Iarratas John McDonagh diúltaithe san Ard-Chúirt, ach rogha ag Coimisinéir na nGardaí glacadh leis

Dúirt an breitheamh Ard-Chúirte Paul McDermott ar maidin go raibh sé de chumhacht ag Coimisinéir an Gharda Síochána ordú a dhéanamh a cheadódh do McDonagh teacht a bheith aige ar an bhfianaise dhlí-eolaíoch atá á éileamh aige

John McDonagh cropped

Chinn an breitheamh Ard-Chúirte Paul McDermott ar maidin nach raibh saineolaithe atá ag feidhmiú thar ceann John Gerard McDonagh, a ciontaíodh sa mbliain 2001 i ndúnmharú agus in éigniú an déagóra Siobhán Hynes, i dteideal teacht a bheith acu ar fhianaise dhlí-eolaíoch a bailíodh mar chuid den fhiosrúchán faoin gcás a scrúdú arís.

Dúirt an breitheamh McDermott, áfach, gur cheart do McDonagh, ón Demesne, an Cheathrú Rua, a iarratas ar an bhfianaise a bheith déanta aige go dtí an Chúirt Achomhairc agus go raibh sé de rogha Coimisinéir an Gharda Síochána glacadh lena éileamh gan ordú cúirte a bheith déanta.

Cinneadh suntasach ab ea é seo sa mhéid is go bhfuil soiléiriú Ard-Chúirte déanta anois maidir leis an dlí i dtaobh daoine ciontaithe a bheith i dteideal fianaise dhlí-eolaíoch a bhailítear le linn fiosrúcháin choiriúla a fháil agus dúshlán a gciontaithe á thabhairt acu.

Lorg McDonagh, atá dhá scór bliain d’aois anois, samplaí – éadach, snáithíní agus ingne – a tógadh le linn don chás a bheith á fhiosrú le go bhféadfadh eolaithe thar a cheann tástálacha nua a dhéanamh orthu. Is mian leis chomh maith go ndéanfaí anailís DNA orthu.

Dhiúltaigh Coimisinéir an Gharda Síochána d’iarratas fhoireann dlí McDonagh ar an bhfianaise dhlí-eolaíoch ar an mbonn nár tugadh ordú cúirte í a thabhairt dóibh.

Agus a bhreith á thabhairt aige inniu dúirt an Breitheamh McDermott nach raibh sé de chumhacht ag an Ard-Chúirt glacadh le hiarratas McDonagh agus chuir sé deireadh le himeachtaí na cúirte ar an mbonn sin.

Ba é meas an bhreithimh, áfach, go raibh an chumhacht ag an gCúirt Achomhairc cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas McDonagh a cheadú.

Chinn an breitheamh chomh maith go raibh Coimisinéir an Gharda Síochána i dteideal cead a thabhairt do teacht a bheith aige ar fhianaise dhlí-eolaíoch a bhailítear mar chuid d’fhiosrúchán nó a nochtar le linn triail choiriúil.

Dúirt an breitheamh go raibh sé de rogha ag an gCoimisinéir iarratas McDonagh a mheas ar a chuid buanna féin. Sa chás go ndiúltódh an Coimisinéir don iarratas, thug an breitheamh le fios  go raibh sé de rogha ag McDonagh iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Achomhairc ar ordú a cheadódh dó teacht a bheith aige ar an bhfianaise dhlí-eolaíoch.

Ciontaíodh McDonagh as éigniú agus dúnmharú Shiobhán Hynes, 17 mbliana, as Leitir Móir i gConamara, go moch ar maidin ar an 6 Nollaig 1998.

Phléadáil McDonagh neamhchiontach ag an am agus tá sé ag maíomh go fóill nach ndearna sé na coireanna. Gearradh príosún saoil air as an déagóir a dhúnmharú agus téarma deich mbliana as í a ionsaí.

D’iarr an Irish Innocence Project ar eolaithe i Meiriceá cás McDonagh a fhiosrú. Bheadh athscrúdú ar an bhfianaise dhlí-eolaíoch mar chéad chéim sa bhfiosrú sin.

Is é an t-abhcóide sinsireach, Michael O’Higgins, atá ag feidhmiú ar son McDonagh.

Mhaígh an t-abhcóide cheana go mbeadh diúltú an fhianaise a chur ar fáil le tástáil as an nua a dhéanamh ina shárú ar chearta bunreachtúla McDonagh agus a chuid cearta faoin gCoinbhinsiún (Eorpach) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR).

Chuir an tAbhcóide Sinsireach Conor Power a bhí ag feidhmiú thar ceann an stáit nuair a héisteadh an cás i mí Dheireadh Fómhair in éadan iarratas McDonagh agus dúirt nach raibh aon cheart aige na samplaí seo a scrúdú.

Dúirt sé gur ar leas an phobail a bheadh sé gan ligean do McDonagh na samplaí a scrúdú ó tharla gur fear é a ciontaíodh tar éis triail a bhí cothrom.