‘Imní’ faoi stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar agus deacrachtaí ag 67% de scoileanna teacht ar mhúinteoirí Gaeilge

Údar mór imní do COGG suirbhé nua ó Chumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheachta a léiríonn gurb í an Ghaeilge is measa atá buailte ag ganntanas múinteoirí ionaid

‘Imní’ faoi stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar agus deacrachtaí ag 67% de scoileanna teacht ar mhúinteoirí Gaeilge

D’fhéadfadh “impleachtaí” a bheith ag easpa múinteoirí Gaeilge “do stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar” sa siollabas iarbhunscoile, dar le Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG.

Bhí Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag tagairt do shuirbhé nua inar thug 67% de scoileanna le fios go mbíonn deacrachtaí acu teacht ar mhúinteoirí ionaid Gaeilge.

“Is cinnte gur údar imní dúinn an ganntanas múinteoirí Gaeilge mar d’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige do stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sna scoileanna. Mura bhfuil dóthain múinteoirí Gaeilge ar fáil conas is féidir  a rá go bhfuil an Ghaeilge á teagasc le gach dalta?” a dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG.

Léirigh an suirbhé nua a dhein Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheachta gurb í an Ghaeilge is measa atá buailte ag ganntanas múinteoirí faoi láthair. De réir an tsuirbhé, a deineadh i measc an 90 scoil a thagann faoi scáth an Chumainn, thug 67% de scoileanna le fios go mbíonn deacrachtaí acu teacht ar mhúinteoirí Gaeilge. 30% de scoileanna a dúirt amhlaidh i gcás na matamaitice, ceann eile de na croí-ábhair.

“Short-term unexpected absences have become a nightmare for schools,” a dúirt Antoinette Nic Gearailt, Uachtarán Chumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheachta.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite go raibh iarbhunscoil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath éirithe as múineadh na Gaeilge ar feadh dhá mhí.

Dúirt an Seanadóir neamhspleách Lynn Ruane go bhfuair sí amach óna hiníon nach raibh aon mhúinteoir Gaeilge aici ar feadh dhá mhí agus gur fhiosraigh sí an scéal ina dhiaidh sin le lucht riaracháin na scoile, ar scoil DEIS i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath í.

Dúirt an Seanadóir Lynn Ruane go raibh sí “trína chéile” agus go raibh “uafás ceart” uirthi faoin scéal.

“I was absolutely appalled and very upset because she is obviously getting ready for her Leaving Cert,” a dúirt an Seanadóir.

Dúirt sí gur thug an scoil le fios di gurbh éigean dóibh éirí as teagasc na Gaeilge do rang na hArdteiste ar feadh dhá mhí mar nach raibh siad ábalta ionadaí a mhúinfeadh Gaeilge a fháil.

Dúirt an scoil go mbíonn sé an-deacair i gcónaí múinteoirí Gaeilge a fháil mar ionadaithe.

Ba chúis mhór imní don Seanadóir go mbeadh a leithéid ag tarlú, go háirithe i scoil DEIS ina bhfuil neart míbhuntáistí le sárú ag daltaí.

Fág freagra ar '‘Imní’ faoi stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar agus deacrachtaí ag 67% de scoileanna teacht ar mhúinteoirí Gaeilge'

  • Gearóid De Briotún

    Ba cheart feachtastas earcaíochta a chur le chéile chun daltaí Ardteiste agus miléinn ollscoile agus daoiine le cáilíochtaí Gaeilge a mhealladh i dtreo na múinteoireachta Gaeilge.Idir an dá linn b’fhéidir gur cheart cead a thabhairt d’iarmhúinteoirí Gaeilge an bhearna a líonadh trí phacáiste tarraingteach a chur ar fáil dóibh go dtí go mbeadh na múinteoirí nua ar fáil ? B’fhiú pointí a bhronnadh orthu siúd a dhéanann an cúrsa Ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteist chun go ndéanfadh níos mó daoine céim sa Ghaeilge ag an triú leibhéal amach anseo.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cad faoi na múinteoirí óga a íoc i gceart?

  • Gearóid De Briotún

    Tá an ceart ar fad agat ach an réiteodh airgid amháin gach gné den cheist seo ?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil múinteoirí scoile de dhith? An mbeidh múinteoirí scoile de dhith sa todhchaí má fhaightear achan rud ar an idirlín?

    Nach dtig le daltaí meánscoile an deis a thapú agus dhul a’ cuardú foinsí Gaeilge agus ábhair Gaeilge ar an idirlín – gan treoir ar bith ó mhúinteoir ar bith? Nach ndéanann iad siúd a mbíonn suim acu sa ríomhaireacht, sa mhataimitic agus san eolaíocht seo cheana féin? Nach seo an treo a bhfuil an domhain ag dul? Agus nach bhfuil sé in am ag daoine óga rudaí a dhéanamh ar a chonlán féin? A gcuid smaointithe féin a chothú fan saol in áit bheith ag brath agus ag díriú go hiomlán ar chóras oideachais cúngaithe áit a bhfuil bómánú agus greim láimhe a chothú le fada an lae.

    Nach dtig leis an tír seo an cúrsa Ardteiste reatha a chuir ar fáil ar líne do dhuine ar bith ar mhaith leo triall a bhaint as – agus é bheith saor in aisce do dhaltaí meánscoile?