‘Iontas’ agus ‘imní’ ar chomhlacht faoi mhaíomh na Roinne Oideachais nach bhféadfaí áiseanna a chur ar fáil i nGaeilge

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach mbeadh sé ‘incheadaithe ná indéanta go praiticiúil’ ábhar tacaíochta, a scaipfear ar scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar fud na tíre, a aistriú go Gaeilge

‘Iontas’ agus ‘imní’ ar chomhlacht faoi mhaíomh na Roinne Oideachais nach bhféadfaí áiseanna a chur ar fáil i nGaeilge

Tá “iontas agus imní” ar chomhlacht oideachais san Astráil a bhfuil an Roinn Oideachais ag baint úsáid as áiseanna teagaisc dá gcuid faoi mhaíomh na Roinne nach bhféadfaí leaganacha Gaeilge de na háiseanna sin a sholáthar.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach mbeadh sé “incheadaithe ná indéanta go praiticiúil” an t-ábhar tacaíochta, a scaipfear ar scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar fud na tíre, a aistriú go Gaeilge.

Ar cheann de na háiseanna atá i gceist tá an clár ‘The Friends Programme’ a d’fhorbair an comhlacht Astrálach Friends Resilience. 

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite gur “déantáin ón tríú páirtí” iad na lámhleabhair agus na leabhair oibre a bhaineann leis na cúrsaí agus gur “faoi chóipcheart ó fhorbróirí na gclár” san Astráil a chuirtear ar fáil iad. 

Dúradh go raibh “smacht daingean” ag forbróirí na gclár ar an gceadúnas agus ar an gcóipcheart a bhaineann leis an ábhar agus nach mbeadh sé “incheadaithe ná indéanta go praiticiúil tabhairt faoi aistriúchán orthu”.

Ach i ráiteas a thug Comhordaitheoir Ceadúnas agus Forbartha Gnó Friends Resilience, Casey Dick, do Tuairisc.ie, dúirt sé gur chúis “iontais agus imní” é maíomh na Roinne Oideachais nach bhféadfaí an t-ábhar a chur ar fáil i nGaeilge. Dúirt sé nár iarradh riamh ar Friends Resilience an bhféadfaí an t-ábhar a chur ar fáil i nGaeilge. 

Dúirt Dick go mbeadh a chomhlacht “breá sásta”, ach na socruithe dlí cearta a bheith déanta, iarratas ar aistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar na háiseanna a mheas “mar atá déanta in iliomad teangacha ar fud an domhain”. 

Dúirt sé go raibh taighde déanta a léirigh gur éifeachtaí an clár nuair a chuirtear cóip den leabhar a bhaineann leis ar fáil don uile dhalta atá páirteach ann. Dúirt sé go raibh súil aige gurb amhlaidh an scéal in Éirinn agus go raibh tacaíocht tugtha i gcónaí ag an gcomhlacht don aistriúchán.

De réir an Achta Oideachais 1998, caithfidh an tAire Oideachais a chinntiú go soláthraítear “seirbhísí taca trí Ghaeilge do scoileanna aitheanta a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil agus d’aon scoil aitheanta eile a iarrann soláthar den sórt sin”.

Is scoileanna DEIS iad go leor de na scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge sa stát, a mbeidh ábhar na gclár ‘The Incredible Years’ agus ‘ The Friends Programme’ á scaipeadh orthu.

Anuas air sin, éilítear sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta ar scoileanna Gaeltachta an teagasc ar fad a chur ar fáil i nGaeilge más fúthu stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach. De réir an pholasaí caithfidh scoileanna Gaeltachta “gníomhaíochtaí curaclaim, gníomhaíochtaí comhchuraclaim agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim (más ann dóibh) a sholáthar trí Ghaeilge” chun aitheantas a bhaint amach mar bhunscoil Ghaeltachta. Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie chomh maith ar an gcomhlacht a chuireann an clár ‘The Incredible Years’ ar fáil.

Fág freagra ar '‘Iontas’ agus ‘imní’ ar chomhlacht faoi mhaíomh na Roinne Oideachais nach bhféadfaí áiseanna a chur ar fáil i nGaeilge'

  • Dee

    Incredible years i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag lena blianta. Áiseanna do thusimitheoirí ar fáil sa Bhreatnais. Tá an clár fáil i go leor teangacha.

  • Ruairi O Caisleain

    Mhaith shibh, a lucht Tuairisc.ie, as an sceal a iniuchadh. Anois, ce a rachaidh i ngleic let patuaire na Roinne faoin gceist seo?

  • Seán Mac Gearailt

    Traoslaím díbh as seo a fhiosrú. Beidh le feiceáil cén míniú a bheidh ag an Roinn ar an scéal.

  • Lillis Ó Laoire

    Ní haon iontas go bhfuil cúrsaí mar atá. Chuaigh mé féin ag lorg seanpháipéar scrúduithe de chuid an Cheard-Teastais uathu le déanaí agus cé go raibh an t-oifigeach an-chabhrach, chuir sí in iúl dom nach bhfuil aon taifead cartlainne acu ar na páipéir sin ar chor ar bith.

  • Seán Ó Meacháin

    Is cosúil nach bhfuil na hacmhainní ar fad a théann leis an gclár ‘ Bí Slán’ a bhfuil dualgas dlíthiúil ar scoileanna é a theagasc ar fáil i nGaeilge fós. Físeáin srl. fós i mBéarla amháin. Roinn ag cur freagracht ar CAPP.