Comharthaí beochta na Gaeilge – ná bímis dall orthu

Níl lá a théann thart nach n-aimsíonn cainteoirí Gaeilge friotal foirfe le cur síos ar an saol thart orthu. Ná bímis dall ar shamplaí den dea-Ghaeilge, a deir ár gcolúnaí.

LÉARÁID: Tuairisc.ie/CÓS

Scéal dhá chomhartha a cuireadh in airde i mo cheantar féin. An chéad cheann acu, impíonn sé ar dhaoine gan barraíocht calláin a dhéanamh ná bruscar a chaitheamh thart sna sráideanna timpeall Pháirc an Chrócaigh. Be quiet, be tidy atá sa Bhéarla. ‘Bí ciúin, bí slachtmhar’ atá sa leagan Gaeilge. Tá bua na gontachta san aistriúchán sin. Leoga, déarfadh a lán daoine gur róghonta atá sé agus go ndéanann sé ordú den impí ar shlí nach n-oireann don Ghaeilge. Anuas air sin, ní hionann brí an fhocail deiridh ó áit go chéile; abair ‘bí slachtmhar’ le Connachtach agus déarfaidh sé leat nach indéanta don duine a bheith pioc níos slachtmhaire ná mar a rinne Dia é.

An dara comhartha is mian liom a lua, is ar úinéirí madraí a bhí sé dírithe. When your dog has done its business, do yours, a bhí sa Bhéarla, ionann agus a rá gurb é dualgas na n-úinéirí salachar a gcuid madraí féin a ardú leo agus a dhiúscairt. Teachtaireacht shimplí atá ann agus tuigeann an duine is dúire nach mbeadh brí ar bith i dtiontú díreach. I mbéal a mhadra a cuireadh an téacs Gaeilge. Agus é ag féachaint suas ar a mháistir, deir sé, ‘Ar ndóigh, ní ormsa atá na lámha.’ Dar liom, tá sé sin ar fheabhas. Ar éigean a bhainfidh sé duais litríochta ar bith, ach is sárshampla é den aistriúchán éifeachtach féinmhuiníneach a theastaíonn i sochaí dhátheangach.

Bhí sé i gceist agam teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag moladh an chomhartha úd, ach níor sheol riamh. Is dócha go raibh mé róghnóthach ag cur tharam faoi aistriúchán bacach éigin a mhill an lá orm. Tamall ina dhiaidh sin, léigh mé bileog eolais faoi chaitheamh tobac. Cigarette smoking is strongly habit-forming a bhí sa Bhéarla. ‘Is millteanach mar a fhaigheann na toitíní greim gnáis ar dhaoine,’ a bhí sa Ghaeilge. Tá moladh tuillte ag an duine a d’aimsigh an friotal foirfe Gaeilge sin. Ar sheol mé nóta molta go dtí an eagraíocht a d’fhoilsigh an bhileog? Tá a fhios agat go maith nár sheol, ach tá sé de rún agam a leithéid a dhéanamh feasta.

Nó is chuige seo atá mé: tá an chontúirt ann go gcuirfidh lucht na Gaeilge in iúl dóibh féin gur rud dosheachanta atá sa Ghaeilge bhacach agus gur fabht sa teanga féin is cúis leis (murab ionann agus lagchumas an aistritheora nó an scríbhneora aonair). Sin an tátal atá le baint as alt a scríobh Victoria Whyte ar an Irish Examiner le gairid, inar mhaígh sí gur ábhar magaidh atá sna téacsanna agus na comharthaí Gaeilge atáthar a chur i láthair an phobail. Luaigh sí samplaí mar ‘beár sneaiceanna’ ar shlí a thug le fios nach bhfuil ar chumas na Gaeilge déileáil le coincheap chomh bunúsach le snack. Bhuel, molaimse focloir.ie as ‘smailc’, ‘greim’, ‘plaic’ agus ‘scroid’ a lua linn. Molaim an ócáid Siamsaíocht@6 de chuid Gael Linn, a chuireann ‘blaisíní bia’ ar fáil don lucht féachana.

Níl lá a théann thart nach n-aimsíonn cainteoirí Gaeilge friotal foirfe le cur síos ar an saol thart orthu. Cinnte, déanaimis an rud bacach a aoradh, ach ná cuirimis beaguchtach orainn féin lena linn.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Comharthaí beochta na Gaeilge – ná bímis dall orthu'