‘Broim Time’ 1916 agus ‘foréigean na hÉireann’

Cá bhfaightear iad, na hAontachtóirí seo a bhíonn ag pápaireacht faoi Éirí Amach 1916? Nach macánta go mór iad an DUP agus an UVF féin?

Kevin Myers, Patsy McGarry agus Ruth Dudley Edwards ar an gclár Prime Time.
Kevin Myers, Patsy McGarry agus Ruth Dudley Edwards ar an gclár Prime Time

Bhíos ag féachaint air go deas ciúin sámh suaimhneach an oíche cheana, clár Prime Time RTE 1 ar Éirí Amach na Cásca. Fonn suí siar orm, mar a bhíonn tar éis obair an lae, ach níorbh fhada go rabhas im lándúiseacht agus baol ar an gcat. Nocht clár RTE chugam as mo thoirchim suain, agus b’in sin.

Ní hé go raibh an chéad chuid go dona amach is amach, bíodh go raibh gach dícheall á dhéanamh a bheith chomh neamhchlaon sin gur róbhaol go leagfaí i lár an bhóthair é. An tríú cuid, bhí leamh go maith, mar ní raibh ann ach cuimhní cinn atá go maith iontu féin, ach mura bhfuil scéal corraitheach pearsanta éigin ina lár níl i ndán go mbéarfaidh greim gabhail ort.

Ba é an darna cuid, áfach, a chuir an cat i mbaol. Bhíodar ann ina dtriúr is ina dtriúr, dhá thaobh na sráide. Is é sin le rá, ba é port an stáisiúin náisiúnta ná go raibh dhá thaobh ag baint leis an Éirí Amach – iad siúd a bhí ar son neamhspleáchas na tíre a bhaint amach san aon tslí amháin a bhféadfaí sin a dhéanamh, agus iad san gur theastaigh íobairt fola na hImpireachta uathu.

Ar thaobh amháin, mar sin, Éamon Ó Cuív agus Michael McDowell ag cosaint a seanaithreacha araon, fara le Ronan Fanning, staraí agus údar ar leabhar faoi De Valera le déanaí. Sa chúinne thall bhí Kevin Myers agus Patsy McGarry agus Ruth Dudley Edwards, agus mura bhfuil a fhios agat cad a bhí á rá acu, ní raibh tú beo le cúpla bliain anuas.

Ní hé an tÉirí Amach a bhí á phlé, dáiríre, ach foréigean. Anois, níl deacracht ar bith agamsa le duine ar síochánaí é ar nós Francis Sheehy Skeffington, nó na mílte Sasanach cróga sin a roghnaigh an príosún dóibh féin sa chéad (agus sa dara) chogadh mór mar mhalairt ar dhaoine a mharú. Seasamh uasal, dínitiúil, inchosanta é, agus b’fhearrde an domhan na milliúin díobh a bheith ann, agus go háirithe i gcumhacht. Is misniúla go mór an cleite bán ná an buama ón aer.

Ach in ainneoin a ndearcadh faoi dhoirteadh fola Éirí Amach 1916, bíonn dearcadh ní ba oscailte ag daoine áirithe faoi fhoréigean eile na linne sin. Is minic Myers ag móradh na cogaíochta móire, dúirt Edwards go raibh áthas uirthi gur throid Éireannaigh in arm na himpireachta in aghaidh na Gearmáine, agus uair ar bith gur tarraingíodh an Somme nó ollmharú eile isteach, sheachain McGarry aon cheangal a dhéanamh leis. Is é sin le rá, déarfá nach raibh aon fhadhb le haon duine acu leis an bhforéigean; bhí fadhb acu le foréigean na hÉireann.

Gabhann níos doimhne ná sin. Mo thuairim féin, duine ar bith a bhíonn ag magadh nó ag spochadh as seachtain na Cásca gur daoine iad gurbh fhearr leo nach mbeadh stát Éireannach neamhspleách ann in aon chor in aon chor. Ní déarfar chomh lom sin amach é, ach sin é cnag na cúise.

Agus ina dhiaidh sin, bhí an chéad chuid de chlár Sur Bob Geldof ar Yeats. Bladar, bladhmann, bulshaight, béalbhroimneach ó thús go deireadh.

Bhuel, ní ar fad. Nuair a chloígh sé leis an bhfilíocht féin, bhí chomh hoilte le dalta meánscoile ar bith. Ach níor chuaigh stad ar a chuid dradaireachta ach nach raibh aon bheann ag Yeats ar an bhforéigean, bhí Yeats in aghaidh an fhoréigin, níor ghá do Yeats foréigean a dhéanamh… Agus gach cliché mar gheall ar stát na hÉireann ag sileadh mar shúlach óna bhruasa.

Cá bhfaightear iad, na hAontachtóirí seo? Nach macánta go mór iad an DUP agus an UVF féin?

Fág freagra ar '‘Broim Time’ 1916 agus ‘foréigean na hÉireann’'

  • Eoin

    Mura chuir na Briotanaigh stop leis na Gearmánaigh sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda is dócha go gcuirfí an Ghearmáin faoi chois sinn agus go mbeimis faoi riail stát a bhí i bhfábhar na heoiginice agus a bhí den tuairim gurb é an cine Gearmánach an ardchine an domhain, rud a thug an cead dóibh gach cine eile a chuir faoi chois. Ní na Naitsithe amháin a chreid seo ach míleataithe Gearmánacha an chéad chogadh domhanda freisin. Mar shampla, Friedrich von Bernhardi, ginearál Prúiseach, a scríobh an leabhar Deutschland und der Nächste Krieg (An Ghearmáin agus an Chéad Chogadh eile) inar dúirt sé ‘everywhere the right of the strong reigns’ agus gur gá cogadh a fhearadh ‘to eliminate the weak’. Bhí an-díol ar an leabhar seo roimh an gCéad Chogadh Domhanda agus bhí míleataithe na Gearmáine go mór faoi anáil na smaointe ann sa chéad agus sa dara cogadh domhanda.

    Caithfear é seo a chur in áireamh i gcomhthéacs an Éirí Amach. Bíonn Myers agus Dudley Edwards buartha go dtugtar neamhaird ar bhaol na Gearmáine san am, agus an chaoi a raibh Éire i bhfiacha don Bhreatain as cosaint a thabhairt don dúinn i gcoinne na Gearmáine. Dar leo go raibh bunús morálta leis an bhfoiréigean i gcoinne na Gearmáine mar gur troid i gcoinne an oilc a bhí i gcúis na Breataine sa chéad agus an dara cogadh domhanda.

    Sa chomhthéacs seo, bhí an ceart ag George Orwell:

    “Pacifism is objectively pro-fascist. This is elementary common sense. If you hamper the war effort of one side, you automatically help out that of the other. Nor is there any real way of remaining outside such a war as the present one. In practice, ‘he that is not with me is against me’.”

    Is í an cheist mhór ná: an mb’fhearr le lucht 1916 a bheith faoi impireacht na Gearmáine ná imoireacht na Breataine? Is cosúil go raibh (‘gallant allies’ san fhorógra). Ciallaíonn sé seo go mbeidís sásta bheith faoi riail impireacht a bhí sásta fo-chiní a dhíothú agus eoiginic a chleachtadh ar bhaill den phobal a raibh droch-bhail go fisiciúil orthu.

    • Fearn

      “Is í an cheist mhór ná: an mb’fhearr le lucht 1916 a bheith faoi impireacht na Gearmáine ná impireacht na Breataine?”

      Nach raibh an freagra ag Arm Cathartha na hÉireann?: Ní fhónaimid do King ná do Kaiser ach d’Éirinn.

      Ach go raibh maith agat as taobh na nAondachtaithe a mhíniú arís dúinn.

      • Eoin

        Is iad na Gearmánaigh a sholáthraigh airm dos na hóglaigh. Mura éirigh leis na Briotanaigh an Ghearmáin a chloí sa dá chogadh domhanda, is dócha go ndéanfadh an Ghearmáin sinn a chur faoina smacht (ní raibh orainn ach fo-chine dar leo siúd). Chuir Impreacht na Gearmáine tíortha beaga eile faoi chois le linn an dá chogadh domhanda, faoi mar is eol duit is cinnte. An dóigh leat nach ndéanfaidís iarracht amhlaidh a dhéanamh in Éirinn? Ní raibh orainn aghaidh a thabhairt ar an nGearmáin mar gur éirigh leis na Comhghuallaithe iad a bhualadh. Ach trí chur isteach ar fheachtas cogaíochta na Breataine sa chéád chogadh domhanda trí Éirí Amach a chur ar bun, is ag cabhrú leis na Gearmánaigh a bhí ceannairí 1916.

        Táim ag tarraingt airde ar idé-eolaíocht na Gearmáine sa dá chogadh domhanda mar is cosúil go bhfuil Alan ag moladh na ndaoine a dhiúltaigh troid a dhéanamh i gcoinne na Gearmáine sa dá chogadh (‘Anois, níl deacracht ar bith agamsa le duine ar síochánaí é ar nós Francis Sheehy Skeffington, nó na mílte Sasanach cróga sin a roghnaigh an príosún dóibh féin sa chéad (agus sa dara) chogadh mór mar mhalairt ar dhaoine a mharú.’) Dar le hAlan gur dream cróga iad siúd a dhiúltaigh dul chun troda gcoinne na Naitsithe nuair ba léir nach bhféadfaí bac a chur ar Hilter ach trí fhoiréigean a úsáid ina choinne. Murach na Briotanaigh agus na Comhghuallaithe eile a sheas i gcoinne na Gearmáine, is dócha go gcuirfeadh an Ghearmáin faoina riail sinn, pé acu sa chéad nó sa dara cogadh domhanda. Is gá ‘taobh na nAontachtaithe’ a mhíniú mar nach dtéann Alan i ngleic leis na hargóintí atá acu ach caitheann sé anuas orthu gan plé a dhéanamh ar chomthéacs an Chéad Chogadh Domhanda nó aidhmeanna na Gearmáine.

    • Críostóir Ó Faoláin

      Sé an fhirinne lom ná ní bheadh Impireacht na Gearmáine le linn an Céad Cogadh Mór pioc níos measa ná Impireacht na Breataine a bhí againn. Tá trácht agat ag chupla Gearmánaigh a bhí den tuairim gur ionann ‘neart’ agus ‘ceart’? Dá raibh roinnt Gearmánaigh den tuairim sin ag an am, is féidir stáit na Breataine a chur sa bhád cheana leo, is é an troeiric cheana a bhí á chur i bhfeidhm ag Impireacht na Breataine anseo agus ar fud an domhain mhór le linn na haoise sin agus ar fead na céadta bliana roimhe sin. Nó an nglacann tú le bolscaireacht na Brataine gur ar mhaithe linne agus ar mhaithe le muintir na hAifrice agus an Ind go raibh ionsaí agus scrios déanta orthu agus orainn agus seilibh glactha ar mhaoin, saibhreas agus tailte na daoine sin? Bheadh muid níos fearr as ar go leor slite dá raibh an bua ag Impireacht na Gearmaine sa céad cogadh mór, ní raibh aon nimh sa fuill ag stáit na Gearmáine i gcoinne ár dteanga ná ár gcultúr, bhí córas oideachas na Gearmáíne i bhfad chun cinn ar ‘Murder Machine’ na Breataine agus ní raibh aon rud taobh istigh de scread asal sa Ghearmáin cosúil le ‘Bloody Code’ na Breataine a d’fhág na mílte marbh ó cheann ceann na bliana.

      • Eoin

        Bhí na Briotanaigh go dona ach ní Faisistigh a bhí iontu, murab ionann le rialtóirí an dara agus an tríú reich.

        Níl aon cheist ach go raibh an dara agus an tríú Reich i bhfad níos measa ná na Briotanaigh: cuireadh an Darwineachas sóisialta chun cinn i gcóras oideachais na Gearmáine le linn ré Wilhelm agus i bpoblacht Weimar: https://darwintohitler.com/. Bhí go leor míleataithe in arm na Germáine den tuairim gur cheart dóibh cogadh a fhearadh chun fo-chiní a dhíothú. Ní féidir stát na Breataine a chur ‘a bhád céanna’ leo. Bhí an frith-Sheimíteachas agus an ciníochas ar scála i bhfad níos measa sa Ghearmáin. Na Gearmánaigh ba chúis le tús a chur leis an dá chogadh domhanda.

        Sa chomhthéacs seo, ba ghá don Bhreatain agus na Comhghuallaithe troid a dhéanamh ar son shibhialtacht na hEorpa a shábháil ó umar na haimléise. Tá iontas orm go mb’fhearr leatsa cead a gcinn a thabhairt do na Gearmánaigh. An mbeadh bá agaibh le hAiltirí na hAiséirí, a bhí ar aon tuairim leat? https://www.historyireland.com/20th-century-contemporary-history/ailtiri-na-haiseirghe-irelands-fascist-new-order/

        • Fearn

          Chaith tú bua le d’fhreagairt, a Eoin, ach i gcead duit, tá d’argóint ag pocléimneach amhail cearc ag damhsa ar ghreideall brúite.

          Tá Seachtain na Cásca 1916 i dtreis againn, ach tarraingíonn tú Naitsíochas isteach sa chompal. Ar an dóigh chéanna nach léimfá ar aghaidh fiche bliain eile agua an Cogadh Fuar a tharraing isteach? Is dóigh go ndéarfá, leis an réasúnacht chéanna, go ba cheart d’Éirinn dul i bpáirt le cogaí Meiriceá cionn is go raibh siad ag coinneáil srian ar an APSS cumhacht a ghabháil ar fud an domhain! Preit, a dhuine.

          Bhí ciall ag Arm Cathartha na hÉireann. Bhí ciall ag Taoiseach na hÉireann le linn an Dara Chogadh Domhanda, nuair a dúirt sé go gcuirfeadh muid in aghaidh an chéad ionraitheoir Sasanach nó Gearmánach.

          • Eoin

            Is ag cur i gcoinne shíocháineachas Alan Titley a bhí mé dáiríre i gcomhthéacs an chéad agus an dara cogadh domhanda nuair a deir sé: ‘Anois, níl deacracht ar bith agamsa le duine ar síochánaí é ar nós Francis Sheehy Skeffington, nó na mílte Sasanach cróga sin a roghnaigh an príosún dóibh féin sa chéad (agus sa dara) chogadh mór mar mhalairt ar dhaoine a mharú. Seasamh uasal, dínitiúil, inchosanta é, agus b’fhearrde an domhan na milliúin díobh a bheith ann, agus go háirithe i gcumhacht. Is misniúla go mór an cleite bán ná an buama ón aer.’ Is ionann sin agus a rá go ligfeadh Alan dos na Gearmánaigh an bua a fháil.

            Ní raibh mórán difir idir idé-eolaíocht an dara agus an tríú Reich i dtaobh a bhfoinsí ionsparáide: Darwineachas sóisialta agus an tuairim a bhí ann gur gá cogadh a fhearadh chun réim ‘ardchine na nGearmánach’ a chur ar bun. I gcoinne namhaid den chineál sin, is ionann bheith i do shíochánaí agus géilleadh. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm Faisistigh a ghlaoch ar an dara Reich mar nach raibh an téarma sin in úsáid ina leith san am, ach is cinnte gur réamhtheachtaithe de chuid na Naitsithe a bhí iontu.

            Bhí Éireannaigh ann a raibh bá acu leis na Gearmánaigh sa chéad agus sa dara cogadh domhanda agus a d’fháilteodh roimh bhua Gearmánach. Dar liom féin gur tubaiste a bheadh ann don tsibhialtacht Eorpach dá tarlódh sé sin agus tá áthas orm go raibh na Briotanaigh agus Comhghuallaithe eile ann chun stop a chur leo, agus gur chabhraigh go leor Éireannach leo é sin a dhéanamh. Ach caitheann Alan anuas ar na fir a throid i gcoinne na Gearmáine agus b’fhearr le Criostóir go mbeadh an bua ag impireacht na Gearmáine, rud is aisteach dom.

          • Fearn

            A Eoin ,

            Tá mo thcht ag Déardaoin, Márta 31 2016 ag 12:36 pm ina fhreagairt ar do thecht aig Dé Máirt, Márta 29 2016 ag 8:28 pm

  • Fearn

    Tá Alan os cionn buille mar is oircheas dó.

  • Ruairi s. O'Donaill

    Is ridire anois e Bob Geldof agus bionn de dhualgas air a leitheid a bheith de shior ag ‘LOOKING OUT FOR NO 1’ Dealraitear afach gur rinne se a ‘uimhir a do’ ar an chlar faoi Yeats bocht! Is suimiul gur scrudaigh Alan Titley an lathair agus dearbhuigh se gur ‘BULSHAIGHT’ fagadh ann!!! An bhfuil se cinnte de sin? Ta a ‘PILE’ deanta cheana ag an ridire uasal seo o Sainn Lego!!!!!!!!