Foireann na bliana agus Gradaim Pheile Tuairisc.ie do 2017

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na himreoirí, na cluichí agus na scóranna ab fhearr ó chraobhchomórtas peile na hÉireann na bliana seo

Foireann na bliana agus Gradaim Pheile Tuairisc.ie do 2017

Peileadóir na Bliana – Andy Moran (Maigh Eo)

Andy Moran. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhí daoine den bharúil go raibh an chuid ab fhearr dá chuid imeartha i ngeansaí Mhaigh Eo déanta ag Andy Moran ach bhí sárbhliain amach agus amach ag fear Bhealach an Doirín in 2017. Arís agus arís eile ba é a spreag Maigh Eo nuair nach raibh siad ag imirt go maith níos luaithe sa samhradh. Agus na cluichí ag dul i ndéine, síleadh go mbeadh sé níos deacra ag Moran dul i bhfeidhm ar an imirt agus cosantóirí níos fearr á mharcáil ach níor cloíodh riamh é.

Den 3-24 a d’aimsigh sé i rith na craoibhe, agus gach scór acu ag teacht ón imirt, d’aimsigh Moran cúil sa dá chluiche leathcheannais in aghaidh Chiarraí agus trí phointe sa chluiche ceannais, rud a léiríonn gur fheil na laethanta móra dó.

Imreoir Óg na Bliana – Con O’Callaghan (Baile Átha Cliath)

Con O’Callaghan ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Fanfaidh 2017 i gcuimhne Con O’Callaghan ar feadh tamaill. Tar éis dó Chraobh Iomána na gClubanna agus an Chraobh Faoi-21 Peile a bhuachan san earrach, bhuaigh fear Chuala a thríú bonn Uile-Éireann i mbliana Dé Domhnaigh seo caite nuair a thug Baile Átha Cliath leo Corn Mhig Uidhir agus baint nach beag faighte ag O’Callaghan leis an ngaisce sin.

Bhí sé ar fheabhas ar fad i gcluiche ceannais Laighean nuair a d’éirigh leis dhá phointe dhéag a scóráil, agus d’aimsigh sé dhá chúl den scoth sna cluichí móra, ceann in aghaidh Thír Eoghain sa chluiche leathcheannais agus ceann in aghaidh Mhaigh Eo Dé Domhnaigh seo caite agus gan ach 90 soicind caite.

Cluiche na Bliana – Baile Átha Cliath v Maigh Eo

Johnny Cooper agus Andy Moran. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Drochbhliain a bhí ann ó thaobh cluichí maithe i mbliana ach ní fhéadfá mórán locht a fháil ar chluiche ceannais an Domhnaigh seo caite i bPáirc an Chrócaigh. Chonaic muid an dá fhoireann is fearr sa tír, imirt lán díocais, scóranna den scoth, cártaí dearga agus críoch thar a bheith drámatúil.

Bhí muid ag fanacht tamall eile sula mbeidh a fhios againn an dtabharfaidh foireann éigin eile dúshlán Bhaile Átha Cliath ach is cinnte gur éirigh le Maigh Eo é sin a dhéanamh. Le cúnamh Dé, ní bheidh orainn fanacht go dtí an cluiche deireanach i gCraobh 2018 chun a leithéid a fheiceáil arís.

Pointe na Bliana – Diarmuid Connolly v Maigh Eo

Nuair a chuir cúl Lee Keegan Maigh Eo chun cinn agus beagán os cionn ceathrú uaire fágtha i gcluiche ceannais na hÉireann, thug sé spreagadh ollmhór dá lucht leanúna. Bhí sé tábhachtach go bhfaigheadh Baile Átha Cliath an chéad scór eile chun an t-éirí amach a chur faoi chois agus sin díreach a rinne Diarmuid Connolly nuair a d’aimsigh cúilín den scoth go luath i ndiaidh an chúil.

Bhí Connolly 50m amach ón gcúl nuair a fuair sé seilbh na liathróide agus chuir sé de Kevin McLoughlin, Tom Parsons, Lee Keegan agus Parsons an dara huair, sular sheol sé pointe álainn thar an trasnán. Nuair a bhí géarghá le cúilín, ba é Connolly a rinne an beart arís.

Cúl na Bliana – Keith Higgins v Ros Comáin

Tá Keith Higgins Mhaigh Eo ar dhuine de na cosantóirí is cumasaí sa tír nuair a bhíonn an liathróid ina sheilbh aige. Léiríodh é sin go paiteanta in athimirt an chluiche ceathrú ceannais in aghaidh Ros Comáin.

D’fhág Higgins ceathrar as Ros Comáin ina dhiaidh agus é ag gearradh isteach i dtreo an chúil. Thug sé céim i leataobh timpeall ar an gcosantóir deiridh sular bháigh sé an liathróid san eangach. Seans go raibh cúl Kevin McLoughlin sa chluiche céanna níos fearr fós ach phreab an tosach an liathróid faoi dhó agus é ag déanamh ar an gcúl, cé nach bhfaca an réiteoir an feall.

Foireann na Bliana

  1. Stephen Cluxton (Baile Átha Cliath)
  2. Michael Fitzsimons (Baile Átha Cliath)
  3. Cian O’Sullivan (Baile Átha Cliath)
  4. Keith Higgins (Maigh Eo)
  5. Colm Boyle (Maigh Eo)
  6. Colm Cavanagh (Tír Eoghain)
  7. Jack McCaffrey (Baile Átha Cliath)
  8. Tom Parsons (Maigh Eo)
  9. James McCarthy (Baile Átha Cliath)
  10. Ciarán Kilkenny (Baile Átha Cliath)
  11. Aidan O’Shea (Maigh Eo)
  12. Kevin McLoughlin (Maigh Eo)
  13. Paul Mannion (Baile Átha Cliath)
  14. Paul Geaney (Ciarraí)
  15. Andy Moran (Maigh Eo)

Fág freagra ar 'Foireann na bliana agus Gradaim Pheile Tuairisc.ie do 2017'