Eagarthóir Gaeilge an Irish Times ‘dóchasach’ agus leathanach Gaeilge an pháipéir á bhogadh go dtí an Luan

Tá atheagar á dhéanamh faoi láthair ar leagan amach an Irish Times agus mar chuid den atheagar sin foilseofar Bileog ar an Luan seachas ar an gCéadaoin

The Irish Times

Tá Eagarthóir Gaeilge an Irish Times dóchasach go ndéanfaidh sé leas na teanga sa pháipéar gur ar an Luan feasta a fhoilseofar an leathanach Gaeilge Bileog.

Tá atheagar á dhéanamh faoi láthair ar leagan amach an Irish Times agus mar chuid den atheagar sin foilseofar Bileog ar an Luan seachas ar an gCéadaoin.

“Is é an dóchas atá againn go gcuirfidh an lá nua foilsitheoireachta le cúrsaí teanga sa pháipéar. Deirtear gur doiligh freastal ar dhá thrá ach caithfidh an Irish Times sin a dhéanamh – trá an pháipéir féin agus trá an idirlín. Beidh muid in ann leathanach d’ardchaighdeán, lán nuachta agus gné-alt, a chur ar fáil Dé Luain agus beidh muid in ann ábhar breise i nGaeilge a chur ar líne an chuid eile den tseachtain, de réir mar a theastaíonn uainn,” a dúirt Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

Bhain a chuid deacrachtaí féin ag baint le foilsiú Bileog i lár na seachtaine, a dúirt Ó Muirí le Tuairisc.ie.

“Faoi láthair, bíonn sé doiligh go leor sin a dhéanamh. Bíonn fonn orm tús áite a thabhairt do Bileog, an leathanach, agus an oiread ábhair agus is féidir liom a choinneáil siar dó sin.

“Is é ár ndóchas go mbeidh muid in ann cleachtas nua léitheoireachta a chothú – go dtuigfidh daoine gurb ann don leathanach Dé Luain ach go mbeidh ábhar eile ar líne, i nGaeilge agus i mBéarla, faoi chúrsaí teanga.”

Dúirt Ó Muirí go bhfágadh an socrú nua go mbeadh deis aige “den chéad uair riamh” tuairiscí faoi imeachtaí deireadh seachtaine a chur ar fáil Dé Luain.

Tá sé ag súil, den chuid is mó, leis an athrú.

“Ach oiread le mórán de lucht na Gaeilge, ní maith liom athrú de chineál ar bith. Tá mé go fóill ag teacht chugam féin i ndiaidh Imeacht na nIarlaí! Mar sin féin, ní fiú dúinn bheith inár bpíobairí aon phoirt go deo,” a dúirt sé.

Tráth den saol bhíodh colúin Ghaeilge á fhoilsiú ag an Irish Times ar laethanta éagsúla – Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin – ach ó bunaíodh Bileog bhíodh ábhar Gaeilge an pháipéir ar fad á fhoilsiú ar aon leathanach amháin Dé Céadaoin.

Tá Ó Muirí ag súil aige go mbeidh fonn ar léitheoirí “tús a chur leis an tseachtain agus Bileog a léamh”.

“Níl nuachtán ar bith in Éirinn a rinne níos mó le hiriseoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Tá airgead agus airgead mór caite againn ar an teanga thar na blianta. Tá ár ndílseacht don teanga gan sárú. Tá cumas na scríbhneoirí agus na gcolúnaithe a bhí againn thar na blianta dochreidte maith.  

“Níl ann ach go mbeidh na scríbhneoirí agus na colúnaithe sin le léamh lá nó dhó níos luaithe sa tseachtain.”

Fág freagra ar 'Eagarthóir Gaeilge an Irish Times ‘dóchasach’ agus leathanach Gaeilge an pháipéir á bhogadh go dtí an Luan'

  • Seán Mag Leannáin

    “Níl nuachtán ar bith in Éirinn a rinne níos mó le hiriseoireacht na Gaeilge a chur chun cinn… Tá ár ndílseacht don teanga gan sárú.” Is fíor sin.