Níl sé “incheadaithe ná indéanta go praiticiúil” ábhar tacaíochta a scaipfear ar scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar fud na tíre a aistriú go Gaeilge, dar leis an Roinn Oideachais.
Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2016-2019, d’fhógair an tAire Oideachais le déanaí go bhfuil na cláir ‘The Incredible Years’ agus ‘The Friends Programme’ le cur i bhfeidhm i scoileanna DEIS ar fud an stáit, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta ina measc. Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie nach bhfuil na háiseanna tacaíochta ná lámhleabhair do mhúinteoirí don dá chlár sin ar fáil i nGaeilge.
De réir an Achta Oideachais 1998, caithfidh an tAire Oideachais a chinntiú go soláthraítear “seirbhísí taca trí Ghaeilge do scoileanna aitheanta a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil agus d’aon scoil aitheanta eile a iarrann soláthar den sórt sin”.
Is scoileanna DEIS iad go leor de na scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge sa stát, a mbeidh ábhar na gclár ‘The Incredible Years’ agus ‘ The Friends Programme’ á scaipeadh orthu.
Anuas air sin, éilítear sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta ar scoileanna Gaeltachta an teagasc ar fad a chur ar fáil i nGaeilge más fúthu stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach. De réir an pholasaí caithfidh scoileanna Gaeltachta “gníomhaíochtaí curaclaim, gníomhaíochtaí comhchuraclaim agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim (más ann dóibh) a sholáthar trí Ghaeilge” chun aitheantas a bhaint amach mar bhunscoil Ghaeltachta.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie inné gur “déantáin ón tríú páirtí” iad na lámhleabhair agus na leabhair oibre a bhaineann leis na cúrsaí agus gur “faoi chóipcheart ó fhorbróirí na gclár” san Astráil agus i Meiriceá a chuirtear ar fáil iad.
Dúradh go raibh “smacht daingean” ag forbróirí na gclár ar an gceadúnas agus ar an gcóipcheart a bhaineann leis an ábhar agus nach mbeadh sé “incheadaithe ná indéanta go praiticiúil tabhairt faoi aistriúchán orthu”.
“Tá seirbhís NEPS na Roinne, áfach, ag eagrú clár oiliúna do scoileanna DEIS go náisiúnta thar thréimhse trí bliana agus tabharfar aird ar riachtanais agus ar dhlúis ar leith bainteach le múinteoirí DEIS atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ionas gur féidir freagairt mar is cuí don soláthar oiliúna agus go háirithe don teanga ina ndéanfar an soláthar, cé go dtuigtear constaicí a bheith i bhfeidhm maidir leis na próisis agus leis an gcóipcheart araon,” a dúirt urlabhraí na Roinne.
Dúirt duine a bhíonn ag obair in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge gur “gnáthrud” é táille cóipchirt a íoc le foilsitheoirí chun ábhar thar lear agus ábhar teagaisc a aistriú.
Harriet P.
Ní gá do na múinteoirí sin cead a fháil ó aon duine: Más í an Ghaeilge príomh-theanga an pháiste, caithfear leabhair den saghas sin a aistriú. D’fhéadfá an múinteoir féin, nó múinteoir eile sa scoil, na leabhair a aistriú go deonach. Muna bhfuil aon duine ag saothrú airgid as an aistriúchán, agus muna bhfuil sé i gceist acu an t-aistriúchán a dhíol, is cuma faoin gcóipcheart.
Séamu3
“D’fhéadfadh an múinteoir féin, nó múinteoir eile sa scoil, na leabhair a aistriú go deonach.”
Ní chreidim, a Harriet, go gceapann tú gur moladh inghlactha é sin. Bíonn ualach mór oibre ar mhúinteoirí cheana, mar atá a fhios agat táim cinnte, gan trácht a dhéanamh ar an líon mór aistriúchán a dhéanann múinteoirí Gaeltachta agus múinteoirí i nGaelcholáistí cheana, ná ar chearta teanga!
Ruairí
Théis an caint go léir ar fud na Gaeltachtaí ar an bPolasaí Oideachas Gaeltachta tá an sceal soe dochreidte. Is léir nár thapaigh an Roinn Oideachas an DEIS cead aistriúcháin a lorg. Mar thoradh ar sin beidh ‘The Incredible Years’ agus ‘The Friends Programme’ a bhrú chun cinn i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta. Seo sampla eile den easpa tuisceana maidir leis an Ghaeltacht atá ann go forleathan sa Roinn Oideachais. Ba chóir go mbeadh sé in aghaidh an dlí go mbeadh an Roinn Oideachas ag brú ábhar i mBéarla ar scoileanna Gaeltachta. Is é an Stát atá ag marú na Gaeilge sna Gaeltachtaí ceal cur chuige comhordnaithe. Ar apn nós nach mbeadh
Aililiú!
I bhfocail eile, is é polasaí na Roinne Oideachais de Rialtas na hÉireann i dtaca le scoileanna Gaeilge: Glacaigí i dteanga Shasana é nó bígí gan dada! Rinne an Rialtas ceiliúradh ar Éirí Amach 1916 anuraidh, agus i gceann cupla bliain déanfar ceiliúradh ar 100 bliain den Stát. Cad é an chúis cheiliúrtha atá acu? Go bhfuil ag éirí leo críoch a chur leis an jab a d’fhág Sasana gan chríochnú?
Aoife
Níl sé sách maith ag Roinn Oideachais ábhair i mBéarla a bhrú ar scoileanna Gaeltachta & Gaeilge – bí ag caint ar ‘incredible years’ faoi Roinn ar son Aonteangachas.
Sa chéad áit mura bhfuil an leagan Gaeilge de chlár ar fáil ag an am céana leis an leagan Béarla níor cheart é a chur ar fáil i scoil ar bith.
Tá an Roinn ag cur le míbhuntáiste na bpáistí a labhraíonn Gaeilge mar chead teanga.
Cordelia Nic Fhearraigh
An bhfuil múinteoirí na Gaelscolaíochta agus na scoltacha Gaeltachta chun seasamh a ghlacadh ar an cheist seo??? Ó tharla go mbaineann sé ar an mhórchuid leis na scoltacha seo?
Cáidé na tuairimí atá ag COGG ar an cheist seo??
Nó an nglacfaidh na múinteoirí leis an Bhéarla? – níl muid ag déileáil le Sasain níos mó, is an Astráil agus Meiriceá Thuaidh anois atá ag brú Béarla orainn!! Ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá nglacfaí leis an leagan Béarla, nach bhfuilthear ag glacadh le téacsleabharthaí Béarla a bhaineann le hábhair eile le daichead bliain anuas?
Pleanáil teanga a dhith ar Roinn an Oideachais is cosúil…
Máire C
Sampla eile den chur i gcéill atá ag an Roinn maidir leis an Ghaeilge, agus an Ghaeltacht.
Cuireadh deireadh leis an scrúdú cainte don Teastas Soiséarach, ní bheidh áiseanna ar fáil i nGaeilge, ní bheidh go leor múinteoirí ann le hoideachas iomlán trí mheán na Gaeilge a sholáthar, ní bheidh liúntas ar bith faoi leith le múinteoirí a mhealladh chun na Gaeltachta, ná scéim ar bith le múinteoirí na Gaeltachta a mhealladh abhaile, ní bheidh go leor airgid ag na coistí pleanála i gceantracha áirithe leis an phlean a chur i bhfeidhm ach tá polasaí don Oideachas Gaeltachta againn!
Is tábhachataí an té leis an Bhéarla is cosúil.
Breathnóir
Chuir mise ríomhphost i nGaeilge chuig an Roinn Oideachais maidir le ceist áirithe uair amháin. Níor tugadh freagra dom. Ansin chuir mé leagan Béarla den ríomhphost céanna chucu agus freagraíodh ar an toirt mé. Bainigí bhur dtátal féin as sin maidir le dearcadh na Roinne i leith na Gaeilge…