Mhínigh mé go rabhamar ag iarraidh an daonáireamh a líonadh i nGaeilge. ‘Tut!, tut!’ a deir sí

Ón nóiméad ar luaigh ár gcolúnaí an Ghaeilge le bean an daonáirimh bhí sí mímhúinte agus gránna léi

Census

‘Sorry,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh aird bhean an daonáirimh a tharraingt. Bhí sí imithe síos trí nó ceithre dhoras ar an tsráid ón teach s’againne faoin am gur thuig mé nach raibh foirmeacha an daonáirimh dátheangach.

Mhínigh mé di go raibh muid ag iarraidh an daonáireamh a líonadh amach i nGaeilge. Agus í sách corraithe, rinne sí torann lena teanga: ‘Tut, tut!’.

Ón nóiméad a luaigh mé an Ghaeilge léi bhí sí mímhúinte agus gránna liom. Ní fhéadfainn cuir síos ar bith eile a dhéanamh ar an iompar a bhí uirthi.

‘Well, I don’t have any in Irish,’ a dúirt sí agus cuma an oilc uirthi. Bhí muid seasta i lár chathair dhátheangach na Gaillimhe nuair a tharla an comhrá seo. Shílfeá go mbeadh foirm nó dhó aici i nGaeilge ar eagla na heagla.

Níor bhac mé le dada eile a rá. Ní raibh uaim ach an fhoirm Ghaeilge a fháil agus gan imeacht i bhfad scéil leis. ‘I’ll have to come back another day,’ a dúirt sí go gearánach sa deireadh.

Tháinig lá an daonáirimh, bhí an fhoirm faighte i nGaeilge againn faoin am sin agus líon fear an tí amach é agus níor chuimhnigh muid air níos mó. Trí lá ina dhiaidh sin tháinig dhá chnag mhór ard ar an doras ag am dinnéir. Cheap mé go raibh duine de na comharsan ag magadh ar mhaithe le geit a bhaint as na páistí.

Chaoch mé mo shúil leis na gasúir agus chuaigh mé amach sa halla. ‘Arb é sin é an mac tíre mór dána?’ a scairt mé agus an eochair á cur sa doras agam. Níor chuala mé aon fhreagra. D’oscail mé  an doras.

‘I’m here to collect your census form,’ a dúirt sí.

Tharla go raibh fear an tí imithe ag an siopa agus ní raibh a fhios agam cá raibh an fhoirm leagtha aige. Níl a fhios agam an é go raibh muid ceaptha an fhoirm a bheith leagtha againn ar philiúr mín órga sa halla nó go dtiocfadh uaisle an daonáirimh chugainn, ach nuair a d’iarr mé uirthi ar chuma léi fanacht nóiméad go gcuardóinn é d’éirigh sí corraithe agus lig cneada aisti.

Chuir mé glaoch ar fhear an tí. Bhí na páistí bailithe sa halla agus iad tosaithe ag bladráil chainte leis an gcuairteoir. ‘Dia dhuit’, a dúirt an té is óige léi. Bhreathnaigh sí air, níor dhúirt tada agus bhreathnaigh suas ormsa ansin agus dúirt go crosta: ‘I’ve been here three times already, this is ridiculous.’

Bhí a fhios agam nach bhféadfadh go raibh trí iarracht déanta aici an fhoirm líonta a bhailiú. Tá triúr páistí óga sa teach – tagann muid isteach tráthnóna agus ní chorraíonn muid amach arís go maidin. Is ag gearán mar go raibh uirthi a theacht ar ais leis an bhfoirm i nGaeilge a bhí sí. ‘Don’t bother,’ a dúirt sí, ‘don’t even bother.’

Bhain sí siar asam, ach bhí uaim an fhoirm a fháil, é a shíneadh chuici agus í a chur ó dhoras sa gcaoi is nach mbeadh orainn a bheith ag déileáil arís go deo léi. D’fhreagair fear an tí an fón is d’inis dom cá raibh an fhoirm leagtha. Shín mé chuici é. ‘That’s it,’ a dúirt sí agus tharraing sí uaim é agus d’imigh. Nár fheice muid arís í.

Shílfeá, óir is dream mór ceisteanna iad, go mbeadh lucht an daonáirimh in ann ceist a chur ar na daoine a earcaíonn siad an bhfuil aon Ghaeilge acu.

Nó fiú ceist a chur orthu an é go bhfuil siad chun ionsaí a dhéanamh ar dhaoine a iarrfaidh foirm trí Ghaeilge?

Fág freagra ar 'Mhínigh mé go rabhamar ag iarraidh an daonáireamh a líonadh i nGaeilge. ‘Tut!, tut!’ a deir sí'

  • Aodán Ó Sé

    Scéal difriúil ar fad abhí agam i gcathair Chorcaí, Chuireas isteach foirm Ghaeilge i 2011, agus bhí a leithéid ina láimh ag an áiritheoir dom an babhta seo. Bhí mo sheoladh ar fad as Gaeilge ag barr na foirme aige, agus comhrá gearr Gaeilge againn le chéile. Seirbhís shlachtmhar, ar ndóigh!

  • Breathnóir

    Tá sé aisteach, agus cúis díomá é ar ndóigh, go mbeadh a leithéid de thaithí dhiúltach aici i nGaillimh. An é nach bhfuil sa chaint ar fad faoi ‘chathair dhátheangach’ ach béalghrá?

  • Síomha Ní Mhuirí

    Droch scéal é sin cinnte ach sílim buíochas le Dia bfhéidir just go raibh an mhí-ádh agat duine droch bhéasach a fháil. Bhain sé geit asam féin nuair a dfhreagair an bhean mé ag mo dhoras le “cinnte seo dhuit” nuair a diarr mé uirthi ceann Gaeilge a fháil. – (Mise suite i lár tuaisceart na cathrach BÁC.) Nuair a tháinig sí ar ais labhair sí Gaeilge arís liom chun é a bhailiú cé go raibh sé soléir nach Gaeilgeoir a bhí inti…

  • Eoghan ONeill

    Thug an bhean an fhoirm ghaeilge dúinn gan dua ar bith i gCill Chainnigh

  • Seán Mac Gearailt

    Bhí an leagan Gaeilge ina láimh ag an mbean a tháinig chugam i nDún Laoghaire / Ráth an Dúin. Dúirt sí gur líon mé an fhoirm Ghaeilge i 2011 agus bhí sí ag ceapadh go mbeadh an leagan Gaeilge uaim arís an turas seo.
    Ní cóir go mbeadh ar éinne cur suas le mí-iompar den tsort a luaigh do chomhfhreagraí.

  • Eilis Ní Anluain

    Creidiúint ag dul duit nár bhris ar an bhfoigide agat. Bhí mé buíoch bailitheoir a theacht chugainn i mBré a raibh an fhoirm Ghaeilge aige agus a labhair go cúirtéiseach i nGaeilge an dá chuairt aige ar an teach.

  • Séamas Mac Coitir

    Bhí an t-áiritheoir daonáirimh a tháinig chuig mo theachsa lách cúirtéiseach. Thug sé an leagan Gaeilge de fhoirm an daonáirimh dom ar an toirt nuair a d’iarr mé air í. Is ar éigean a bhí aon Ghaeilge aige, bíodh is go raibh oideachas ollscoile air. Ní thógaim air é, arae, is ar an gcóras oideachais atá an locht! Bhí sé dífhostaithe, agus é ag iarraidh cúpla euro a shaothrú a choinneodh an snáithe faoin bhfiacail aige! A chonách sin air, agus tuilleadh bisigh air!

  • coc

    Roinnt thuas ag rá go bhfuaireadar leagan Gaeilge an uair seo gan fiú gá an cheist a chur mar gur chuimhníodar gur i nGaeilge a líonadh i 2011 iad. Nach bhfuil an t-eolas sin in ainm is a bheith faoi rún?

    • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

      Tá an eolas a scríobhtar ar an bhfoirm faoi rún cinnte ach tuige go mbeadh an fíric gur ghlac tú le foirm as GA?

      Cinneadh stuama úsáid a bhaint.

  • Ben Ó Ceallaigh

    Tá gaol liom ag obair ag leibhéal na bainistíochta sa bPríomhoifig Staidrimh, agus phléigh mé an scéal náireach seo leis. Is dó faoin am seo nach bhfuil uait ach dearmad a dhéanamh ar an mbean sin, ach má tá tú ag iarraidh gearrán a dhéanamh fúithi (agus sílimse gur fiú), seo an r-phost lena chuir chuige: copfieldmanagment@cso.ie