‘An tAire Gaeltachta gan aon Ghaeilge’ Joe McHugh ag filleadh ar chúrsa Gaeilge mar mhúinteoir

Thug McHugh le fios i mí Lúnasa na bliana seo caite gurbh é a mhian an teanga, a thosaigh sé a fhoghlaim nuair a ceapadh ina Aire Stáit é i 2014, a mhúineadh 'lá éigin'

‘An tAire Gaeltachta gan aon Ghaeilge’ Joe McHugh ag filleadh ar chúrsa Gaeilge mar mhúinteoir

Joe McHugh i mbun cainte le Liam Ó Cuinneagáin

Beidh Joe McHugh, an t-iarAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta nach raibh Gaeilge aige nuair a ceapadh é, ag filleadh ar Ghleann Cholm Cille agus é ina mhúinteoir Gaeilge an geábh seo.

Thug McHugh le fios i mí Lúnasa na bliana seo caite gurbh é a mhian an teanga, a thosaigh sé a fhoghlaim nuair a ceapadh ina Aire Stáit é in 2014, a mhúineadh “lá éigin”.

“Ní raibh a fhios agam é ag an am ach bhronn an Taoiseach féirín iontach orm, grá nua-aimsithe dár dteanga dhúchais. Ba bhreá liom a bheith in ann an Ghaeilge a mhúineadh lá éigin, fiú i rang beag áitiúil. Ba bhreá liom an féirín céanna a thabhairt do dhaoine eile,” a dúirt sé mí Lúnasa.

Tuairiscíodh ar an gcár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go mbeidh McHugh ag filleadh ar Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i nGaeltacht Thír Chonaill an samhradh seo le rang Gaeilge a mhúineadh. Dúirt an Teachta Dála do Dhún na nGall, atá ina Aire Stáit do Ghnóthaí Diaspóra anois, go bhfuil sé ag súil leis an tseachtain teagaisc an samhradh seo.

“Bhí ríméad orm nuair a dúirt Liam [Ó Cuinneagáin, bainisteoir Oideas Gael] liom nach raibh aon chúis ann nach múinfinn an rang. Tá mé ag tnúth go mór leis; tá mé dóchasach go bhfuil daoine amuigh ansin a bhí díreach cosúil liomsa agus atá ag smaointiú ar theacht ar ais go dtí an teanga.

“Bogadh go hAireacht nua mé ansin ach dúirt mé i gcónaí go dtabharfainn an Ghaeilge liom agus anois labhraím í achan lá i dTír Chonaill agus nuair is féidir liom i nDáil Éireann,” a dúirt McHugh.

Dúirt sé go mbíonn daoine atá ar bheagán Gaeilge, nó a mbeadh an cúpla focal acu, “compordach” ag labhairt na teanga leis agus gur “rud álainn” é sin. Chas McHugh le Ó Cuinneagáin i nGleann Cholm Cille ag tús na seachtaine seo le pleananna an ranga a phlé leis.

Dúirt McHugh gur chaith Oideas Gael go “han-mhaith” leis ar a “thuras trí Ghaeilge” agus go bhfuil sé ag súil le rud éigin a thabhairt ar ais don eagraíocht teanga.

Nuair a ceapadh i mí Iúil 2014 é, d’fhógair an tAire Stáit go mbeadh sé ag dul ar ‘aistear foghlama’ agus thug sé seachtain ar chúrsa Gaeilge i dTír Chonaill chun tús a chur leis an aistear sin.

Léirigh pobalbhreith a rinne Tuairisc.ie i gcomhar le Millward Brown ag deireadh na bliana 2014 gur mheas 61% den phobal nár chóir don Taoiseach Enda Kenny Aire Gaeltachta a cheapadh nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.

Fág freagra ar '‘An tAire Gaeltachta gan aon Ghaeilge’ Joe McHugh ag filleadh ar chúrsa Gaeilge mar mhúinteoir'

  • Tadhg MacCionnaithe

    Bullaí fhear Joe (agus Liam fosta). Samplá iontach do daoine fásta atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim.

  • brian ó daimhín

    Aontaím leat! Chuala muid an scéal faoi Naomh Pól, ar ndóigh, ach níor chreid muid i ndairíre é! Ach anois . . .
    Is féidir le Seosamh Mac Aodha gaisce a dhéanamh amach anseo ó thaobh an teanga mar tá croí nua ann!
    Ach san áit is iontaí, conas a tharla gur fhoghlaim sé an teanga chomh scioptha sin? – mar bíonn modh sna cúrsaí do dhaoine fásta in Oideas Gael difriúil ó mhodh na gnáth meán-scoileanna do dhaoine óga (a bhíonns, mo léan, ag obair fós trí leabhair amháin ar fad den chuid is mó den am). Nochtann an scéala seo inniu an obair mharthanach a bhíonns déanta ag Liam agus a shárfhoireann le Spórt agus Spraoi tríd na blianta. Moladh leo ina ngleann draíochtúil! – ó fhoghlaimeoir eile, Brian Ó Daimhín

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    B’fhiú dó ranganna a thoiseacht i dTeach Laighean – thig leis cúpla ceacht a mhúineadh do Heather Humphreys ansin…