D’fhiafraigh mé de shagart cá raibh an buama? Istigh sa sacraistí, a dúirt sé.

Ní inniu ná inné a tosaíodh ag creidiúint i míorúiltí ar oileán Malta.

7216004416_aaacf3b62e_b
An buama in Ardeaglais Mosta

 

Rinne Glór Cheatharlach athsheoladh ar an dlúthdhiosca, Cuisle na Nollag, ag deireadh na bliana seo caite. Tá carúil Ghaeilge air agus cloistear freisin cór na mban rialta i Mainistir na gCláiríneach, Ceatharlach, ag casadh Adeste Fideles.

Is dóigh nach mbeidh sé i bhfad anois go gcloisfear mná rialta as Éirinn ag casadh sa gComórtas Eorafise mar a bhí mná rialtá as Malta i gcomórtas na bliana seo caite. Ní dhearna siad ró-dhona ach an oiread; tháinig siad sa seachtú háit.

Tá neart mná rialtá i Malta i gcónaí, cé go bhfuil go leor acu ag dul in aois mar atá i gcuid mhaith tíortha eile. Tír mhór leis an gCaitliceachas í Malta más cruthú ar bith an comóradh poiblí a dhéanann siad   ar fhéilte na heaglaise.

Bhí mé féin agus mo bhean chéile ansin Lá Fhéile Muire Mhór sa bhFómhar dhá bhliain ó shin. Ba mhór an áilleacht an cóiriu a bhí curtha ar na bailte, idir bratacha dathannacha agus pictiúir mhóra fheiceálacha de na naoimh.

Shocraigh muid cuairt a thabhairt ar Ardeaglais na Deastógála i Mosta. Tá creideamh láidir ag mo bhean chéile sa Maighdean Mhuire. Maidir liomsa ní raibh uaim ach léargas a fháil ar an gcomóradh agus amharc a fháil ar an macasamhail de bhuama atá coinnithe ansin i gcónaí, mar a mhíneoidh mé ar ball beag. Novatech DIGITAL CAMERA

Cheiliúr slua sagart, agus easpag nó dhó ina measc, Aifreann breá i Maltais. Bhí an cór thar barr ar fad. D’fhiafraigh mé de shagart ar i Maltais a léitear na haifrinn go coitianta ar fud an oileáin ar fad? Shilfeá gurbh é an chaoi ar chuir mo cheist ionadh air. Cinnte is ea, ar seisean.

Tá pobal an oileáin dátheangach amach is amach chomh fada is ba léir domsa. Nuair a chuirfeá ceist ar fhreastalaí san óstán, d’fhreagródh sé thú i mBéarla blasta ach d’iompódh sé thart ansin agus thosódh sé ag spalpadh Maltaise lena chuid comrádaithe.

Bhí dealbh mór trom den Mhaighdean Mhuire san eaglais agus nuair a bhí an tAifreann thart, chuaigh deichniúr sagart urrúnta fúithi gur iompair amach an doras í agus ar mhórshiúl timpeall na cearnóige. Lean na fíréin go deabhhóideach iad agus chuaigh leibidí mar mé féin ag crágáil ina ndiaidh.

Sular fhág muid an eaglais, d’fhiafraigh mé de shagart eile cá raibh an buama?

Istigh sa sacraistí, a dúirt sé. Thug sé isteach muid go bhfeicfeadh muid é.

Le linn an chogaidh bhí Malta faoi cheannas na Sasanach. Bhí na Gearmánaigh á mbuamáil as éadan as an aer. Lá amháin i mí an Aibreáin 1942, bhí trí chéad duine san eaglais sin i Mosta nuair a tháinig buama glan díreach anuas tríd an díon. Sciorr sé amach ar an urlár ach níor phléasc sé.

Míorúilt cinnte a dúirt na fíréin agus creideann a lán sin fós.

Chonaic mé míniú eile ar an scéal in áit eile; go raibh an dochar bainte as an mbuama ag dream as monarcha sa tSeicslóvaic a bhí in aghaidh na nGearmánach agus nach raibh istigh ann ach gaineamh nuair a scaoileadh as an eitleán é.

Sin é a chreidfinnse freisin ach bheadh sé fánach agat a leithéid de mhíniú a chur i bhfeidhm ar an duine as Malta a chreideann i míorúiltí.

Ar ndóigh, ní inniu ná inné a tosaíodh ag creidiúint i míorúiltí ar an oileán céanna.

Nuair a bhí Naomh Pól ina phríosúnach ar bhád amach ón gcósta ansin dhá mhíle bliain ó shin d’éirigh stoirm agus raiceáileadh an bád. D’éirigh leis an gcriú, leis an gcuid eile de na príosúnaigh agus le Pól a theacht i dtír ar éigean. Seo é an cuntas atá sa mBíobla:

“Nuair a bhíomar slán i dtír fuaireamar amach gurbh é Malta ainm an oileáin. Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn: d’fháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar. Bhailigh Pól gabháil brosna agus nuair a chaith sé sa tine é léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh. Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”

“Chroith Pól uaidh an phiast isteach sa tine gan díth ná dochar air. Bhí coinne acu siúd go n-atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh a bheith ag feitheamh agus ag faire i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur Dia a bhí ann.”

Níor tharla aon mhíorúilt do na mná rialta a chas an t-amhrán sa gcomórtas Eorafíse.

Bí cinnte, mar sin féin, go ndéarfadh na fíréin i Malta gurbh é toil Dé a bhí ansin freisin!

Fág freagra ar 'D’fhiafraigh mé de shagart cá raibh an buama? Istigh sa sacraistí, a dúirt sé.'