Chonaic me dhá chos bheaga phlaisteacha ag gobadh aníos as an bhfód…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhuail fonn aisteach garraíodóireachta ár gcolúnaí le déanaí…

Feet

Chuile bhliain a luaithe is a thagann an chéad lá breá buaileann fonn garraíodóireachta mé, ainneoin gach fianaise atá agam ó bhlianta eile nach mórán ratha a bhí ar mo chuid iarrachtaí riamh.

Bhí mé ag dul thar B&Q an lá cheana agus chonaic mé na tralaithe móra taobh amuigh den doras acu agus iad lán le potaí bláthannaí. Trí phota ar €5. Shamhlaigh mé an gáirdín ag cur thar maoil le bláthannaí beaga ag damhsa sa ngaoth. Ní fhéadfadh go mbeadh sé chomh deacair sin. Céard a bhí ann ach iad a sháigh sa talamh?

Phioc mé suas ceann de na potaí. Ní raibh a fhios agam mórán, ach bhí a fhios agam nach bhfaigheann an clós ar chúl an tí mórán gréine. Bhí bláth éicint uaim a dhéanfadh go maith i ngairdín nach bhfaigheann ach tuairim is leathuair a chloig gréine ar an dara Dé Máirt de mhí an Mheithimh.

Scrúdaigh mé an cárta eolais a bhí sáite sa bpota. Ní raibh sé soiléir uaidh céard é go díreach a bhí uaidh an bplanda áirithe seo. Ar thaobh amháin bhí pictiúr den bhláth a mhaígh siad a bheith sa bpota. Ar an dtaobh eile bhí sraith comharthaí agus línte a léirigh, chomh maith is a bhí mé in ann a dhéanamh amach, turas na gréine tríd an bhfirmimint, agus treoracha ársa a gceapaim a bhí tógtha as an bhféilire Máigheach.

Shocraigh mé dul sa tseans. Bhailigh mé suas sé cinn de na potaí. 

The best of luck to ya!’ a dúirt fear an scipéid liom gan choinne agus mé ag imeacht. An bhfaca sé an rámhaille i mo chuid súile? An raibh a fhios aige rud éicint nach raibh a fhios agamsa?

The main thing is not to work too hard,’ a dúirt sé ansin agus chaoch sé a shúil liom go mistéireach. D’airigh mé go raibh mé imithe isteach i ndomhan Darby O’Gill and The Little People. 

D’aontaigh mé leis faoi dheifir agus bhailigh mé mo chuid potaí beaga le chéile, tharraing isteach le mo chléibh iad is d’imigh abhaile go beo.

‘Tá sé ag cur Peppa Pig sa bhfód,’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga. Bhí muid ar chúl an tí ag cartadh poll do na plandaí nua. Bhreathnaigh mé anonn ar an mBabaí. Bhí carnán bréagáin lena thaobh agus é ag cartadh poill bheaga dóibh agus á gcur. 

Chonaic me dhá chos bheaga phlaisteacha ag gobadh aníos as an bhfód le taobh ceann de na plandaí. ‘Fág ann é,’ a dúirt mé, ‘b’fhéidir gurb é a d’fhásfadh.’

Fág freagra ar 'Chonaic me dhá chos bheaga phlaisteacha ag gobadh aníos as an bhfód…'