Cén fáth go bhfuil muintir na hÉireann chomh sona is atá?

Is í Éire an 15ú tír is áthasaí sa domhan, de réir de réir Tuairisc Bhliantúil an tSonais Dhomhanda de chuid na Náisiún Aontaithe

Cén fáth go bhfuil muintir na hÉireann chomh sona is atá?

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

An mbeifeá in ann a rá liom cé chomh sona is atá tú ar scála óna haon go dtí a deich? Más go hainnis, olc, cantalach, cráite atá tú roghnaigh uimhir a haon ar an scála.

Ach más ríméadach, gliondrach, lúcháireach atá tú, lean ort agus cuir tic ar uimhir a deich, nár laga Dia thú!

B’fhéidir go bhfuil tú áit éicint idir an dá uimhir, cuibheasach gan a bheith maíteach. Leag an biro síos ar lár an scála mar sin, áit éicint idir a ceathair is a sé, agus cuir maircín beag air.  

Tá an chuid is mó againn in Éirinn sásta go leor de réir Tuairisc Bhliantúil an tSonais Dhomhanda de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh Dé Luain seo caite. Is í Éire an 15ú tír is áthasaí sa domhan, de réir na tuarascála.

Roghnaíodh Dé Luain mar gurbh é Lá Idirnáisiúnta an tSonais a bhí ann. Cheap mé go mb’fhéidir gur feachtas fógraíochta eile de chuid Candy Crush Saga a bhí ann nó go bhfaca mé na Náisiúin Aontaithe luaite leis.

Cuireadh tús le lá an tsonais in 2012 nuair a ghlac gach tír i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe le rún go gcuirfí tús leis mar gheall ar a thábhachtaí agus atá an sonas i saol an duine.

Rún cliste go maith a bhí ann. Fiú dá mbeifeá i do bhligeard críochnaithe, ní fhéadfá vótáil in aghaidh lá an tsonais. Chaithfeá do vóta a chaitheamh ar son an áthais, fiú dá mbeifeá lá is oíche ag obair ar ghás nimhneach agus buamaí núicléacha. Bheifeá ag iarraidh go ndéarfaí fút sa deireadh thiar, ‘Muise ní raibh an diabhal bocht go dona, nár vótáil sé do lá an tsonais?’

Bhí dea-scéala do mhuintir na hÉireann i dtuairisc áthais na bliana seo. Is cosúil nár bhain an ghéarchéim eacnamaíochta ná na polasaithe déine an oiread sin asainn sa deireadh thiar. Nó má bhain féin, ní raibh éinne sásta é a rá le muintir an tsuirbhé.

With respect to the post-2007 economic crisis, the best examples of happiness maintenance in the face of large external shocks were Ireland and especially Iceland. Both suffered decimation of their banking systems as extreme as anywhere, and yet suffered incommensurately small happiness losses. – The World Happiness Report, 2017

Tá an chuma air nach bhfuil taighdeoirí áthais na Náisiún Aontaithe in ann tóin ná ceann a dhéanamh den toradh seo. D’fheicfeá an mheitheal taighde agus iad ag tochas a gcinn.

‘Ach cén chaoi a bhfuil áthas ar na hamadáin seo? Nach raibh an troika sa mullach orthu, tá fiacha orthu nach nglanfar go deo agus leath na tíre gafa ag obair sna mianaigh i Perth na hAstráile?’

Tá teoiric acu, áfach.

Deir siad sa tuairisc go bhfuil argóint ann go mb’fhéidir go bhfuil creatlach láidir shóisialta againn in Éirinn a thug cosaint dúinn in aghaidh na géarchéime. An tomhas atá in úsáid chun láidreacht na creatlaí sóisialta sin a mheas ná an leibhéal muiníne atá againn as institiúidí na tíre agus caighdeán na n-institiúidí sin. Is cosúil go bhfuil ag éirí go maith linn.

Cé nach n-athraíonn sé rud ar bith dáiríre, caithfidh mé a rá gur chuir sé áthas orm gur tháinig Éire isteach ag uimhir a 15 ar innéacs domhanda an áthais.

Chaithfeadh gur fiú rud éicint é mana na nÉireannach:  ‘Dhera, ní raibh mórán againn ach ina dhiaidh sin fhéin bhí muid happy!’