‘Broim Time’ 1916 agus ‘foréigean na hÉireann’

Cá bhfaightear iad, na hAontachtóirí seo a bhíonn ag pápaireacht faoi Éirí Amach 1916? Nach macánta go mór iad an DUP agus an UVF féin?

Kevin Myers, Patsy McGarry agus Ruth Dudley Edwards ar an gclár Prime Time.
Kevin Myers, Patsy McGarry agus Ruth Dudley Edwards ar an gclár Prime Time

Bhíos ag féachaint air go deas ciúin sámh suaimhneach an oíche cheana, clár Prime Time RTE 1 ar Éirí Amach na Cásca. Fonn suí siar orm, mar a bhíonn tar éis obair an lae, ach níorbh fhada go rabhas im lándúiseacht agus baol ar an gcat. Nocht clár RTE chugam as mo thoirchim suain, agus b’in sin.

Ní hé go raibh an chéad chuid go dona amach is amach, bíodh go raibh gach dícheall á dhéanamh a bheith chomh neamhchlaon sin gur róbhaol go leagfaí i lár an bhóthair é. An tríú cuid, bhí leamh go maith, mar ní raibh ann ach cuimhní cinn atá go maith iontu féin, ach mura bhfuil scéal corraitheach pearsanta éigin ina lár níl i ndán go mbéarfaidh greim gabhail ort.

Ba é an darna cuid, áfach, a chuir an cat i mbaol. Bhíodar ann ina dtriúr is ina dtriúr, dhá thaobh na sráide. Is é sin le rá, ba é port an stáisiúin náisiúnta ná go raibh dhá thaobh ag baint leis an Éirí Amach – iad siúd a bhí ar son neamhspleáchas na tíre a bhaint amach san aon tslí amháin a bhféadfaí sin a dhéanamh, agus iad san gur theastaigh íobairt fola na hImpireachta uathu.

Ar thaobh amháin, mar sin, Éamon Ó Cuív agus Michael McDowell ag cosaint a seanaithreacha araon, fara le Ronan Fanning, staraí agus údar ar leabhar faoi De Valera le déanaí. Sa chúinne thall bhí Kevin Myers agus Patsy McGarry agus Ruth Dudley Edwards, agus mura bhfuil a fhios agat cad a bhí á rá acu, ní raibh tú beo le cúpla bliain anuas.

Ní hé an tÉirí Amach a bhí á phlé, dáiríre, ach foréigean. Anois, níl deacracht ar bith agamsa le duine ar síochánaí é ar nós Francis Sheehy Skeffington, nó na mílte Sasanach cróga sin a roghnaigh an príosún dóibh féin sa chéad (agus sa dara) chogadh mór mar mhalairt ar dhaoine a mharú. Seasamh uasal, dínitiúil, inchosanta é, agus b’fhearrde an domhan na milliúin díobh a bheith ann, agus go háirithe i gcumhacht. Is misniúla go mór an cleite bán ná an buama ón aer.

Ach in ainneoin a ndearcadh faoi dhoirteadh fola Éirí Amach 1916, bíonn dearcadh ní ba oscailte ag daoine áirithe faoi fhoréigean eile na linne sin. Is minic Myers ag móradh na cogaíochta móire, dúirt Edwards go raibh áthas uirthi gur throid Éireannaigh in arm na himpireachta in aghaidh na Gearmáine, agus uair ar bith gur tarraingíodh an Somme nó ollmharú eile isteach, sheachain McGarry aon cheangal a dhéanamh leis. Is é sin le rá, déarfá nach raibh aon fhadhb le haon duine acu leis an bhforéigean; bhí fadhb acu le foréigean na hÉireann.

Gabhann níos doimhne ná sin. Mo thuairim féin, duine ar bith a bhíonn ag magadh nó ag spochadh as seachtain na Cásca gur daoine iad gurbh fhearr leo nach mbeadh stát Éireannach neamhspleách ann in aon chor in aon chor. Ní déarfar chomh lom sin amach é, ach sin é cnag na cúise.

Agus ina dhiaidh sin, bhí an chéad chuid de chlár Sur Bob Geldof ar Yeats. Bladar, bladhmann, bulshaight, béalbhroimneach ó thús go deireadh.

Bhuel, ní ar fad. Nuair a chloígh sé leis an bhfilíocht féin, bhí chomh hoilte le dalta meánscoile ar bith. Ach níor chuaigh stad ar a chuid dradaireachta ach nach raibh aon bheann ag Yeats ar an bhforéigean, bhí Yeats in aghaidh an fhoréigin, níor ghá do Yeats foréigean a dhéanamh… Agus gach cliché mar gheall ar stát na hÉireann ag sileadh mar shúlach óna bhruasa.

Cá bhfaightear iad, na hAontachtóirí seo? Nach macánta go mór iad an DUP agus an UVF féin?