Ciarán Ó Fátharta le feidhmiú mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Is é an craoltóir Ciarán Ó Fátharta a líonfaidh an folúntas atá in RTÉ RnaG ó d’fhógair Aodh Ó Coileáin an mhí seo caite go raibh sé ag éirí as tar éis bliain a chaitheamh sa phost mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta

From Monday 15 September 2014 all news bulletins as Gaeilge on RTÉ Radio will be delivered from RTÉ Raidió na Gaeltachta in Casla, Connemara. Henceforth the station will provide all 32 Irish-language bulletins across RTÉ Radio 1, RTÉ lyric fm and RTÉ 2fm, in addition to their own news service currently provided throughout the day. From Monday 15 September the RTÉ.ie news website, and the RTÉ News Now App, will feature national, international and regional news in Irish for the first time.
.

Tá Eagarthóir Stiúrtha Nuachta (ESN) ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bhonn sealadach. Is é Ciarán Ó Fátharta a bheidh i mbun na hoibre sin a fhad is atá an próiseas earcaíochta ar bun chun an folúntas buan a líonadh.

D’fhógair an t-iar-ESN, Aodh Ó Coileáin, an mhí seo caite go mbeadh sé ag éirí as phost, deich mí i ndiaidh a cheapacháin. Ní raibh Ó Coileáin i measc na ndaoine a chuir isteach ar an bhfolúntas nuachta nuair a fógraíodh é, ach shocraigh lucht bainistíochta an stáisiún dul sa tóir ar dhaoine eile nuair nár éirigh leis na hiarrthóirí a cuireadh faoi agallamh don phost.

Ciarán Ó Fátharta
Ciarán Ó Fátharta

Is craoltóir aitheanta é Ciarán Ó Fátharta ar as an Máimín i Leitir Móir ó dhúchas é. Tá sé ina chónaí anois ar an gCeathrú Rua. Tá cáil ar Ó Fátharta freisin mar chumadóir amhrán, agus ba é a chum na hamhráin ‘Bearáilte’, ‘Maggie Thatcher’, ‘Amhrán Ráth Chairn’ agus ‘Amhrán na mBáid Mhóra’.

Bíonn sé ag plé cuid mhaith le cúrsaí spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus d’imir sé mar lánchúlaí ar chlé ar fhoireann mionúr na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Mionúr na hÉireann i 1976.

Tá tuairim is 30 bliain caite aige ag obair do RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla. Ba mar oibrí fuaime a thosaigh sé i dtús aimsire.

Fág freagra ar 'Ciarán Ó Fátharta le feidhmiú mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta'

  • padraig

    A chonach sin air, fear iltreitheach mar is leir, stuama, gairmiuil.

  • Bert

    Cinneadh maith, nach trua nár thug siad an post dhó sa chéad dul síos, tar éis dhó dul faoi agallamh dhó!

    Ceisteanna don ard-bhainistíocht?