chuir Dáithí de Mórdha, atá ina chónaí i gCorca Dhuibhne, giolc amach go gairid tar éis do thoradh an reifrinn a bheith fógartha Dé Sathairn. Fág faoi Dhuibhneach é a theacht i dtír ar bhuanna turasóireachta an reifrinn stairiúil sin!

Ragham amú tamall eile…

Is iomaí gáire a bhain Seáinín Smaoiseach as na Gaeil ar líne le sé bliana anuas nó mar sin lena chuid físeáin bharúla ar YouTube. Ach faraor géar, d’éirigh sé as cruthú na bhfíseán tar éis tamaill agus ní raibh tásc ná tuairisc air ó bhí 2011 ann nó mar sin. Go deimhin ba é an físeán ‘Gail Force’ a bhí bunaithe ar Coronation Street a roghnaigh Tuairisc.ie mar an físeán Gaeilge is fearr a crochadh ar YouTube riamh ag deireadh na bliana seo caite, agus é tuillte go maith aige.

Tháinig Scéalta ón gCibearspás ar fhíseán dá chuid, más fíor, an tseachtain seo, áfach, agus is í ár dtuairim nach bhfacthas riamh cheana é. Níl sé le feiceáil ar a chainéal YouTube agus ní heol dúinn go bhfuil sé crochta áit ar bith eile ar líne.

Baineann sé le Tiger Woods agus mar sin tá barúil againn go ndearnadh é nuair a bhí Woods go mór i mbéal phobail mar gheall ar an gcaoi ar chaith sé lena bhean. Thriail Scéalta ón gCibearspás dul i dteagmháil le Seáinín len’ é a phlé ach faraor níor éirigh linn a theacht air. Déanfaimid tuilleadh fiosraithe.

An chaint sa tsráidbhaile…

Tharraing alt Alex Hijmans go leor airde an tseachtain seo, ní hamháin ar an suíomh seo ach ar na meáin shóisialta freisin. Bhí mír ag Broadsheet.ie faoin scéal agus chuir siad os comhair phobal an Bhéarla teoiric Alex gur chabhraigh an feachtas ‘Tá Comhionannas’ go mór le stádas na Gaeilge.

Chruthaigh an teangeolaí Ceanadach Emily McEwan-Fujita an cluiche ‘Biongó Frith-Ghaeilge’ níos luaithe i mbliana.

“Is there a topic that you know a lot about, but that most people can only seem to grasp through stereotypes and misconceptions? A situation where no matter how hard you try, you cannot debunk people’s wrong-headed ideas?” a scríobh Mc-Ewan-Fujita ar a blag.

Chuige sin, d’fhoilsigh sí dhá chárta biongó ar a bhfuil nach mór gach argóint seanchaite a chloistear faoi Gháidhlig na hAlban (agus mar sin Gaeilge na hÉireann).

D’imir mé biongó agus an 70 trácht a fágadh faoin alt ar Broadsheet á léamh agam

1. “…’Tá’ is sort of ráiméis because there’s no ‘Yes’ in Irish…”

2. “…it is declining in the Gaeltacht…’

3. “…urban gaelscoils were largely so that middle-class white families could avoid having their children educated alongside non-white children…”

4. “…and the semi-state ‘modernisation’ of the language is a travesty of pigeon English/Irish swill…”

5. “…Its all about cushy useless jobs and a blatant waste of money…”

6. “…continued provision of expensive life support to the language…”

7. “…*gurgle gurgle*, says the dead language…”

Sílim go bhfaighinn airgead maith i halla biongó ar bith timpeall na tíre ar an gcárta sin.