Pobalbhreith nua: formhór an phobail den tuairim gur ceart fáil a bheith ar sheirbhísí Gaeilge

Tá 70% de mhuintir na Poblachta agus 54% de mhuintir an phobail ó thuaidh den tuairim gur ceart seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge sa dá dhlínse, de réir suirbhé de chuid Chonradh na Gaeilge.

Thousands Choose A Future For The Irish Language at Lá Mór na

80% d’aos óg (15-17 mbliana d’aois) na Poblachta a d’aontaigh gur ceart go mbeadh teacht ag Gaeilgeoirí ar sheirbhísí i nGaeilge dar le suirbhé a rinne Millward-Brown do Chonradh na Gaeilge ag tús na bliana. Bhí 58% acu sin san aoisghrúpa céanna i dTuaisceart Éireann ar aon fhocal leo.

San iomlán, bhí 70% de mhuintir na Poblachta agus 54% de mhuintir an phobail ó thuaidh den tuairim gur ceart seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge sa dá dhlínse. Daoine os cionn 45 bliain d’aois, Baile Átha Cliathaigh sa Phoblacht, daoine os cionn 65 bliain d’aois agus Protastúnaigh sa Tuaisceart den chuid is mó a thug le fios nár cheart go mbeadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge. D’aontaigh 58% de mhuintir Bhéal Feirste leis an ráiteas.

Is beag tuiscint atá ag muintir Thuaisceart Éireann ar an nGaeilge agus is lú fós a gcumas labhartha sa teanga, de réir an tsuirbhé a foilsíodh inniu. Níor aontaigh ach 2% de na daoine a ceistíodh ó thuaidh go láidir leis an ráiteas ‘Tá muinín agam as mo chumas tuisceana Gaeilge’ agus níor aontaigh ach 1% go láidir leis an ráiteas ‘Tá muinín agam as mo chuid Gaeilge labhartha’. Ba Phrotastúnaigh den chuid ba mhó (93% agus 94% faoi seach) iad na daoine nach raibh labhairt na teanga ná tuiscint uirthi acu.

Ba mhó i bhfad muinín na ndaoine ó dheas, mar a bhfuil ceantair oifigiúla Ghaeltachta agus an Ghaeilge ‘éigeantach’ ar scoil, as a gcumas sa teanga. San iomlán, thug 35% le fios go raibh tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge (10% a d’aontaigh go láidir leis an ráiteas).

Anuas air sin, bhí 26% muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha (8% a d’aontaigh go láidir leis an ráiteas go raibh siad muiníneach as a gcumas sa teanga). I gCúige Mumhan a bhí an dream ba mhuiníní, áit a ndúirt 31% go raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Ba ag muintir na hArdchathrach a bhí an tuiscint ba lú ar an teanga – dúirt 57% acu nach bhfuil tuiscint acu uirthi.

Mar sin féin, léirigh lear maith de phobal na hArdcathrach a spéis i bhfoghlaim na teanga – d’aontaigh 49% acu leis an ráiteas ‘Ba mhaith liom an deis a bheith agam cur le mo chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim’.

Thug an méid céanna Connachtach agus Ultach (sa Phoblacht) an freagra céanna ar an ráiteas sin. Ba i measc an aosa óig ó dheas a bhí an spéis ba mhó i bhfoghlaim na Gaeilge, de réir an tsuirbhé.

Thug 64% de dhaoine idir 15 agus 17 bliain le fios gur mhaith leo cur lena gcuid Gaeilge. Thit an céadatán sin go 33% nuair a cuireadh an cheist ar dhaoine in aois scoile sa Tuaisceart. Bhí níos mó spéise ag an dream idir 25 agus 35 bliain d’aois i bhfoghlaim na Gaeilge ó thuaidh (35%).

Léirigh 29% de phobal an Tuaiscirt a gcuid spéise i bhfoghlaim na teanga. Sa dá dhlínse, ba lú an spéis i bhfad a bhí ag daoine os cionn 65 bliain d’aois inti – 49% acu sa Phoblacht agus 66% acu sa Tuaisceart a d’easaontaigh leis an ráiteas ‘Ba mhaith liom an deis a bheith agam cur le mo chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim’.

Rinne Millward-Brown an suirbhé idir 7 agus 23 Eanáir 2015 ar son Chonradh na Gaeilge i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann. Cuireadh 1,026 duine faoi agallamh in 66 ionad agallaimh ar fud an oileáin.

 

Survey 6



Survey 3b


Survey 3a

 

Fág freagra ar 'Pobalbhreith nua: formhór an phobail den tuairim gur ceart fáil a bheith ar sheirbhísí Gaeilge'

  • Concubhar

    Is mar seo ar cheart suirbhé a dhéanamh – thuaidh agus theas go comhuaineach.

  • Seán Mag Leannáin

    Díol spéise é gur mó i bhfad muinín na ndaoine ó dheas, mar a bhfuil an Ghaeilge ‘éigeantach’ ar scoil, as a gcumas sa teanga ná an scéal ó thuaidh mar a bhfuil an teanga fíor-lag. D’aontaigh 10% den daonra sa Phoblacht go láidir leis an ráiteas go raibh tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge agus 8% acu go raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha. Cuir é seo i gcomparáid leis an scéal ó thuaidh – níor aontaigh ach 2% de na daoine a ceistíodh ansin go láidir leis an ráiteas ‘Tá muinín agam as mo chumas tuisceana Gaeilge’ agus níor aontaigh ach 1% acu go láidir leis an ráiteas ‘Tá muinín agam as mo chuid Gaeilge labhartha’. Léiríonn an chontrárthacht seo gur éirigh le stádas oifigiúil na teanga ó dheas, agus an tacaíocht a thugann an Stát di – a lochtaí is a atá an tacaíocht sin – gur éirigh léi dul i bhfeidhm ar an bpobal go pointe áirithe agus níor chóir beag is fiú a dhéanamh de.

  • Fearn

    Fágann sin go bhfuil 30% de phobal na 26 chondae nach síleann go bhfuil an Ghaeilge ina theanga ceart. Thuigfinn do Gaill na 6 chondae a shamhlaíonn iad féin faoi léigéar, ach do shliocht na nGael, tá a n-ídéalachas ag ídiú.