Iarbhunscoil i mBaile Átha Cliath éirithe as múineadh na Gaeilge ar feadh dhá mhí – Seanadóir

Dúirt an Seanadóir neamhspleách Lynn Ruane go raibh sí ‘trína chéile’ agus go raibh ‘uafás ceart’ uirthi nuair a fuair sí amach nach raibh aon rang Gaeilge ag a hiníon, atá ag déanamh na hArdteiste, ar feadh dhá mhí

Iarbhunscoil i mBaile Átha Cliath éirithe as múineadh na Gaeilge ar feadh dhá mhí – Seanadóir

An Seanadóir Lynne Ruane lena hiníonacha. Pictiúir: RTÉ/'Inside Trinity'

Tá ráite ag Seanadóir go bhfuil “uafás” uirthi faoin scéal gur éirigh an scoil ina bhfuil a hiníon ag déanamh na hArdteiste as a bheith ag teagasc na Gaeilge ar feadh dhá mhí.

Dúirt an Seanadóir neamhspleách Lynn Ruane go bhfuair sí amach óna hiníon nach raibh aon mhúinteoir Gaeilge aici ar feadh dhá mhí agus gur fhiosraigh sí an scéal ina dhiaidh sin le lucht riaracháin na scoile, ar scoil DEIS i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath í.

Dúirt an Seanadóir Lynn Ruane go raibh sí “trína chéile” agus go raibh “uafás ceart” uirthi faoin scéal.

“I was absolutely appalled and very upset because she is obviously getting ready for her Leaving Cert,” a dúirt an Seanadóir.

Dúirt sí gur thug an scoil le fios di gurbh éigean dóibh éirí as teagasc na Gaeilge do rang na hArdteiste ar feadh dhá mhí mar nach raibh siad ábalta ionadaí a mhúinfeadh Gaeilge a fháil.

Dúirt an scoil go mbíonn sé an-deacair i gcónaí múinteoirí Gaeilge a fháil mar ionadaithe.

Ba chúis mhór imní don Seanadóir go mbeadh a leithéid ag tarlú, go háirithe i scoil DEIS ina bhfuil neart míbhuntáistí le sárú ag daltaí.

“Ní éiríonn le mórán páistí i scoileanna DEIS dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, ach tá sí [iníon an tSeanadóra] anois agus míbhuntáiste eile sa mhullach uirthi sa mhéid is go bhfuil sí ag cailliúint dhá mhí iomlán de churaclam na Gaeilge toisc, de réir dealraimh, gan dóthain múinteoirí Gaeilge a bheith ar fáil mar ionadaithe. Is údar mór imní é sin.”

Is den riachtanas go mbeadh rang Gaeilge ar fáil do gach dalta i ngach iarbhunscoil sa tír, ach amháin sa chás go mbeadh díolúine ón nGaeilge ag an dalta.

Agus freagra á thabhairt aige ar an méid a dúirt Lynn Ruane sa Seanad, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nár cheart go dtarlódh a leithéid agus go raibh sé “an-aisteach” mar scéal.

Thug an Seanadóir Ruane le fios chomh maith gur údar mór bróid di go raibh iníon eile léi ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus Gaeilge líofa aici.

Bhí imní uirthi, áfach, nach mbeadh deiseanna ar fáil di an Ghaeilge a labhairt nuair a d’fhágfadh sí an córas oideachais.

“It is about how we support communities, youth clubs and local sports clubs to be bilingual so that, when my daughter leaves the classroom or leaves secondary school and is engaging in other activities, there are other opportunities for her to be able to use the language. The city is really poor at providing those activities.”

Fág freagra ar 'Iarbhunscoil i mBaile Átha Cliath éirithe as múineadh na Gaeilge ar feadh dhá mhí – Seanadóir'

  • dónal

    tá orainn áiteanna dhátheangachas a cur ar bun sa galltacht, mar shampla, duine le gaeilge maith ar a laghad, ag obair sa siopa. cuir cómhartha san fhuinneog go bhfuil daoine in ann a labhairt gaeilge nó béarla istigh (nó meascán d’araon mar is gnáth leis alán daoine faoi láthair)
    chun an fírinne a rá, mar nílim líofa fós, is é níos furasta a chaint i meascán dhá theangacha chun an cómhrá a choimeád suas…. is é am dúinn a smaoineamh lasmuigh an bosca (agus ná bac leis na fadhbanna polaiteoirí, bíonn siad a imirt cluichí i gcónaí)