Martin Luther, an Reifirméisean agus an Ghaeilge

Dá gcuimhneodh deisceabail Martin Luther mar is ceart ar chúrsaí teanga, d’fhéadfadh an Ghaeilge a bheith i mbarr a réime in Éirinn inniu, a deir ár gcolúnaí

Martin Luther, an Reifirméisean agus an Ghaeilge

Tá comóradh á dhéanamh ar fud an domhain ar Martin Luther i mbliana. Cúig chéad bliain go ham seo a chroch sé a chuid moltaí ar dhoras a shéipéil áitiúil, le súil is go rachfaí i ngleic le cuid de chleachtais na hEaglaise Caitlicí ag an am.

Caitliceach agus ball d’Ord Agaistín ab ea Luther féin, ach ghoill an smaoineamh go bhféadfaí loghanna a dhíol go mór air. Ba léir dó, mar is léir do chách anois, an éagóir a bhain lena leithéid.

Lena chois sin, bhí sé ar mhalairt tuairime leis an Eaglais i dtaobh ceisteanna a bhain le míorúiltí agus comaoineach. Bhain an chuid eile dá chuid argóintí le plé ar an difear idir ábharachas agus spioradáltacht, an nádúr agus an t-osnádúr, agus an saol seo is an saol eile.

B’iad seo na ceisteanna ba mhó a phléigh sé ina chuid Téiseanna – cúig cinn déag agus ceithre scór díobh san iomlán – agus ba leor iad le tús a chur leis an Reifirméisean.

Bhí Rí Anraí a hOcht ar dhuine de na daoine nach raibh ar aon fhocal le Luther agus nuair a chuir sé an méid sin in iúl i scríbhinn, ba é a dúirt Luther mar fhreagra air, ‘Níl sé ach ag déanamh dia beag de féin, mar is dual dó’.

Níorbh fhada ina dhiaidh gur theastaigh ó Anraí a phósadh le Catherine Aragon a chur ar ceal – is é sin, neamhniú pósta a fháil – toisc nach raibh buachaill tugtha ar an saol aici. Nuair a dhiúltaigh an Pápa a bheannacht a thabhairt dá iarratas, d’fhógair Anraí gurb é féin a bheadh i gceannas ar Eaglais Shasana feasta agus thosaigh sé ag dáileadh cóipeanna den Bhíobla ar chosmhuintir na tíre.

D’fhéach a bheirt chlainne, Edward agus Eibhlís, leis an bprionsabal cuius regio, eius religio a chur i bhfeidhm in Éirinn, is é sin le rá, an té atá i bhfeighil ceantair ar leith, is é a chreideamhsan a chleachtfar sa cheantar sin.

Maidir le Luther, tar éis dó a bheith i láthair ag Diat Worms, fuair sé bheith istigh ó Friedrich, toghthóir na Sacsaine, agus thosaigh sé ag aistriú an Bhíobla go Gearmáinis agus ag dáileadh cóipeanna dá chuid féin ar mhuintir na tíre sin. Is san aistriú seo atá an leagan cáiliúil Glaube allein le fáil, leagan a chiallaíonn gur leor an creideamh as féin le duine a shábháil.

Cuid lárnach de chur chun cinn an Reifirméisin ar fud na hEorpa ab ea aistriú an Bhíobla go teangacha na hEorpa, agus in Éirinn bhí fear darbh ainm William Bedell ag cur Gaeilge ar an mBíobla.

Ainneoin gur Phrotastúnach é agus gurbh é Eagrán Rí Séamas den Bhíobla a bhí á thiontú aige, chuir na húdaráis Phrotastúnacha go láidir ina aghaidh agus chuir siad príosún air.

Ba í an chinniúint chéanna a bhí i ndán dó nuair a d’éirigh na Gaeil amach in aghaidh na nGall i 1641. An uair sin, ba iad na Gaeil a chuir i bpríosún é, cé gur fhéach siad lena chosaint i dtosach na troda. Theip ar an tsláinte aige sa phríosún agus cailleadh é an bhliain dár gcionn (1642).

Rinneadh iarracht a aistriúchán ar an mBíobla a scriosadh nuair a réabadh a theach, ach d’éirigh le Narcissus Marsh (Príomháidh Eaglais na hÉireann ina dhiaidh sin) greim a fháil air agus é a shábháil. Foilsíodh Bíobla Bedell sa bhliain 1685. Chinntigh an frith-Ghaelachas a bhí i réim sa tír, áfach, nár scaipeadh ach cúpla céad cóip de, agus is dealraitheach go raibh baint ag an méid sin le teip an Reifirméisin in Éirinn.

Bhí isteach is amach le trí chéad bliain ann sular foilsíodh leagan Gaeilge eile den Bhíobla ina iomláine, faoi stiúir an Ollaimh Pádraig Ó Fiannachta, nach maireann. Sa Pheintiteoch den Bhíobla sin, a foilsíodh ar dtús i 1971, tá na focail ‘I gCuimhne ar William Bedell’ scríofa ar an leathanach clúdaigh.

Ba é spiorad an éacúiméineachais agus an ghrá do na comharsain a spreag an nóta sin, díreach mar a spreag sé Martin Luther i ndeireadh a shaoil – dá theasaí is dá neamh-Chríostaí dár éirigh an díospóireacht idir é féin agus lucht a cháinte ar uairibh.

Dúirt an Pápa Proinsias níos luaithe i mbliana gurb í an aidhm a bhí ag Luther ná an Eaglais a athnuachan, seachas í a scoilt. Tá dúshlán na hathnuachana agus an athmhuintearais roimpi i gcónaí.

Ceist eile ar fad, áfach, is ea cén seasamh a bheadh ag an nGaeilge agus ag an dátheangachas feidhmeach in Éirinn na linne seo dá n-éireodh le misean William Bedell?

_______________________________________

In ómós do William Bedell agus do Edward Nangle (Nagle), na chéad Ghaeil Phrotastúnacha

Fág freagra ar 'Martin Luther, an Reifirméisean agus an Ghaeilge'

  • Feardorcha

    … na chéad Ghaeil Phrotastúnacha

    Cad déarfá leis na hAlbanaigh?