Guthán cliste Anne Frank

Ní comhtharlúint é go bhfuil an focal ‘líon’ san fhocal ‘idirlíon’.

cropped-10542054955_91cabb2a89_b

Cuimhním go rialta ar thaispeántas idirghníomhach ar fhreastail mé air ag ionad Anne Frank in Amsterdam i samhradh na bliana 2008. Ní faoin Uileloscadh a bhí an taispeántas sealadach seo, ach faoi shaoirse phearsanta an duine.

Mar chuid den taispeántas, bhí ar an lucht féachana vótáil i bhfábhar nó i gcoinne ráiteas áirithe a teilgeadh ar scáileán mór. Bhí an vótáil discréideach go maith, le cnaipí nach bhfeicfeadh do chomharsana. Cúpla soicind i ndiaidh na vótála, teilgeadh an toradh ar an scáileán.

Seans nach bhfuil áit níos fearr ar chlár na cruinne ná ionad Anne Frank chun teacht ar thuairim choitianta dhomhanda faoi cheisteanna conspóideacha an tsaoil.

Bíonn an t-ionad lán go béal gach lá den bhliain, le daoine ó gach uile chearn den domhan agus ó gach uile chúlra – slua a bhíonn smaointeach go leor tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an teach ina raibh Anne agus a muintir ar a dteitheadh ó na naitsithe.

Seo ceann de na ráitis a cuireadh os comhair an lucht féachana randamach, idirnáisiúnta seo an lá ar thug mé féin cuairt ar an taispeántas:

‘Ba cheart geataí fíorúla (virtual gates) a chur i bhfeidhm ag imeall na gcathracha móra a choinneodh súil ar gach duine a théann isteach agus amach.’

Vótáil mé féin i gcoinne an ráitis, ach vótáil seasca faoin gcéad den slua – tuairim is leathchéad duine a bhí i láthair – ina fhábhar. Arís is arís eile, bhí céatadán ard den slua sásta sciar suntasach dá saoirse phearsanta a ghéilleadh ar mhaithe lena sábháilteacht.

Ar ndóigh, bhí córas monatóireachta á chur i bhfeidhm ar fud an domhain ag an am sin cheana féin; ceann atá i bhfad níos radacaí ná na ‘geataí fíorúla’ a cuireadh os comhair an phobail sa taispeántas sin ag ionad Anne Frank.

Ní ag imeall na gcathracha móra atá na gléasanna a choinníonn súil orainn ar fad, ach i bpócaí ár mbrístí agus inár gcuid málaí láimhe.

Nuair a eagraíodh an taispeántas úd, ní raibh ach bliain caite ó seoladh an chéad iPhone. Sé cinn de bhlianta níos déanaí, úsáideann nach mór 1.75 billiún duine guthán cliste de chineál éigin – gar don cheathrú cuid de dhaonra an domhain.

Ar na gutháin sin (agus ar ríomhairí agus taibléid de gach uile chineál) roinnimid eolas pearsanta gan smaoineamh air faoi dhó. I ngan fhios dúinn féin go minic, coinníonn na gléasanna seo súil ar gach coiscéim dá gcuirimid.

An comhtharlúint é go bhfuil an focal ‘líon’ san fhocal ‘idirlíon’? Ní dóigh liom é. An té a bhaineann úsáid as Facebook, Twitter nó aon cheann de na meáin shóisialta eile agus a cheapann nach bhfuil duine nó dream éigin (haiceálaí, rialtas nó ollchomhlacht) ag iascach, tá cónaí air in Útóipe éigin.

Bíonn sé ina raic gach uair a bhriseann scéal nua faoin spiadóireacht dhigiteach a bhíonn ar bun ag rialtais agus ag dreamanna eile ar úsáideoirí idirlín, ach mar sin féin, leanaimid orainn ag roinnt eolais faoinár ndearcaí polaitiúla, ár gclaonadh gnéis, ár sláinte, faoin áit a bhfuilimid.

An é go gcreideann cuid mhór againn inár gcroíthe istigh – dála mhóramh na gcuairteoirí ag an taispeántas úd ag ionad Anne Frank – gur ar mhaithe lenár sábháilteacht an cineál seo gliúcaíochta?

Más ea, tá cuimhne ghearr againn, óir athraíonn rialtais agus dearcaí na sochaí i rith an ama, agus ní chun feabhais i gcónaí.

Ach beidh a roinnimid fúinn féin ar fáil ar fhreastalaithe idirlín agus cá bhfios cén áit eile ar feadh i bhfad. Samhlaigh cén úsáid a bhainfeadh na naitsithe as guthán cliste Anne Frank, dá mbeadh a leithéid d’fhearas aici ag an am.

 

Fág freagra ar 'Guthán cliste Anne Frank'

  • Hannah Ní Rís

    Dá gcuirfí an cheist ormsa maidir leis na geataí fíorúla, d’aontóinn leis an údar. Is rud tábhachtach é saoirse phearsanta an duine agus tá ionadh orm go mbeadh daoine sásta é a chailliúint ach tuigim an nasc leis na gutháin chliste. Ní bheinn ag smaoineamh ar an chontúirt a bhaineann le mo shonraí pearsanta ar mo ghuthán toisc gur ‘liomsa’ é. Is uirlis iontach cumhachtach é an idirlíon agus cé go raibh an vótáil seo i 2008, ní dóigh liom go bhfuil sé tugtha faoi deara againn go fóíll.