An tríú duine básaithe inniu in eachtra a tharla le linn stoirm Ophelia

De réir tuairiscí maraíodh duine tráthnóna nuair a bhuail crann a charr agus é ag tiomáint ó thuaidh de Dhún Dealgan

An tríú duine básaithe inniu in eachtra a tharla le linn stoirm Ophelia

Tuairiscítear go bhfuil an tríú duine básaithe inniu in eachtra a tharla le linn na stoirme Ophelia.

De réir tuairiscí maraíodh duine tráthnóna nuair a bhuail crann a charr agus é ag tiomáint ó thuaidh de Dhún Dealgan.

Níos túisce inniu maraíodh fear sna 30idí i dtimpiste i dTiobraid Árann.

Maraíodh é agus é ag gearradh crainn a thit ar an mbóthar taobh amuigh den Chathair le sábh slabhraí. Gortaíodh leis an sábh é agus fuair sé bás. Aistríodh a chorp go hOspidéal Chluain Meala.

Tá iarrtha arís eile ag an nGarda Síochána ar an bpobal fanacht istigh agus gan taistil le linn na stoirme agus ina diaidh mura mbíonn géarghá leis an turas. Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí tráthnóna go mbeidh contúirt ann fiú i ndiaidh na stoirme mar gheall ar chrainnte a bheith tite, smionagar a bheith caite ar na bóithre agus fuarlaigh a bheith in áiteanna.

Maraíodh bean sna caogaidí i bPort Láirge nuair a thit crann ar a carr. Bhí sí ag tiomáint gar don Eaglais in iarthar an chontae, in éineacht le bean eile, atá sna seachtóidí, nuair a leag an ghaoth an crann.

Gortaíodh an bhean eile agus aistríodh go hOspidéal Réigiúnach Phort Láirge, áit a bhfuil cóir leighis á cur uirthi faoi láthair.

Fág freagra ar 'An tríú duine básaithe inniu in eachtra a tharla le linn stoirm Ophelia'