Cinneadh ‘uafásach’ don Ghaeilge sa Chúirt Achomhairc – ‘Is leor an Béarla mar tá Béarla ag cách’

Dar le saineolaithe dlí agus gníomhaithe teanga gur údar imní í an bhreith a tugadh sa chúirt inniu faoi thorthaí tástáil anála a cuireadh ar fáil i mBéarla amháin

gavel-1017953_1920

Buille ‘uafásach’ do stádas na Gaeilge a bhí i gcinneadh an lae inniu sa Chúirt Achomhairc rialú faoi thorthaí tástáil anála a chur ar ceal.

Dar le saineolaithe dlí agus gníomhaithe teanga gur údar imní é breith na cúirte fad is a bhaineann sé le seasamh na Gaeilge sa dlí.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc inniu rialú go raibh torthaí tástáil anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Dúirt an Breitheamh John Edwards gur aontaigh sé cuid mhaith le rialú an Bhreithimh Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt toisc gur cuireadh ar fáil i mBéarla amháin iad.

Dúirt an Breitheamh Edwards áfach nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástáil anála toisc nach raibh ann dáiríre ach ‘athrá’ i nGaeilge ar eolas a bhí tugtha i mBéarla.

Dar leis an abhcóide Antain Delap go bhfuil an chosúlacht ar bhreith na cúirte inniu go bhfuiltear ag rá “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag achan duine”.

“Lagaíonn breith na cúirte inniu stádas na Gaeilge sa chóras dlí. An bhrí a bhainfinn as ná go bhfuiltear ag rá, má tá tú ag iarraidh crios agus péire gealasacha a chur ar rud, thig leat é a chur ar fáil i nGaeilge leis, ach ní gá, mar is leor an Béarla mar tá Béarla ag achan duine.

“Sin an chosúlacht atá ar bhreith na cúirte – gur leor an Béarla, agus nach bhfuil sa Ghaeilge ach rud imeallach nó dúbláil de shaghas éigin. Is lagú an méid sin ar sheasamh na teanga mar tá idirdhealú á dhéanamh ar son an Bhéarla agus táthar ag rá nach bhfuil dualgas ar bith ann a bheith ró-imníoch faoi cháipéisí a chur ar fáil i nGaeilge mar go bhfuil Béarla ag an bpobal ar fad. Ní breithiúnas maith a bhí ann i dtaca leis an nGaeilge”.

Dúirt an Dr Seán Ó Conaill, léachtóir le Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh gur dheacair dó aon chiall a bhaint as breith an lae inniu “i stát atá in ainm is a bheith dátheangach”.

Údar imní é don Dr Ó Conaill, go mbeadh breithiúna ag féachaint amach anseo ar bhreith na cúirte inniu agus an teachtaireacht inti “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag gach aon duine”.

Dúirt sé gur “buille mór” do chearta phobal na Gaeilge a bhí sa bhreith chomh maith.

“B’uafásach an cinneadh é don teanga agus do chearta phobal na teanga. Tá sé an-dheacair ciall a bhaint as i stát atá in ainm is a bheith dátheangach. I ndáiríre, déanann sé ceap magaidh don tuiscint gur tír dhátheangach atá againn. B’fhéidir gurb amhlaidh nach tír dhátheangach atá againn agus go bhfuil sé in am againn éirí as an gcur i gcéill. Ach ní faoi aon Bhreitheamh é an cinneadh sin a dhéanamh,” a dúirt an Dr Seán Ó Conaill.

Dúirt Leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Peadar Mac Fhlannchadha go lagaíonn cinneadh na Cúirte Achomhairc stádas na Gaeilge sa dlí.

Dúirt sé chomh maith go gcaithfí filleadh ar an “buncheart” atá ag an bpobal seirbhís i nGaeilge a fháil ón nGarda Síochána agus go mbeifí ag cur brú ar an Rialtas nua a chinntiú go mbeidh an ceart sin ar fáil.