Mo sheasamh oraibh a chumadóirí, a fhilí agus a bhaird – éirígí chun feirge!

Agus sinn ag gabháilt trí cheann de na tréimhsí is corraithí agus is conspóidí a facthas riamh in Éirinn, ba dhóigh leat go mbeadh ár bhfilí agus ár gcumadóirí ina mbeatha le fearg agus le conach...

Revolution
Léaráid: Tuairisc.ie

Dúirt údar mór le rá ó Chorca Dhuibhne uair go n-eascraíonn an chumadóireacht is fearr ó racht feirge nó ó bhuille aighnis. Caithfidh go raibh amhránaí an ghrúpa Rage Against the Machine, Zach de lá Rocha, ina scoláire Gaelainne anseo tamall mar is minic an nath anger is a gift mar churfá aige. Nuair a dúnadh Scoil Dhún Chaoin ar ordú ón Rialtas sna 1970í, bhí oiread feirge ar dhuine de thuismitheoirí na scoile, file pobail deireanach an pharóiste John Learaí Ó Cíobháin, gur cheap sé dán ina thaobh:

Is mór an náire is an aithis é

An oidhreacht seo do thréigean

Tré dhún na scoile seo

An scoil is gaelaí in Éirinn

Dá mairfeadh na laochra calma

Do bhí againn i 1916

Agus an cuspóir do bhí acu beartaithe

D’fheiscint á stracadh as a chéile.

Táimid ag gabháil trí (nó gafa tríd más fíor bolscaireacht an rialtais) cheann des na tréimhsí is corraithí agus is conspóidí a facthas riamh in Éirinn, agus ba dhóigh leat go mbeadh ár bhfilí agus ár gcumadóirí ina mbeatha le fearg agus le conach. Ba dhóigh leat go mbeadh dán nó amhrán agóide nua ag teacht ar an saol gach aon lá, agus saothair nua á gceapadh acu ar hap a’ tairne. Ach faraor ní hamhlaidh atá, as Béarla nó as Gaelainn, mar is fada fánach an uair a chloisfeá aon nath feirge inár n-amhráin a thuilleadh.

Ní hamhlaidh a bhí tráth. Ní gá ach dul siar go dtí na 1980í nuair a bhí saibhreas amhráin agóide agus amhráin pholaitiúla á gcumadh agus á seinm sa dá theanga. Bhí Christy ag canadh fé na H-Blocks agus an Stardust agus John Beag ag amhrán fé bhóithre Chonamara agus fén imirce, gan trácht ar an gceol reibiliúnach ar fad a bhí sa treis.

Nach raibh The Men Behind the Wire de ghlanmheabhair ag formhór na tíre? Níos sia siar sa 20ú haois nach raibh mórchuid de cheannairí réabhlóideacha na tíre ina bhfilí nó ina gceoltóirí – An Piarsach, An Pluincéadach, An tÁghasach? Agus nach bhfuil ár nduanairí agus ár gcnuasaigh lán go gunail le véarsaí polaitiúla?

Dúirt fealsúnaí éigin uair amháin gurb iad na buaiteoirí a scríobhann an stair ach gurb iad na cailliúnaithe a scríobhann na hamhráin. Más iad, ba chóir go mbeadh bailiúchán ollmhór againne.

Ach cá bhfuil ár mbaird agus ár bhfilí inniu? Is minic a chloisimid amhráin fé dhul siar go Conamara nó fé bheith i ngrá le Suzanne Vega, ach is uair fhada fhánach a chloisfeá fé Uisce Éireann nó fén lucht rachmais agus a bprócadóirí a d’fhág an tír in umar na haimléise (cé go bhfuil an ‘Uisce Uisce, Read All About It’ le Tuath ina Amhrán na hAoine ag www.nos.ie an tseachtain seo – ‘Enda, tá an córas briste/ach tá muid róchliste/carr úr a cheannacht duitse‘). Is mó i bhfad na leaganacha Gaelainne de phop-amhráin Angla-Mheiriceánacha atá á seinnt sna meáin ná leithéidí ‘Alí- Dílleachtín gan Bhrí’ le Róisín Elsafty (Daonlathas a’ teacht aniar ar bhord B-52/Níl saoirse ná suaimhneas ag Iarácaigh níos mó).

Cé go bhfuil Christy Moore fós ag canadh fé cheisteanna sóisialta agus polaitiúla agus go bhfuil Damian Dempsey agus leithéidí Mick Blake amuigh ansan (b’fhiú éisteacht le Mr. Tepper nó Oblivion Bhlake), chuirfeadh sé ag cuimhneamh tú. Feictear dom go bhfuil bearna mhór inár gceol agus inár bhfilíocht agus easpa tráchtaireacht shóisialta nó polaitiúil le cloistint.

Ceoltóirí agóide ab ea scata de na ceoltóirí ab aitheanta le céad bliain anuas. Cuimhnigh ar ghiotár Woody Guthrie agus ‘this machine kills fascists’ scríofa air. Cuimhnigh ar Anarchy in the UK na Sex Pistols nó What’s Going On? le Marvin Gaye. An bhfuil a gcomharbaí siúd le fáil ar na saolta seo?

Chuir Alex Hijmans ceist anseo le déanaí – agus an-cheist is ea í. Tagaim le tuairisc Alex go mbíonn sé ábhairín míchompordach nuair a bhíonn duine atá ‘lasmuigh’ ag tabhairt tuairisce nó breithiúnais ar cheisteanna sóisialta. Ach i mórán cultúr agus i mórán sochaí ar fud an domhain is iad na ceoltóirí agus na hamhránaithe guth an phobail, agus is amhlaidh a bhí inár gcultúr féin go dtí le fíor-dhéanaí.

Fé mar is eol do chách tá athrú ó bhonn tagtha ar ar bhfilíocht le trí fichead bliain anuas. Rud pearsanta seachas rud pobail atá ann den chuid is mó sa lá atá inniu ann. Mar sin féin ba dhóigh leat go bhfuil scóip ann d’fhilí filleadh ar a bpobail agus guth agus glór a thabhairt dóibh siúd is mó atá in ísle brí in éis na tubaiste. Níl puinn ar chuma Shéamais Barra Uí Súilleabháin ag cumadh, agus ní minic a léifeá dánta ar nós ‘Cad a thug oraibh dul chun spairne?’ le hAogán Ó Muircheartaigh:

féach anois sinn

céad bliain anonn

ár dteanga i ngreamanna an bháis

ár bpoblacht curtha de dhroim seoil

is sealús ár dtíre á thabhairt ar láimh

do neacha na gcuntanós ceilte

an maoinlathas i gcomhacht

Tá sé ráite go rímhinic agam gur spéis leis na Gaeil mórán saghsanna ceoil agus go mba chóir ardán a bheith ann do gach saghas amhránaí, ceoltóir agus file. Mar sin, mo sheasamh oraibh a chumadóirí, a fhilí agus a bhaird – éirígí chun feirge!