Deireadh á chur le riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh baill áirithe d'Údarás na hOllscoile go mór i gcoinne an chinnidh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge don phost is sinsearaí san ollscoil

Deireadh á chur le riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá deireadh á chur ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile. Tuigtear do Tuairisc.ie gur ghlac Údarás OÉ, Gaillimh cinneadh ar maidin deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag uachtaráin na hollscoile.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh baill áirithe d’Údarás na hollscoile go mór i gcoinne an mholadh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge don phost is sinsearaí san ollscoil.  Cé gur labhair roinnt ball den údarás agus daoine eile a bhí i láthair ag an gcruinniú go láidir in aghaidh an athraithe, bhí tromlach na mball ar son fáil réidh leis an riachtanas go huile is go hiomlán.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí ó chríocha thar lear.

Dúradh chomh maith go raibh an baol ann nach gcuirfeadh na daoine is fearr ar fud an domhain isteach ar an bpost sa chás go gcoimeádfaí an riachtanas Gaeilge.

Beidh cruinniú eile den Údarás ar an 15 Nollaig ag a bpléifear arís na dualgais agus na riachtanais a luafar le ceapachán uachtaráin. Tuigtear do Tuairisc.ie go bpléifear ag an gcruinniú sin stádas agus ról na Gaeilge san Ollscoil trí chéile. 

Féachfar ar chinneadh an lae inniu, ag ar pléadh socruithe maidir le ceapachán an chéad uachtaráin eile ar an ollscoil, mar bhuille eile do stádas na Gaeilge san Ollscoil.

Meastar go bhfógrófar an post d’Uachtarán na hOllscoile an bhliain seo chugainn agus gan ach bliain eile fágtha ag an uachtarán atá ann faoi láthair, an Dr James Browne.

Tá sé ina údar imní le tamall de bhlianta anuas i measc lucht na Gaeilge san ollscoil i gcathair na Gaillimhe go bhfuil creimeadh á dhéanamh de réir a chéile ar stádas na teanga i ngnóthaí na hollscoile.

Táthar buartha, mar shampla, faoin scéal go bhfuil Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gan aon Ollamh le Nua-Ghaeilge don tríú bliain acadúil as a chéile. Ní fios go fóill cén uair atá sé i gceist ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Ollamh le Nua-Ghaeilge a cheapadh ná cathain a fhógróidh siad an folúntas.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur le riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'

  • Eoin Ó Riain

    Nach fíor an rud atá ráite go minic le blianta agus anois tá an t-aon Ollscoil le Gaeilge tár éis géilleadh.

  • Murt Ó Súilleabháin

    Mo náire iad an dream gan léargas , gan tuiscint , gan féinmheas a dhein ant t-athrú uafásach seo .

  • Seán Mag Leannáin

    Deireadh á chur le traidisiún ársa onórach. Cinneadh náireach amach is amach. Is ródhócha go líonfaidh siad an post Ollaimh anois mar ghobán do na Gaeilgeoirí.

  • Seán Mag Leannáin

    Ag filleadh ar laethanta Choláiste na Banríona …

  • Liam

    Ní ceart go mbeadh an cumhacht seo acu – is airgead an cháiníocóra atá a mhaoiniú; seo ceist ollmhór i stádas na teanga.

  • Máire

    Tubaisteach an cinneadh a bheadh ann. Mo náire iad.

  • Manus

    Tá “cic sa tóin”eile ag bagairt ar an nGaeltacht – go mbeidh deireadh le Gaeilge mar ábhar riachtanach le freastal ar ollscoileanna an NUI i mBáC, Corcaigh agus Gaillimh. Beidh an cuid is mó des na Scoláirí a bhíodh ag lorg pointí de bhrí go raibh an Ghaeilge éigeantach don NUI ar nós cuma liom faoin nGaeilge maidir le torthaí Ardteiste. Beidh ceann des na cúiseanna go bhfui na Coláistí Samhraidh fós ann imithe. Ansin ní bheidh aon ghá ag go leor teallaigh sa nGaeltacht an Ghaeilge a labhart sa bhaile i rith an tsamhraidh ar cor ar bith. Is iad na FíorGhaeil a bheidh fágtha ag labhairt na Gaeilge sa nGaeltacht. Pleanáil teanga de chineál eile atá ag bagairt ar an nGaeltacht ón NUI.

  • Seán Ó Riain

    Cinneadh náireach ó dhream ná tuigeann faic!

  • Stilla

    Cad é an draíocht a bhaineann le “iarrthóirí ó chríocha thar lear.” Ón máthairthír is dócha. Lucht ansacht Brexit. Tá na Gaill i réim.

  • Deasún ÓSeanáin

    Is mór an trua nach bhfuil gluaiseacht ceart, láidir Gaeilge sa tír seo nach bhfuil ag brath ar deontais Rialtas chun abheochan na teangan a bhaint amach!