BREXIT: Ba cheart don Bhreatain socrú síos di féin – taobh amuigh den seomra ranga

Tá a gcinneadh déanta ag muintir na Breataine. Tá sé in am a bheith praiticiúil anois, a scríobhann ár gcolúnaí

LÉARÁID: CÓS/Tuairisc.ie
LÉARÁID: CÓS/Tuairisc.ie

Agus an t-alt seo á scríobh, níl sé curtha in iúl go hoifigiúil ag an mBreatain don Eoraip go fóill go bhfágfaidh sí an tAontas Eorpach. Tá príomhaire na Breataine, David Cameron, ag iarraidh an fhreagracht don rince reachtúil a bhainfidh le hAirteagal 50 a chur ar ghuaillí an té a thiocfas i gcomharbacht air. Lena chois sin d’fhéadfadh parlaimintí Westminster (na Breataine) agus Holyrood (na hAlban) cor a chur sa scéal fós. 

Sin ráite, tá a gcinneadh déanta ag muintir na Breataine. Agus tá a ngoimh faoin gcinneadh sin curtha in iúl ag an gcuid is mó den chuid eile den Eoraip.

Tá sé in am a bheith praiticiúil anois.

Ní bheadh sé ciallmhar reifreann eile a ghairm sa Bhreatain ag an bpointe seo, mar atá á éileamh ag an taobh nár éirigh leo i reifreann na seachtaine seo caite. Tuilleadh éiginnteachta an toradh a bheadh air sin agus rud é sin nach bhfuil ag teastáil ó éinne.

Dhéanfadh sé leas na Breataine, agus na hEorpa, dá gcaithfeadh an Bhreatain tamall sa phasáiste taobh amuigh den seomra ranga. 

Ní mar a bheadh sí á smachtú, mar a bheadh cailín dána. 

Ach chun am a thabhairt di teacht ar ais chuici féin ón taom feirge a bhuail í gan tuilleadh damáiste a dhéanamh di féin ná do na daltaí eile sa rang.

Má theastaíonn uaithi filleadh ar an seomra ranga in am trátha, is féidir sin a phlé.

Má theastaíonn uaithi freastal ar scoil eile – tabharfaimid ‘Coláiste an Chomhlathais’ air – beidh an rogha sin aici.

An rud is tábhachtaí anois ná an cailín seo, atá tar éis dochar síceolaíoch dochreidte a dhéanamh di féin agus do na daltaí eile, a thionlacan amach as an seomra ranga go ciúin, socair.

Tá sé le tuiscint go dteastódh ón gcuid eile de na daltaí sa rang í a dhíbirt as an seomra ranga a luaithe agus is féidir.

Tá fearg orthu agus an ceart sin acu tar éis na maslaí a chaith an cailín leo. 

Ach ní bheadh sé ciallmhar í a chiceáil amach le teann díoltais.

Caithfear breith ar lámh uirthi agus í a threorú amach. D’uireasa múinteoir a dhéanfadh an beart sin (ní gnáthcholáiste é Coláiste an Aontais Eorpaigh), luíonn sé le réasún gurb iad na daltaí a bhí ina suí in aice leis an mBreatain, agus is mó a aireoidh uathu a comhluadar, a thabharfadh an lámh chúnta sin di.

Is iad Éire agus an Ísiltír (móide Málta, an ballstát is lú, agus dá bhrí sin, is lú cumhacht san Aontas Eorpach) na ballstáit is mó a mbeidh tionchar ag imeacht na Breataine ón Aontas orthu.

Ba cheart go léireodh na tíortha sin ceannasaíocht san idirbheartaíocht atá romhainn.

Bíodh ‘idirbheartaíocht neamhfhoirmeálta’ i gceist i dtosach báire más gá; caithfear tús a chur léi agus í a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir. 

Seasfaidh an Bhreatain amach sa phasáiste. Dúnfar doras an tseomra ranga ina diaidh. Ach caithfear a chinntiú go mbeifear in ann é a oscailt arís in am trátha.

Idir an dá linn, tá rud amháin soiléir.

Mura bhfágann an Bhreatain an seomra ranga  – .i. má thugtar neamhaird ar thoradh reifreann na seachtaine seo caite – ní ghlacfar i ndáiríre le haon reifreann dá leithéid go brách arís: sa Bhreatain, san Ísiltír, sa Fhrainc, san Ungáir ná in Éirinn.

Agus is maith sin.

Tar éis an chaoi ar scoilt an reifreann faoin mBreatimeacht sochaí na Breataine, ba cheart go dtuigfí faoi dheireadh is faoi dheoidh nach uirlis inmholta é an reifreann chun cinneadh a dhéanamh faoi cheisteanna casta de chineál ar bith.