Ligimis do pháistí a mbeatha a chur i mbaol!

Ar éigean a ligtear páistí amach leo féin ag spraoi agus ag súgradh anois ligimis dóibh a gcuid misnigh ‘a thraenáil’, a scríobhann ár gcolúnaí

life-862985_1920

Nuair a bhí mé i mo ghasúr dhéanainn rudaí a mbreathnófaí anois orthu mar rudaí contúirteacha. Théinn ag rothaíocht fud fad na dúiche gan tuairim ag mo thuistí cá raibh mé. Théadh mé féin agus mo chomrádaithe ón scoil ag spraoi ar láithreacha tógála, le trealamh na dtógálaithe a bhí imithe abhaile. Nuair a bhí mé trí bliana déag théinn féin agus mo dheartháir óg, nach raibh ach dhá bhliain déag, ag taisteal fud fad na hÍsiltíre le ticéad speisialta do dhéagóirí a bhíodh ag comhlacht na dtraenacha. Ní bhíodh pioc imní ar ár dtuismitheoirí fúinn, nó má bhí, níor lig siad tada orthu.

Go deimhin, dhéanaidís féin rudaí a ndéarfaí ina dtaobh inniu nach raibh siad stuama. Bhí veain againn. Ní raibh suíochán cúil inti ach ar ndóigh bhí beirt pháistí le hiompar timpeall na tíre chuig mamó agus scata gaolta eile. Bhí réiteach ag mo mham. D’aimsigh sí dhá chúisín mhóra toilg a bhí caite le taobh an bhóthair ag duine éigin agus chuir i gcúl an chairr iad.

Seo linn, ag réabadh síos an mótarbhealach, mise agus mo dheartháir inár suí ar na cúisíní seo nach raibh ceangailte le rud ar bith. Ní raibh radharc ar bith ar chrios sábhála ach an oiread – ná ar phóilín a chuirfeadh fíneáil orainn.

Níorbh í mo mham amháin a raibh dearcadh réchúiseach aici ar chúrsaí sábháilteachta. Nuair a théimis ar saoire go Críoch Lochlann sa veain chéanna d’fhanadh na cúisíní sa bhaile agus chuirtí struchtúr adhmaid isteach chun veain cheart champála a dhéanamh aisti. Bhínn féin agus mo dheartháir inár luí béal fúinn ar an struchtúr seo, ag breathnú amach tríd an ngaothscáth agus ár lámha faoinár smig. Níor rith sé le héinne go dteilgfí amach tríd an ngaothscáth céanna muid, mar a bheadh dhá dhiúracán, dá mbeadh orainn stopadh go tobann. 

Ag caint ar dhiúracán, sórt diúracán kamikaze a bhí sa veain féin. Toisc go mbíodh stáisiúin pheitril gann go leor i dtuaisceart Chríoch Lochlann líonadh m’athair canna breosla plaisteach le peitreal, ar fhaitíos na bhfaitíos. Cá gcuireadh sé an canna breosla breise seo? Is ea go díreach, cheanglaíodh sé de ghríl an chairr é, díreach os cionn an tuairteora tosaigh – ábhar pléascach a shéidfeadh in aer muid ar fad dá mbuailfeadh muid crann, nó carr eile.

Ach féach! Tá mé fós anseo ag clóscríobh liom ar mo shuaimhneas! 

Ach ní dhéanfadh tuismitheoirí an lae inniu na rudaí a dhéanadh mo thuismitheoirí sna hochtóidí agus tá faitíos orm nach ndéanann páistí an lae inniu na rudaí a dhéanainnse nuair a bhí mé óg. Tá buachaill beag dá chuid féin ag mo dheartháir óg. Is i suíochán sábháilte do pháistí a thaistealaíonn an leaid beag sin. Tagann fearg ar mo dheartháir aon uair a chuimhníonn sé ar na cúisíní a bhíodh i gcúl veain mo mhuintire. 

D’fhéadfaí mífhreagracht a chur i leith mo thuismitheoirí (mar a dhéanann mo dheartháir) ach dar liom féin nach raibh ann ach go raibh dearcadh difriúil ar an saol acu. Dearcadh, is oth liom a rá, atá sa chill – in aice leis an tuairim a bhí coitianta nuair a bhí mé óg gur i bhfeabhas a bheadh an saol ag dul seasta, seachas i ndonas.

Sa lá atá inniu ann, tá gach rud ‘contúirteach’.

Ar éigean a ligtear páistí amach leo féin ag spraoi agus ag súgradh.

Tugann Teresa Mannions an tsaoil seo íde na muc is na madraí dúinn nuair a theastaíonn uainn dúshlán dhéithe na haimsire a thabhairt. 

Fógraíonn na húdaráis códanna i ngach uile dhath nuair a fheiceann siad púcaí in áit éigin.

Ach dá mhéad rialacha slándála a chuirimid i bhfeidhm, is mó an faitíos a bhíonn orainn, feictear dom. Mar a bheadh barántas uainn ón saol nach bhfaighimis bás. Craiceáilte!

Agus an toradh a bheas air ná gur dream muid feasta nach mbeidh in ann dul i ngleic le géarchéim nuair a bheidh géarchéim dháiríre ann. Ní ligfidh an eagla dúinn.

Cinnte, ní mholfainn d’éinne sampla mo thuismitheoirí a leanúint agus gaiste báis a dhéanamh de charr. Ach ba mhaith liom a cheapadh go mbeadh sponc éigin i ngasúir an lae inniu agus go ligfeadh a dtuismitheoirí dóibh a gcuid misnigh a thraenáil.

Mar a dhéanainn féin nuair a bhí mé a trí nó ceithre bliana déag. Déagóir saghas faiteach a bhí ionam agus theastaigh uaim rud éigin a dhéanamh faoi.

Oíche i ndiaidh oíche, thugainn aghaidh ar an bpáirc náisiúnta mhór atá gar go leor do theach mo mhuintire chun dul amú i ndorchadas na foraoise. D’fhágainn an cosán agus dhéanainn mo bhealach tríd an scrobarnach dheilgneach go dtí go mbíodh an bealach caillte agam ar fad.

Ansin choinnínn orm píosa eile.