Gaeilge bhreá lom curtha ar ghreann dubh an ‘tromluí Kafkach’

Ag seó spéisiúil de chuid IMRAM, léigh an gearrscéalaí Dáithí Ó Muirí ceithre scéal le Kafka, a d’aistrigh an scríbhneoir Gaeilge ó na bunleaganacha Gearmáinise

Gaeilge bhreá lom curtha ar ghreann dubh an ‘tromluí Kafkach’

Scáthanna Ó Phrág: Tionscadal Franz Kafka
Powerscourt Theatre
Dé Céadaoin, 8pm

Scéal beag greannmhar ar dtús a léiríonn an mhíthuiscint a bhíonn ann faoi Franz Kafka agus an ‘tromluí Kafkach’, míthuiscint nár thuig mé a bheith orm féin, caithfidh mé a admháil, go dtí go bhfaca mé an seó seo.

Bhí fear ag tiomáint trí thollán Sheáin Uí Loingsigh i gCorcaigh nuair a chonaic sé splanc ón gceamara tráchta.

‘Ní raibh mé ag dul róthapa,’ dúirt sé leis féin. Bhí sé chomh buartha faoi gur thaistil sé timpeall arís agus thiomáin sé ar ais tríd an tollán. Agus tharla an rud céanna. Splanc uathoibríoch a bhí ann.

‘Tá mé cinnte anois nach raibh mé ag dul róthapa,’ dúirt sé, agus ar ais leis arís, agus a cheamara fóin amuigh aige.

‘Is é seo an tromluí Kafkach,’ a dúirt sé leis féin agus é ag tiomáint go bog réidh, ag déanamh taifid ar a raibh ar an luasmhéadar. Splanc! Tharla sé arís.

Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, fuair sé trí fhógra Cion Muirear Sheasta sa phost, á rá gur thiomáin sé trí thollán Sheán Uí Loingsigh gan a chrios sábhála a bheith á chaitheamh aige.

Más ‘tromluí Kafkach’ a bhí ann, ní íospartach a bheadh san fhear ach ábhar magaidh.

Ag an seó de chuid IMRAM Scáthanna Ó Phrág: Tionscadal Franz Kafka léigh an gearrscéalaí Daithí Ó Muirí ceithre scéal le Kafka, a d’aistrigh an scríbhneoir Gaeilge ó na bunleaganacha Gearmáinise, agus is cinnte go raibh cur síos iontu ar dhaoine a bhí ‘basctha brúite ag cumhachtaí an mhaorlathais nach dtuigeann siad’ mar a mhaígh an bróisiúr. Ach bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist, go háirithe sa scéal ‘An Baile Beag Seo Againne’, an ceann is fusa a thuiscint, b’fhéidir. Is scéal é seo faoi choirnéal, an státseirbhíseach is sinsearaí agus an príomhbhailitheoir cánach atá i gceannas ar bhaile beag teorann.

Cuidíonn stíl léitheoireachta an Mhuirígh lenár dtuiscint ar an ngreann dorcha atá taobh thiar de gach scéal. Chuirfeadh sé Harold Lloyd nó Stone Face (Buster) Keaton ó na seanscannáin i gcuimhne duit, agus é ag léamh go binn réidh. Stíl fhuarchúiseach a stíl.

Mar shampla is maith mar a láimhseálann an scéalaí línte mar seo: ‘Níl a fhios agam go cruinn cé as a dtagann na saighdiúirí seo’ agus ‘labhraíonn siad canúint nach dtuigeann muid’ agus iad ‘chomh ciúin, dáiríre agus righin’. Agus is iontach an cur síos ar an saighdiúir a théann isteach i siopa: ‘ceannaíonn sé rud beag éigin, agus fanann ansin crochta ar an gcuntar, ag éisteacht leis an gcaint, gan tada a thuiscint is dóigh, ach an chosúlacht air gur thuig sé, focal ní deir sé féin ach é ag breathnú go daingean ar an gcainteoir.’  Cuirtear abhaile orainn go paiteanta an bhagairt agus an chontúirt a ritheann tríd an scéal.

Ach tá ábhar grinn ann freisin, dú-ghreann amach is amach, mar ar deireadh thiar baintear an bonn de chách, idir uachtaráin agus íochtaráin.

Faoi dheireadh, tugtar cuireadh don chosmhuintir a a gcuid tuairimí a nochtadh ag an “ócáid shollúnta” ach “mar ab iondúil, ní bhfuarthas aon duine feiliúnach a bhí réidh le labhairt”.

Léargas maith ar ár sochaí féin, déarfá.

Chuir sé an scéal faoi chomhrá idir Orson Welles agus Anthony Perkins i gcuimhne dom.

Bhí Welles i mbun stiúrtha scannáin bunaithe ar shaothar Kafka, An Triail.

‘Cén sórt ról é seo?’ a d’fhiafraigh sé de Perkins.

‘Fear neamhchiontach gan locht,’ a d’fhreagair Perkins.

‘Seafóid!’ a dúirt Welles, ‘tá sé ciontach, níl aon cheist faoi.’

Bíonn an duine ciontach fiú amháin mura mbíonn sé ciontach, nó ar a laghad mothaíonn siad ciontach. 

Sin mar a fheictear cás an duine sna scéalta eile freisin, ‘An tSiúlóid gan Choinne’, ‘An Lánúin Phósta’ agus ‘Coinscríobh na dTrúpaí’. Cinnte tá gnéithe den fhantaisíocht ag baint leo, go háirithe sa scéal ‘An Lánúin Phósta’ ach is maith a thuigimid cad atá ar siúl. 

Bhí ceol, á sheinm ag Seán Mac Erlaine, íomhánna ar scáileán agus scáthphuipéid le Púca Puppets agus Niamh Lawlor mar chuid den chur i láthair spéisiúil seo.

Fág freagra ar 'Gaeilge bhreá lom curtha ar ghreann dubh an ‘tromluí Kafkach’'