Scannán faoi dhánta Mháire Mhac an tSaoi á thaispeáint in OÉG anocht

Déanfar ceiliúradh tráthnóna ar shaothar duine de mhórfhilí na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

MMhacantSaoi

Craolfar scannán tráthnóna faoi shaol is faoi shaothar Mháire Mhac an tSaoi in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

In ‘Deargdhúil: Anatomy of Passion’, déantar scagadh ar shamhlaíocht an mhórfhile agus conas a chuir sí ag obair í ina cuid dánta, a bhaineann le cúrsaí grá, cúrsaí collaíochta agus cúrsaí polaitíochta. Is í Paula Kehoe a léirigh agus a stiúraigh an scannán.

Ba é Seán MacEntee, duine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil, athair Mháire Mhac an tSaoi, agus bhí sé in Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Poblachtánach mór ab ea a máthair, Margaret Browne, leis.

Paula Kehoe
Paula Kehoe

Craoladh an clár faisnéise cheana ag Féile Scannán Chorcaí an mhí seo caite, áit ar chuir an lucht féachana ar ghearrliosta é. Ina measc siúd atá le haireachtáil ar an scannán, tá Nuala Ní Dhomhnaill, Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Maureen Fleming agus Olwen Fouéré. Cloisfear ceol le Colm Mac an Iomaire.

Féadfar ceisteanna a chur ar stiúrthóir an scannáin, Paula Kehoe, tar éis a chraolta tráthnóna.

Tá craoladh an scannáin seo ar cheann de shraith imeachtaí a bheidh ar siúl in Ionad an Léinn Éireannaigh mar chuid dá chlár comórtha ar an Éirí Amach. Déanfar cíoradh ar cheisteanna a bhaineann le smaointe agus aisling lucht an Éirí Amach mar chuid de chlár an Ionaid agus fiafrófar cé chomh hábhartha is atá an aisling sin i dtaca le múnlú an Stáit.

Is i bhfoirgneamh na n-eolaíochtaí sóisialta ar Bhóthar an Chaisleáin Nua, OÉG, a chraolfar an scannán ‘Deargdhúil: Anatomy of Passion’, ag 7.30pm anocht.

Fág freagra ar 'Scannán faoi dhánta Mháire Mhac an tSaoi á thaispeáint in OÉG anocht'