Cosaint déanta ag Roinn na Gaeltachta ar an bpróiseas tairisceana d’aersheirbhís Oileáin Árann

Deir an Roinn go bhfuil na líomhaintí go bhfuil an próiseas i bhfabhar cineál amháin aerárthaigh seachas ceann eile ‘go hiomlán míchruinn’

aerarann15-0063

Níl sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta an tairiscint d’aersheirbhís na nOileán Árann a tharraingt siar agus tá cosaint déanta acu ar ghnéithe éagsúla den phróiseas tairisceana.

Thug urlabhraí ón Roinn le fios go bhfuil na líomhaintí go bhfuil an próiseas i bhfabhar cineál amháin aerárthaigh seachas ceann eile “go hiomlán míchruinn”.

Tá ionadaithe poiblí i nGaillimh Thiar ag éileamh go dtarraingeofaí siar an tairiscint agus tá muintir na n-oileán féin míshásta le cuid den phróiseas toisc, dar leo, é a bheith claonta i dtreo dreama a dhéanfadh iarratas ar sheirbhís héileacaptair a chur ar fáil.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) go bhfuil sé “aisteach” nach bhfuil an taithí eitleoireachta a bheadh ag comhlacht luaite sa chóras marcála a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana, agus dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly (NS) nach bhfuiltear ag freastal ar riachtanais mhuintir na n-oileán sa tairiscint.

Ach dúirt ionadaithe na Roinne inné ag preasócáid in oifigí na Roinne sna Forbacha nach bhfuil aon údar ann go dtarraingeofaí siar an tairiscint nua, a fógraíodh ar an 1 Aibreán.

Mhaígh ionadaithe na Roinne go rabhthas tar éis dul i ngleic leis na gnéithe sin den phróiseas a raibh ceisteanna curtha ina dtaobh agus go raibh míniú tugtha ar na nithe sa tairiscint atá ag déanamh imní do na hoileánaigh.

Ar cheann de na nithe sin bhí an chuid sin den cháipéis tairisceana ina luaitear go gcaithfí aerárthach a chur ar fáil ina bhfuil ar a laghad ocht suíochán ann. Ba é an gearán a bhí ag cuid de mhuintir na n-oileán faoi seo ná go raibh an chuid sin den phróiseas claonta i dtreo aon dreama a bheadh ag iarraidh seirbhís héileacaptair a chur ar fáil, toisc go mbíonn níos mó suíochán sna hárthaí sin ná mar a bhíonn sa chineál eitleáin a bheadh oiriúnach don tseirbhís.

Mhaígh an Roinn inné nach suíocháin ar bord an aerárthaigh a bhí i gceist sa chuid sin den cháipéis ar chor ar bith ach líon na ndaoine a d’fhéadfaí a iompar in aon lá amháin. Dá mbeadh, mar shampla, aerárthach a mbeadh ceithre shuíochán ann, ach é ag déanamh dhá thuras fillte, b’ionann sin agus ‘ocht suíochán’.

Tá sé i gceist freisin soiléiriú a dhéanamh ar shuíomh E-Tenders, an suíomh ar ar fógraíodh an tairiscint, faoin gcuid de na cáipéisí ina dtagraítear don bhreosla ‘jet kerosene’. Dúirt ionadaithe na Roinne inné gur ‘breosla eitleoireachta’ ba cheart a bheith luaite in áit ‘jet kerosene’ agus go ndéanfar an méid sin a ‘shoiléiriú’ ar an gcáipéis a luaithe agus is féidir.

Bhí sé ráite go bhféadfadh an tagairt do ‘jet kerosene’ buntáiste a thabhairt do chineál amháin aerárthaigh seachas ceann eile.

Bhí amhras freisin ar dhaoine faoi úsáid an fhocail ‘idle’ nó díomhaoin sa mhír ‘Operations’ sna cáipéisí:

“Tenderers should note that it will be a contractual requirement that aircraft engines must be idle during passenger embarking and disembarking”.

Táthar buartha go dtugann an líne áirithe sin buntáiste do dhream a dhéanfadh iarratas ar sheirbhís héileacaptair a chur ar fáil, mar murab ionann agus eitleán, is féidir le hinneall héileacaptair a bheith ‘idle’ agus daoine ag dul ar bord.

Mar fhreagra air sin, dúirt ionadaithe na Roinne gurb ionann ‘díomhaoin’ agus ‘múchta’ sa chomhthéacs seo.

Thug saineolaí eitleoireachta le fios do Tuairisc.ie aréir, áfach, gurbh í an ghnáthchiall a bheadh ag an bhfocal ‘díomhaoin’ i gcomhthéacs eitleoireachta ná “inneall a bheadh ar siúl ach nach mbeadh a dhóthain cumhachta á giniúint aige le hobair cheart a dhéanamh”.

Bhíothas ag éileamh freisin go mbeadh ionadaí ó na hoileáin ar an gcoiste a dhéanfaidh measúnú ar na hiarratais a chuirfear isteach ar an tairiscint ach diúltaíodh don éileamh sin.

Mhínigh oifigigh na Roinne inné nach bhféadfadh a leithéid d’ionadaí a bheith ar an gcoiste mar go mbeadh “coimhlint leasa” ann.

Dúradh gur tugadh deis do mhuintir na n-oileán a n-éilimh a chur chun cinn ag na cruinnithe a bhí ag foireann na Roinne leo cheana agus go mbeadh an baol ann go bhféadfadh ionadaí pobail a bheith “claonta” in aghaidh iarratais ar leith.

D’eisigh an Roinn ráiteas tráthnóna inné le soiléiriú a dhéanamh ar “ráitis mhíchruinne” faoin bpróiseas tairisceana agus chun na ráitis “a craoladh go poiblí a cheartú”.

“Tá na ráitis phoiblí a thugann le fios go bhfuil an Tairiscint a foilsíodh i bhfabhar cineál amháin aerárthaigh seachas ceann eile go hiomlán míchruinn. Cuireann Dlí an AE cosc iomlán ar fhabhar a dhéanamh d’aerárthach nó do sholáthraí seirbhíse faoi leith. Braitheann na teorainneacha a chuirtear ar an gcineál aerárthaigh a ndéantar tairiscint dó ar íosriachtanas suíochán, bheith in ann bagáiste a iompar agus ar an infreastruchtúr ag na haeradróim ar na hoileáin agus agus ar an mórthír.

“Tá ráitis phoiblí a deir gur iarr an tIarratas ar Thairiscint líon níos lú eitiltí ná an méid atá ann faoi láthair míchruinn. Níl aon athrú.Tá ráitis phoiblí a deir gur chuir an tIarratas ar Thairiscint teorainn ar an líon bagáiste is féidir a iompar míchruinn. Níl a leithéid de theorainn curtha i bhfeidhm. Áiríonn an tIarratas ar Thairiscint riachtanas d’íosacmhainn bagáiste de 10kg in aghaidh an phaisinéara,” a dúradh sa ráiteas.

Dúirt ionadaithe na Roinne inné áfach, nach mbeadh aon chosc ar an aerlíne féin táillí a ghearradh ar phaisinéirí a bheadh ag iarraidh bagáiste a bheadh níos troime ná 10kg a thabhairt ar bord an árthaigh.

Aithníodh go bhfuil méadú 11.9% ar phraghas na dticéad ceadaithe san Iarratas ar Thairiscint, ach dúradh gurbh amhlaidh a bhí mar go raibh fás na táille “tite i bhfad taobh thiar de ráta an bhoilscithe”. Tháinig méadú 2% ar phraghas na dticéad ó bhí 2002 ann, ach tháinig méadú 30% ar an mboilsciú idir 2002 agus 2013, a dúradh.

Thug an Roinn le fios nach mbeadh aon ráiteas poiblí eile á dhéanamh acu faoi cheist na haersheirbhíse go dtí go mbeidh an próiseas tairisceana curtha i gcrích.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Roinn na Gaeltachta ar an bpróiseas tairisceana d’aersheirbhís Oileáin Árann'