Dul chun cinn Chorcaí, neartú Thiobraid Árann agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Idir chluiche ceannais iomána na Mumhan, chluiche peile Chonnacht agus na babhtaí cáilithe, bhí neart le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Dul chun cinn Chorcaí, neartú Thiobraid Árann agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

David Reidy (an Clár) agus Darragh Fitzgibbon (Corcaigh). Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Dul chun cinn gan stad á dhéanamh ag Corcaigh

Ag tús na craoibhe, ba ar Chorcaigh a bhí an corrlach is troime sa chúige chun Craobh Iomána na Mumhan a bhuachan. Níor chuir sé sin iontas ar mhórán ach an oiread. Níor bhuaigh siad cluiche ar bith sa chúige ó bhuaigh siad Craobh na Mumhan in 2014 agus bhí siad ag tabhairt aghaidh ar churaidh na hÉireann, Tiobraid Árann sa chluiche ceathrú ceannais.

Tháinig siad tríd an gcluiche sin a bhuíochas do thaispeántas dochreidte agus sháraíodar Port Láirge agus an Clár chun craobh an chúige a thabhairt leo. Is iad taispeántais na n-imreoirí óga is mó atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus cé go raibh Shane Kingston agus Luke Meade níos ciúine inné ná mar a bhí siad in aghaidh Thiobraid Árann, mar shampla, bhí Mark Coleman agus Darragh Fitzgibbon ar fheabhas arís.

Is í an cheist atá ann ná an mbeidh siad in ann coinneáil leo ag tabhairt taispeántas dhochreidte mar seo? Is imreoirí iad nár imir i bPáirc an Chrócaigh riamh roimhe seo, fiú ag leibhéal na mionúr, agus beidh brú ollmhór sa chontae orthu as seo go dtí an cluiche leathcheannais mí Lúnasa. Is dúshlán ar leith é sin ach lena gceart a thabhairt do na fir óga seo, tá gach dúshlán eile a cuireadh rompu go dtí seo sáraithe acu.

Enda Smith ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An chuid is measa agus an chuid is fearr de Ros Comáin agus Gaillimh feicthe againn

Tá trí chluiche anois imeartha ag peileadóirí na Gaillimhe agus Ros Comáin in aghaidh a chéile taobh istigh d’aon bhliain amháin agus tá láidreachtaí agus laigí na bhfoirne feicthe againn sna coimhlintí sin. Dá fheabhas a bhí Gaillimh in athimirt chluiche ceannais Chonnacht na bliana seo caite, bhí siad go hainnis inné, agus a mhalairt ab fhíor i gcás Ros Comáin.

Cuireadh líne lánchúil na Gaillimhe faoi bhrú in aghaidh Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin ach ní raibh na tosaithe ag Stephen Rochford chun leas iomlán a bhaint as. Ní dhéanfadh Ros Comáin an botún céanna áfach agus d’aimsigh an triúr a bhí sa líne lántosach, Cian Connolly agus an bheirt Murtagh, Ciarán agus Diarmuid, 1-9 i rith an 70 nóiméad. Murach an slám iarrachtaí a chuir Ros Comáin amú sa chéad leath, d’fhéadfadh an scéal a bheith i bhfad ní ba mheasa don fhoireann baile i Staid an Phiarsaigh.

Tá an dá fhoireann ag iarraidh imreoirí óga a thabhairt chun cinn ach léiríonn a gcuid taispeántas le bliain anuas, an Ghaillimh inné agus Ros Comáin anuraidh, go bhfuil obair fós le déanamh acu.

Beidh Gaillimh ag tógáil áit Ros Comáin i Roinn 1 den tsraith an bhliain seo chugainn agus d’fhéadfadh na foirne a bheith ag malartú áiteanna idir Roinn 1 agus Roinn 2 go ceann cúpla bliain.

John McGrath (Tiobraid Árann) tar éis dó cúl a scóráil. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Iománaithe Thiobraid Árann neartaithe ag na babhtaí cáilithe

Seans nárbh é a bhí i gceist acu don samhradh seo ach tá taithí iománaithe Thiobraid Árann imithe chun tairbhe dóibh agus iad anois ag tabhairt aghaidh ar chluiche ceathrú ceannais na hÉireann. Cé go raibh curaidh na hÉireann cuibheasach sa tsraith, bhuail Gaillimh greadadh orthu sa chluiche ceannais agus nuair a tháinig Corcaigh aniar aduaidh orthu i gCraobh na Mumhan, ba léir nach raibh rud éigin i gceart le foireann Michael Ryan.

D’athraigh an bainisteoir an fhoireann don chluiche in aghaidh na hIarmhí agus imreoirí aitheanta fágtha ar an mbinse aige. Cé nach raibh Tiobraid Árann ar fheabhas sa chluiche sin, bhuaigh siad agus fuair Ryan an freagra a bhí uaidh in aghaidh Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite.

Bhí John McGrath ar dhuine de na himreoirí nár thosaigh sa chluiche in aghaidh na hIarmhí ach bhí sé ar ais i mbarr a mhaitheasa in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus 2-2 aimsithe aige i Staid Semple, na cúil ag teacht sa chéad 25 nóiméad.

I ndiaidh na cainte uile atá déanta faoi Ghaillimh i mbliana, gurb í seo an bhliain a chuirfear deireadh leis an ngorta, seans gurb iad Tiobraid Árann an fhoireann is láidre agus muinín arís acu anois i ndiaidh a n-aistir trí na babhtaí cáilithe.

Imreoir Dhún na nGall, Paddy McGrath. INPHO/Ryan Byrne

Na boic mhóra peile ag treabhadh leo go dtí seo

Cé nach bhfuil ach ceithre fhoireann déag fágtha i gcraobh peile na bliana seo, tá na boic mhóra uile fós san iomaíocht. Agus leithéidí Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus Mhuineacháin uile ag filleadh ar na babhtaí cáilithe luath sa samhradh, bhí an seans ann go mbeadh muid ag fágáil slán le ceann de mhórfhoirne na peile roimh m Iúil féin ach ní mar sin a tharla.

Mar a tharlaíonn sé, is iad an Cabhán, a chaill in aghaidh Thiobraid Árann Dé Sathairn seo caite, an t-aon fhoireann ó Roinn 1 na sraithe nach bhfuil fós páirteach sa chraobh, chomh maith leis an dá fhoireann is fearr i Roinn 2, Gaillimh agus Cill Dara.

Beidh an chraobh ag dul i ngéire as seo amach áfach agus nuair a bheidh na Gaillimhigh agus Dún na nGall ag tabhairt aghaidh ar a chéile i mbabhta 4A, chomh maith leis an gcluiche idir Corcaigh agus Maigh Eo, tiocfaidh deireadh le séasúr péire de na foirne sin níos túisce ná mar a bhí beartaithe.

Fág freagra ar 'Dul chun cinn Chorcaí, neartú Thiobraid Árann agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'