Léirmheas ar An Eochair le Clíodhna Cussen

Faightear léargas thar a bheith suaithinseach sa leabhar seo ar shaol na mban tuaithe le linn tréimhse chorraitheach i stair na tíre

Cliona

Tá tábhacht mhór ag baint leis an úrscéal staire i gcónaí agus ní taise d’ealaíontóirí ilghnéitheacha dála Clíodhna Cussen, Luimníoch, a bhfuil réimsí den chultúr Gaelach idir lámha aici agus a bhfuil úrscéal stairiúil an-spéisiúil ar fad foilsithe aici ar na mallaibh dar teideal An Eochair. Cur síos an-tuisceanach agus scéal fileata ar óige Eibhlín Dhubh Ní Chonaill agus an grá a bhí aici d’Art Ó Laoghaire, grá a spreag ceann de na dánta nó na caointe is saibhre a tháinig anuas mar oidhreacht chugainn ó dheireadh an ochtú haois déag. Go nuige seo, ba ar theicnicí agus feidhm an chaointe a bhí aird na scoláirí agus díospóireachtaí maidir le cén seánra lena mbaineann an caoineadh clúiteach – seánra na litríochta béil nó seánra na litríochta agus mar sin de.

Ba bheag taighde a rinneadh ar Eibhlín Dhubh féin, an bhean agus a cúlra. Tá sé sin curtha ina cheart anois, a bhuíochas le Clíodhna Cussen. Ní hamháin go dtógtar siar muid go milieu ilteangach na hÉireann (dála an lae inniu), faighimid léargas thar a bheith suaithinseach ar shaol na mban sa tréimhse sin a raibh idir Ghaeilge, Fhraincis agus Laidin ar a dtoil ag cuid mhór daoine, gan trácht ar an mBéarla. Níor mhaith liom an iomad den scéal a sceitheadh mar is leabhar é seo ba cheart a bheith i ngach “stoca Santy” um Nollaig ach is fiú blaiseadh an-bheag a thabhairt ar chúinsí an ama mar atá ríofa i bprós soléite an úrscéil seo.

Rugadh Eibhlín Dhubh Ní Chonaill timpeall na bliana 1743 i gCathair Dónall, Contae Chiarraí. Bhí sí ar dhuine de 22 páiste, a deirtear. Domhnall Mór Ó Conaill ab athair di, an fear a thóg Teach Dhoire Fhionáin an chéad lá riamh.  Ba theaghlach iad a raibh lé láidir acu leis an oideachas, idir chailíní agus bhuachaillí, agus ba sa Fhrainc a cuireadh oideachas ar roinnt de dheartháireacha Eibhlín. Deineadh cleamhnas d’Eibhlín agus gan í ach 15 bliain d’aois le feirmeoir aosta ón gceantar darbh ainm Ó Conchúr, ach fuair seisean bás thart ar sé mhí tar éis na bainise. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, i 1767, bhí Eibhlín ag tabhairt cuairte ar dheirfiúr léi, i Maigh Chromtha, nuair a chonaic sí Art Ó Laoghaire den chéad uair. Bhí sí splanctha ina dhiaidh agus thit seisean i ngrá léi ar an bpointe freisin. Cé nach raibh sé ach bliain is fiche d’aois, bhí Ó Laoghaire tagtha abhaile go hÉirinn i ndiaidh dó tréimhse a chaitheamh in Arm na hOstaire, mar ar deineadh captaen de.

D’fhill Ó Laoghaire ar thír a raibh athruithe suntasacha le brath uirthi; den chéad uair leis na céadta bliain, bhí Caitlicigh ag tabhairt dúshlán na bunaíochta Protastúnaí agus iad ag iarraidh cur i gcoinne na géarleanúna agus na cinedheighilte. Seans go raibh Ó Laoghaire róchróga nó ródhúshlánach mar dúnmharaíodh é go fealltach tráthnóna amháin agus é ag freastal ar Rásaí Mhaigh Chromtha sa bhliain 1773.

Cé go maítear sa bhéaloideas gur de bharr éad i leith mná de nó aighneas i dtaobh capaill rása é, is é an fhírinne shearbh ná gur maraíodh Ó Laoghaire toisc go mba Chaitliceach é, Caitliceach a bhí sách muiníneach as féin le cur i gcoinne an tiarna talún Phrotastúnaigh áitiúil, fear darbh ainm Morris.

Ba é bás óg Uí Laoghaire a spreag ceann de mhórchaointe ealaíonta na Gaeilge, saothar a bhfuil áit ar leith aige i measc sheoda litríochta an domhain.