Rabhadh contúirte ‘dearg’ i bhfeidhm go náisiúnta agus foláireamh tugtha faoi ghaoth ‘fhíochmhar dhíobhálach’

Mheabhraigh an Taoiseach Leo Varadkar do dhaoine ar maidin gur cailleadh 11 duine an uair dheiridh go raibh stoirm chomh holc leis seo in Éirinn.

Rabhadh contúirte ‘dearg’ i bhfeidhm go náisiúnta agus foláireamh tugtha faoi ghaoth ‘fhíochmhar dhíobhálach’

Tá rabhadh contúirte ‘dearg’ i bhfeidhm anois ar fud na tíre agus foláireamh tugtha go mbeidh gaoth ‘fhíochmhar dhíobhálach’ i ngach aon chuid den tír tráthnóna agus go bhfágfaidh an stoirm a lorg ar gach aon chontae.

Deir Met Éireann gurb iad Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach agus Dún na nGall is measa a bhuailfear tráthnóna ach moltar do dhaoine ar fud na tíre gan a bheith ag taisteal agus fanacht sa bhaile.

Tá scoileanna, institiúidí tríú leibhéal agus gnóthaí dúnta ar fud na tíre agus seirbhísí iompair curtha ar cheal.

Tá os cionn 140 eitilt curtha ar ceal chomh maith.

Deir Met Éirinn go mbuailfidh Ophelia an tír ar fad agus go mbeidh gaoth an-láidir ann ar feadh trí uair a chloig.

Tá Corcaigh bainte amach cheana féin ar maidin ag Ophelia agus tá 22,000 duine san iardheisceart fágtha gan aon chumhacht.

Bhí gaoth ar luas 176 ciliméadar in aghaidh na huaire ag Carraig Aonair amach ó chósta Chorcaí ar maidin.

Tá tuairiscí chomh ann go bhfuil talamh bainte amach ag Ophelia i gCiarraí.

De réir tuairiscí, tá an ghaoth ag ardú i gCorca Dhuibhne le tamall chomh maith.

Agus an Taoiseach Leo Varadkar ag impí ar dhaoine fanacht taobh istigh inniu dúirt sé gur cailleadh 11 duine an uair dheiridh go raibh stoirm chomh holc leis seo in Éirinn.

B’in stoirm ‘Debbie’ i 1961.

“Cé nach bhfuil an stoirm chomh holc sin in áiteanna áirithe sa tír go fóill, tá sí ag teacht agus is rabhadh contúirte dearg náisiúnta atá ann. Baineann sé le gach contae agus cathair sa tír,” a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar.

 

Fág freagra ar 'Rabhadh contúirte ‘dearg’ i bhfeidhm go náisiúnta agus foláireamh tugtha faoi ghaoth ‘fhíochmhar dhíobhálach’'

  • Mise Áine

    Táim den bharúil go bhfuil na daoine ó dheas buailte le Ophelia cheana fhéin, agus go bhfuil a turas tuartha, sna meáin eile, le roinnt laethanta anuas. Is fearr go mall ná go brách, is dócha.

    Go raibh chuile dhuine slán sábhailte, go dtí go mbeidh sí spíonta, caite agus bailithe léi. Níor bhuail sí linn in Inis Eoghain fós, ach tá sí ar an mbealach, an raicleach!