CATHAL MAC COILLE: Éirimeacht? Níltear á hiarraidh ach ní féidir í a chur as an áireamh…

Dá n-athródh an léargas, ní fhéadfaí a chur as an áireamh go dtiocfaí ar mhalairt aigne faoinár mballraíocht san AE

CATHAL MAC COILLE: Éirimeacht? Níltear á hiarraidh ach ní féidir í a chur as an áireamh…

 Tá súil againn go léir go dtiocfaidh ionadaithe an AE agus na Ríochta Aontaithe ar chomhthuiscint de réir mar a chuirtear Brexit chun cinn.

Ach…  

Abair go nglactar leis nach mbeidh leas na hÉireann, thuaidh ná theas, ar bharr liosta na riachtanas a bheas á meá i Londain agus ar fud na hEorpa nuair a bheidh Brexit á phlé dáiríre.

Abair nach mbeidh an dá thaobh ábalta rialacha nua inimirce a aontú mar chomhréiteach idir an smacht iomlán ar inimirce ón AE a theastaíonn ón mBreatain agus an saorchead gluaiseachta do shaoránaigh an AE atá deimhnithe i ndlí an Aontais.

Abair, go háirithe más Brexit ‘crua’ atá beartaithe ag an mBreatain, nach mbeifear ábalta teacht ar chomhréiteach tráchtála agus custaim nach gcuirfidh srianta ar gheilleagar an oileáin, nó ar chuid de.

 Más amhlaidh a bheidh, beidh an léargas polaitiúil agus eacnamaíochta i bhfad níos éiginnte ná mar atá faoi láthair.

Agus beidh beartais á meá nach bhfuil á lua ach ag corrdhuine faoi láthair.

Tá na príomhpháirtithe go léir meáite ar an tír a choinneáil mar bhallstát den AE agus laistigh de limistéar an Euro.  Ach dá n-athródh an léargas mar atá faoi chaibidil thuas, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaí ar mhalairt aigne faoinár mballraíocht san AE, nó san euro, ná sa dá chóras.

Ar ndóigh, d’oirfeadh sé don AE agus don Bhreatain araon teacht ar chomhréiteach.  Is é sin dá mbeadh stuaim á dtreorú. Ach fiú dá mbeadh, cuimhnigh go dteastaíonn fomhargadh fíorchasta chun déileáil le fadhbanna an oileáin seo chomh maith leis an bpríomh-mhargadh.

Níl seasamh na Breataine soiléir fós, cé gur fhógair Theresa May le gairid go gcuirfí fógra foirmiúil imeachta chun na Bruiséile san earrach.

Cuireadh dlús leis an ullmhúchán oifigiúil Angla-Éireannach nuair a casadh ard-rúnaithe as gach roinn stáit sa dá thír ar a chéile i Londain seachtain ó shin. Níor thosaigh an plé thuaidh-theas in aon chor fós.

Casfar Enda Kenny, Arlene Foster agus Martin McGuinness ar a chéile ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar an 18 Samhain.

Tá sé fíorthábhachtach, a dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt, go dtiocfadh na páirtithe i Stormont ar chomhthuairim roimh an gcruinniú sin. Ní léir comhthuiscint dá leithéid fós agus, arís, ní haon chabhair í an neamhchinnteacht i Londain.

Níl cuntas iomlán thuas ar na mórathruithe seachtracha nach féidir a chur as an áireamh, ná ar an dóigh a bhféadfaí ceisteanna faoi Éirimeacht a dhúiseacht amach anseo.

Rinne Wolfgang Munchau ó eurintelligence.com cur síos sa Financial Times Dé Luain ar na fáthanna, dar leis, nach mairfidh ár gcur chuige eacnamaíochta – cur chuige atá bunaithe, dar leis, ar cháin íseal chorparáideach agus ar sheachaint dhlíthiúil cánach a thairiscint d’infheisteoirí ón iasacht.

Ní shíleann Munchau gur leor dul in éag an chur chuige sin chun Éirimeacht a chur chun cinn.

Ach, scríobh sé ina cholún go neartódh an cás i bhfabhar Éirimeachta murar féidir le hÉirinn teacht ar mhúnla nua eacnamaíochta, mura n-éiríonn le limistéar an euro na fadhbanna atá ag bagairt i gcónaí a réiteach, agus dá léireofaí go mbeadh costas ró-ard ag baint le Brexit.

Anois, b’fhéidir go bhfuil Munchau ag dul thar fóir lena éadóchas. B’fhéidir nach rachaidh gach rud chun donais agus Brexit á chur i bhfeidhm

Tagann aiteall tar éis gach cith. Ach go minic teastaíonn scáth báistí sara i bhfad.

Theastódh fíordhroch-aimsir sara mbeadh ar an rialtas Éirimeacht, nó leath-Éirimeacht (aistarraingt ón euro) a bhreithniú. Faraor, níl tuar na haimsire cinnte ná baol air.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon