Níorbh í ‘an Ghaeilge’ ba chúis le moill ar litir do Dhaidí na Nollag, a deir An Post

Ní mar gheall ar an nGaeilge a cuireadh moill ar litir do Dhaidí na Nollag ach tá An Post fós i mbun fiosrúcháin maidir le cén chaoi a bhfuair Royal Mail na Breataine greim uirthi.

Litir Dhaidí na Nollag

Tarraingíodh raic ar na meáin shóisialta aréir faoi litir Ghaeilge a seoladh chuig Daidí na Nollag dhá mhí ó shin ach nár bhain a ceannscríbe amach go dtí maidin inné.

Ba í an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta a d’fhoilsigh grianghraf ar Facebook de clúdach na litreach ar cuireadh moill uirthi.

Bhí feachtas ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh an Nollaig inar thug an t-eagras cúnamh do Dhaidí na Nollag litreacha Gaeilge a fhreagairt i nGaeilge.

Gheobhadh gasúr a chuir litir chuig Santaí ag an seoladh ‘Daidí na Nollag, f/ch Thuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe’ freagra pearsanta ón bhFear Mór.

Faraor,  níor tháinig an litir áirithe seo go ceannáras Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua go dtí inné – Déardaoin 22 Eanáir – beagnach mí i ndiaidh Oíche Nollag.

Ach níos aistí fós, nuair a bhain a litir Conamara amach sa deireadh bhí greamán de chuid Royal Mail na Breataine uirthi ag fógairt nach raibh iomlán an tseolta ar an gclúdach litreach.

Bhí stampa eile os cionn an tseolta a thug le fios gur tháinig an litir chomh fada le hIonad Náisiúnta an Phostais Fhillte i Luimneach Dé Céadaoin sular cuireadh ar aghaidh go dtí an Cheathrú Rua inné í.

Thug Tuismitheoirí na Gaeltachta le fios ar Facebook gur in Éirinn ar an 30 Samhain a seoladh an litir agus stampa na hÉireann uirthi.

Dúirt urlabhaí An Post le Tuairisc.ie nach raibh aon bhaint ag aistear fada na litreach leis an seoladh uirthi a bheith i nGaeilge.

“Ní thuigeann An Post cén chaoi ar seoladh an litir chomh fada leis an Ríocht Aontaithe. Ní bhaineann sé, áfach, le ceist teanga. D’fhéadfadh sé seo tarlú dá mbeadh ‘Main Street, Gort, County Galway’ scríofa ar an gclúdach.

“Ní bhaineann sé leis an nGaeilge. Más é an chaoi gur seoladh in Éirinn í agus gur cuireadh go dtí an Ríocht Aontaithe í, admhaímid go bhfuil locht orainn agus gabhaimid ár leithscéal,” a dúirt urlabhraí An Post.

Mhínigh an t-urlabhraí go ndéantar botún anois agus arís aimsir na Nollag mar gheall ar an líon ard litreacha agus pacáistí a sheoltar timpeall na tíre an t-am sin den bhliain.

Dúirt sé freisin gur réitigh An Post an scéal a luaithe is a cuireadh an litir ar ais chuig Ionad Náisiúnta an Phostais Fhillte i Luimneach.

“Bíonn An Post ag plé le tuairim is seacht milliún beart poist, idir litreacha agus phacáistí, gach uile lá i rith na Nollag. Ina measc sin bíonn thart ar 140,000 litir do Dhaidí na Nollag agus baineann a bhformhór acu ceann scríbe amach gan aon fhadhb, ach faraor bíonn corrbhotún ann.

“Lena gceart a thabhairt dóibh, rinne Ionad an Phostais Fhillte a raibh le déanamh acu a luaithe is a tháinig an litir ar ais. Fuair an tIonad ar an 21 Eanáir í agus fuair Tuismitheoirí na Gaeltachta ar 22 Eanáir í – an lá dár gcionn,” a dúirt urlabhraí An Post le Tuairisc.ie.

Tá An Post fós i mbun fiosrúcháin maidir le cén chaoi a bhfuair Royal Mail na Breataine greim ar an litir a seoladh chuig an gCeathrú Rua.

Fág freagra ar 'Níorbh í ‘an Ghaeilge’ ba chúis le moill ar litir do Dhaidí na Nollag, a deir An Post'

  • Eoin Ó Riain (@ReadoutSignpost)

    Ach cén fáth ar scríobh siad “Co Galway” ar an gclúdach?

    • Maitiú Ó Coimín

      Ní léir cé acu dream a scríobh “Co. Galway” ar an gclúdach litreach; An Post nó Royal Mail.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Mar a dúirt Elvis (aistrithe móide mionathruithe):

    Seol thar n-ais í go dtí an té sheol,
    Seoladh anaithnid, tír aineoil,
    Teanga ná tuigimid a Shaintí a stór,
    Gan de thuiscint ar an dteanga san
    ach acusan atá fágtha ar a dtóin.

  • Deó de hÚseille

    Nach bhfuil fhios ag an domhan agus a bhean nach bhfuil aon sanity clause ann!

  • Séamas Mac Coitir

    Ta fhios agam go mbíonn lucht sórtála an Phoist faoi bhrú agus faoi strus aimsir na Nollag. Ní leithne an t-aer ná an timpiste, dá bhrí sin, níor mhaith liom breith a thabhairt sa chás seo bealach amháin nó bealach eile, cheal níos mó fíricí! bÍonn dhá thaobh ar gach scéal, agus dhá ghabháil déag ar amhrán! Séamas Mac Coitir.