Má tá fir sinséir le déanamh, bíodh sinséar agat!

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní féidir é a bheith ina ghruth is ina mheadhg agat, mar a fuair ár gcolúnaí amach le gairid.

Run_run_as_fast_as_you_can,_you_cant_catch_me_Im_the_gingerbread_man_(6452021093)

Níl a fhios agam an iad soilse na Nollag nó an boladh spíosraí san aer a chur mearbhall orm ach dúirt mé leis na cailíní an lá cheana go ndéanfadh muid brioscaí Nollag in eindí.

Bhí seit de na cruthannaí beaga fir sinséir faighte sa siopa agam an lá roimhe. Bhí mé amhail is cinnte go raibh brioscaí déanta agam uair éigin cheana.

Ní fhéadfadh sé a bheith chomh deacair sin cúpla briosca a dhéanamh, an bhféadfadh? Seans gur cheart dom ruainne comhairle a bheith faighte agam.

An chéad rud a déarfaidh báicéara ar bith leat, samhlaím, ná a bheith cinnte go bhfuil na rudaí ar fad a theastaíonn uait bailithe le chéile roimh ré.

Má tá fir sinséir á ndéanamh agat, bí cinnte agus sinséar a bheith sa teach agat; sin é an sórt rud a déarfadh Anna Nolan ar an Great Irish Bake Off leat dá gcuirfeá ceist uirthi. Ná ceap go ndéanfaidh paiprice nó púdar curaí an chúis. Ní dhéanfaidh.

B’fhéidir go gcuirfí comhairle ort freisin an t-im a bheith fágtha amuigh as an gcuisneoir agat ar feadh tamaill roimh ré le go mbeidh sé sách bog. Má tá uait é a mheascadh nó go mbeidh cuma ‘éadrom, geal agus clúimhtí’ air, beidh trioblóid agat má tá sé i ngar a bheith reoite agus chomh crua le cloch.

Ná dearmad go gcaithfear na treoracha a leanúint go beacht – go háirithe nuair atá gasúir óga ag cabhrú leat. Bí cinnte agus treoracha soiléire a thabhairt. Cé go bhfuil Persil non-bio cosúil le plúr, ní plúr atá ann. Is fiú aird a tharraingt ar an difríocht seo.

Cuimhnigh nach n-oibríonn ionadú i gcónaí le báiceáil. Má tá tú gann ar shiúcra, ná ceap go ndéanfaidh Rice Krispies meillte an jab. Níl aon mhaith sa tsíoróip ach an oiread. Déanfaidh sé an taos rófhliuch agus nuair a dhéanfaidh tú iarracht é a rolláil amach, greamóidh sé don bhord, don lego agus d’aon rud eile a chasfar air.

Seans go mbeadh sé ráite liom freisin go bhfuil tábhacht le toisí i gcúrsaí bácála; má bhriseann ubh anuas ar an mbord, ná déan iarracht é a scúpáil isteach sa mbabhla ag súil go ndéanfaidh ‘leathubh’ cúis.

Má bhriseann an t-aon ubh eile a bhí fágtha sa teach anuas ar an urlár, is fearr dearmad a dhéanamh ar na huibheachaí ar fad, deichniúr den pháidrín a rá agus dul i muinín an bhainne.

Fág freagra ar 'Má tá fir sinséir le déanamh, bíodh sinséar agat!'