FOCAL IS FUAIM: Dánta as ‘Crithloinnir’ agus ‘An Bhrídeach Sí’ le Caitríona Ní Chléircín

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is í Caitríona Ní Chléircín atá againn

caitriona

as an gcnuasach Crithloinnir (Coiscéim 2010)

Vardrús Créachtaí

(I)

Má osclaím mo chroí
feicfidh tú vardrús créachtaí
agus an dóigh inar theith mé
ina bhfuilim ag teitheadh fós

feicfidh tú an sceimhle.

(II)

Nuair a dhúnaim mo shúile,
tá gach a bhfeicim dearg dearg
amhail fuil nó cailleacha dearga

Dá dtiocfadh liom dearmad
ach dónn siad dearg dearg

(III)

Géarghoin, géarlannach
ag gearradh frím
agus níl a fhios agam
cén fáth.

Gearógaí croí,
créachtghoin
focail, spás, smaoineamh
focailchréachtaí.


Cuimhne

Tá cuimhne ag mo bheola ort
cuimhne ag mo lámha ar do chneas
mo shúil ar do shúil
seanchuimhne ag mo ghéaga ar do cholainn
is do ghéaga thart orm

tá cuimhne ag mo lámh ar do lámh
tá cuimhne ag mo ghrua ar do phóg
cuimhne ag an uaimh istigh ionam

is cuimhne ag m’anam ar do ghrá
cibé eile a tharlóidh


‘Cogar, Cogar, a Stór’

Na focail is ciúine
síoda sí
líonta le rúin
a shníonn
macallaí
a shoilsíonn
scáileanna
cogar, cogar, a stór
d’ainm im chluas go síoraí

An Ghealach

Sí banríon na spéartha í
áilleacht na hoíche
réalt rúnda
a ritheann romham
mo chara ar an bhóthar
ar turas
sa dorchadas
a haghaidh anois
faoi cheilt
i gceo
thar pháirc is chrainn
a eitlíonn sí,
ag scaipeadh scáileanna.
Tá an tír ina baclainn.
Mo spéirbhean.
Mo chroí rúnda.


Cogarnach

Uaireanta tuirsím de bheith i mo bhean
den tóir nó den neamhaird
a dhéantar orm.

Tuirsím den chur i gcéill
de rudaí de shíor a chlúdach.

Éirím tuirseach de scátháin, de shúile
de shracfhéachaintí,
den síorlorg sa dorchadas.
Tuirsím de chliabháin éin
de rúin, den fhanacht.

Tuirseach de m’aghaidh
dem’ ghruaig
de m’iongaí, de mo chom is mo chromáin.

Bíonn sé pianmhar
uaireanta –
mar bheadh ainmhí leamh éigin
sa droim
mar ualach luaidhe nó cruaiche ann.

Uaireanta
bíonn blas miotail ar achan rud
is ní thuigim é.

Déanaim iarracht
siúl gan eagla
ar shráideanna.

Táim ag foghlaim conas dearmad
a dhéanamh
is cuimhniú ar chogarnaigh na gaoithe.

Cuartaím i ngach áit
ach ní aimsím
ach aghaidheanna
aghaidheanna bréige.

Amharcaim sna fuinneoga,
sna brionglóidí.

Crochann na sráideanna
mar scáileanna
sa lá liath.

Táim ar shiúl,
freagra is ea an t-aistear

solas ag filleadh.

Táim ag filleadh i ndiaidh dom teitheadh.
Táim ag leanúint orm
faoin spéir.

Timpeallaíonn na goirt mé
is an chré-thalamh m’ocras.

Níl na freagraí agam.
Níl ach
dath na talún orm.


Scáil

Ní file mé ach scáil
a shiúlann trí laethanta
is sráideanna
gan guth, gan teanga.

Mise an leoithne
um thráthnóna séimh is ciúin.
Mise an solas a fhanann
ag deireadh an lae.

Deora báistí a thiteann
gan torann.

Ní file mé ach scáil
ag damhsa ar bhalla
in oíche na tine
ag bailiú rún

Ó d’imigh na focail ó mo chroí
gan cheol.


Dánta ón gcnuasach An Bhrídeach Sí (Coiscéim 2014)

Capall bán

(do mo mháthair)

Tá capall bán fút, a chroí,
capall bán na síoraíochta,
capall bán an tsuaimhnis,
capall bán na séimhe.

Ná bíodh ort aon sceimhle.
Beir greim ar a mhoing.
Capall bán caoin fút,
capall ceannann fút.

Coinnigh greim air
is tú ag dul thar tairseach.
Caithfidh tú gabháil thar tairseach.

Sin an méid, a chroí
is beidh do chapall bán fút,
nuair a théann tú go dtí tír na meala

nach bhfuil gol inti go fóill.


Sciatháin

Cumhdaigh mé faoi do sciatháin,
a rún, a shearc, a chroí.
Níl talamh ag m’anam ná foscadh,
ná cranna foirtil,
ná maidí rámha.
Lig mé le sruth iad.
Lig mé na maidí rámha le sruth.
Tá mé caillte, caite, báite.
Níl cosaint, carraig ná foscadh ag m’anam, a ghrá,
níl cladach.
Tá mé i gcéin,
gan chloch, gan charraig,
i bhfad ó bhaile,
is mé ag caoineadh i mo shuan.
Cumhdaigh mé faoi do sciatháin, a chroí.


Cluain na hEorna

I gCluain na hEorna dúisíonn na smólaigh
san fhéithleog sna hEanaigh Gheala,
éiríonn an bhrídeach sí
sioc bán ar talamh mar shról mín is síoda uirthi.

Filleann an bonnán buí
athuair ar an chluain
tionlacan cheol na ngiolcach
taobh an tsrutháin.

Éiríonn sí leis na fuiseoga ó bhreacadh an lae.
téann sí faoi cheilt sna fearnóga.
eitlíonn sí thar an mhuine bheoláin
machairí thíos fúithi.

Filleann sí san fheascar, an bhrídeach sí
le fuineadh gréine.


Lámha an dealbhóra

(i)

Tháinig cruth orm faoi do lámha
dhear tú mé le do shiséal
bhain tú píosaí díom

chuir tú faobhar orm
bean chloiche anois mé
snoite as marmar
dealbh

shéan tú an bhoige
ba tú an saor cloiche
idir do mhéara
d’éirigh
iomairí agus cuasacha
machairí
sliabhraon mo cholainne

bhris tú an gheis
ag tabhairt saoirse don chruth
a bhí faoi shuan sa chloch

thit bloghra agus bloghanna díom
ina smionagar
faoi do lámha dealbhóra

(ii)

ach tá lámha an dealbhóra briste anois
criogánach, altach, cranraithe
craobhacha a d’imigh in aois
fulaingíonn an dealbhóir trína lámha
níl teanga acu anois ach an tost
tá briseadh iontu nach féidir a leigheas
creimeadh na mblianta istigh go smior sa chnámh, is fuaire
céasadh na ngéag is é cromtha,
dearadh ná snoí ní dhéanfaidh sé a thuilleadh
ach a ghéaga crainn gan lúbadh ná bogadh iontu
seargtha, stompaithe stalctha, cruachraptha is righin: na lámha.

is níl fanta díom ach sceamhóga, scealpóga is sliseoga smiota,
smionagar.


Scaradh na gCompánach

Labhrann Caitríona, Cuntaois Thír Eoghain:
Ar bhruach na Feabhaile, tuar
a tháinig chugam i dtaibhreamh:
glaoim chugaibh, a fheara, d’impí–
an imeacht seo, ní tairbheach.
Mar a scaiptear deatach,
is amhlaidh a scaipfear muidne

mar chéir i láthair na tine,

is amhlaidh a leáfar.

Insint ag caoineadh gaoithe

ar a bhfuil i ndán dúinn,

sa leabhar ag an fhiach dubh,

é sin, nó i dTúr Londan.

Mo mhac óg, mo mhuirnín Conn,

mo leanbh féin, mo laoch,

gan é ach cúig de bhlianta faram,

is gach aon snáth le réabadh.

Fonn a bhí orm, an chéad lá riamh

éirí den turas go Rath Maoláin:

ach chuir m’Iarla orm gabháil ar aghaidh

is ár mac a fhágáil faoi lámh an Ghaill.


Cealg

Ba bheach i mo chroí thú.
Tháinig tú amach ag bláthú trí mo chíocha,
is ba chealg mhilis iad na póga,
cealgphógadh do mo chealgadh.

Rinne tú mil i m’imleacán,
ach chuaigh an chealg ba mhó isteach sa chliabh.
Phrioc tú mé
le briathra míne.

D’eitil mo chroí
is lúb mé fút i mo bhláth dom, i mo ghas.
D’oscail tú mé i mo dhoras meala
is d’ól tú uaim
iomlán mo mhilseachta.

Anois tá mo cholainn breactha le cealga gormdhearga,
buailte le seodchealga corcra,
clúdaithe le baill fuatha, baill seirce is ó bharr go sáil.
Sháigh tú ionam do chealg beiche,
is ní stadann do dhordán riamh i m’inchinn.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Dánta as ‘Crithloinnir’ agus ‘An Bhrídeach Sí’ le Caitríona Ní Chléircín'

  • Antain Mac Lochlainn

    Galánta. Díreach galánta.