Tá teaghlach an té a ionsaíodh le scian i mBéal Feirste, ionsaí a spreag achrann is foréigean sa gcathair, ag impí ar dhaoine guaim a choinneáil orthu féin. Dúirt siad go ndéanann imircigh “leas luachmhar” don tsochaí.
Lean an foréigean léirsithe in aghaidh na hinimirce a tharla i dTuaisceart Éireann nuair a d’iarr gníomhaithe ar an eite fhíordheis ar dhaoine a ghabháil ag léirsiú nuair a scaipeadh físeán glinn d’ionsaí scine.
Bhailigh na sluaite agus fir a raibh púicíní orthu ina measc agus dódh feithiclí agus tithe agus bhlocáil siad bóithre i mBéal Feirste agus ina thimpeall aréir, oíche Dé Máirt.
Tá seirbhís bus agus traenach curtha ar fionraí tráthnóna inniu i dTuaisceart Éireann agus imní ann go mbeidh sé ina achrann ansin arís anocht. Beidh cruinniú éigeandála ag an bhFeidhmeannas ar líne inniu.
Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gur ‘dílseoirí agus amhais ón eite fhíordheis’ a d’eagraigh ‘imeaglú ciníoch agus foréigean’ na hoíche aréir i dTuaisceart Éireann.
Agus Mary Lou McDonald ag caint i nDáil Éireann, cháin sí an t-ionsaí sáite ‘tubaisteach’ agus mhol sí ‘crógacht ghnaíúil’ an phobail, fear acu a d’úsáid camán a mhic in iarracht ionsaí a chosc, agus gníomhú ‘gasta’ an PSNI.
D’iarr teaghlach an té a sádh nach gcuirfí isteach ar a saol pearsanta agus dúirt go raibh siad “briste brúite ar fad” ag an ionsaí ar a nduine gaoil. Mhol siad na daoine a tháinig i gcuidiú ar a bhfear gaoil agus d’iarr siad ar an dream a bhí spréachta faoin ionsaí gan tabhairt faoin bhforéigean.
“Tuigimid go bhfuil teannas ann de bharr na heachtra sin agus go bhfuil caint ar léirsithe. Ba mhaith linn a bheith iontach soiléir nach bhfuil achrann na hoíche aréir á iarraidh againne agus agóid shíochánta an t-aon bhealach fiúntach atá ann.
“Is iomaí imirceach atá anseo a chuireann go mór le leas ár dtíre, an córas cúram sláinte agus earnáil an fháilteachais san áireamh agus táimid ag brath orthusan chun go n-oibreodh ár dtír. Ní theastaíonn uainn go n-úsáidfí an tubaiste uafásach seo chun daoine a dheighilt óna chéile ná chun naimhdeas a chothú.”
Chroch na léirsitheoirí leo bus Glider aréir ar bhóthar Bhaile Nua na hAirde in oirthear Bhéal Feirste agus dhóigh siad é. Cuireadh carranna trí thine in aice le Bóthar na Seanchille agus i mBaile na Mainistreach.
Ainmníodh an té a sádh san oíche Dé Luain i mBéal Feirste sa gcúirt inniu. Tá an fear sna daichidí, Steven Ogilvy, fós san ospidéal. Dúradh sa gcúirt inniu go raibh an tsúil chlé caillte aige agus dochar déanta dá shúil dheis agus a mhuineál agus a dhroim gortaithe.
Tá an té atá faoi amhras faoin ionsaí scine, Hadi Alodid, curtha ar a choinneáil go ceann ceithre seachtaine.
Lasadh tithe, carranna agus bus Glider i mBéal Feirste aréir agus daoine ar na sráideanna ag léirsiú faoin ionsaí.
I dtuairisc ag an BBC faoi cheantar amháin sa gcathair, dúradh go raibh na céadta fear faoina gcuid púicíní agus buidéil is brící acu ag cur boscaí bruscair faoi thine acu iad ag béicíl ‘amach le heachtrannaigh’.
Fág freagra ar 'Teaghlach an té a ionsaíodh le scian ag impí ar dhaoine guaim a choinneáil orthu féin'