
Tá Eagarthóir Stiúrtha Nuachta (ESN) ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bhonn sealadach. Is é Ciarán Ó Fátharta a bheidh i mbun na hoibre sin a fhad is atá an próiseas earcaíochta ar bun chun an folúntas buan a líonadh.
D’fhógair an t-iar-ESN, Aodh Ó Coileáin, an mhí seo caite go mbeadh sé ag éirí as phost, deich mí i ndiaidh a cheapacháin. Ní raibh Ó Coileáin i measc na ndaoine a chuir isteach ar an bhfolúntas nuachta nuair a fógraíodh é, ach shocraigh lucht bainistíochta an stáisiún dul sa tóir ar dhaoine eile nuair nár éirigh leis na hiarrthóirí a cuireadh faoi agallamh don phost.
Is craoltóir aitheanta é Ciarán Ó Fátharta ar as an Máimín i Leitir Móir ó dhúchas é. Tá sé ina chónaí anois ar an gCeathrú Rua. Tá cáil ar Ó Fátharta freisin mar chumadóir amhrán, agus ba é a chum na hamhráin ‘Bearáilte’, ‘Maggie Thatcher’, ‘Amhrán Ráth Chairn’ agus ‘Amhrán na mBáid Mhóra’.
Bíonn sé ag plé cuid mhaith le cúrsaí spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus d’imir sé mar lánchúlaí ar chlé ar fhoireann mionúr na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Mionúr na hÉireann i 1976.
Tá tuairim is 30 bliain caite aige ag obair do RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla. Ba mar oibrí fuaime a thosaigh sé i dtús aimsire.
padraig
A chonach sin air, fear iltreitheach mar is leir, stuama, gairmiuil.
Bert
Cinneadh maith, nach trua nár thug siad an post dhó sa chéad dul síos, tar éis dhó dul faoi agallamh dhó!
Ceisteanna don ard-bhainistíocht?